Má tá na Sasanaigh ina staicín áiféise mar gheall ar an mBreatimeacht, is measa an muid féin

Ní thabharfar tús áite d’fhadhbanna na hÉireann san idirbheartaíocht atá le teacht, agus céard ab fhiú an cúlstop ansin?

Má tá na Sasanaigh ina staicín áiféise mar gheall ar an mBreatimeacht, is measa an muid féin

Faoi dheireadh na seachtaine seo beidh an Bhreatain taobh amuigh den Aontas Eorpach nó beidh síneadh ama ann go dtí an 22 Bealtaine le reachtaíocht a chur tríd an bparlaimint in Westminster le feidhm a thabhairt don mhargadh imeachta.

Agus fiú gan mhargadh, má chuireann an Bhreatain in iúl faoin 12 Aibreán go bhfuil siad sásta páirt a ghlacadh sna toghcháin Eorpacha, beidh síneadh ama fada le fáil acu.

’Sea, tá na fórsaí frithdhaonlathacha sa mBreatain, sa tír seo agus i gcuid den Eoraip, fós ag iarraidh séideog na beatha a chur sa seachmall go ndéanfar an Breatimeacht a chur ar ceal, trí Alt a 50 a aistarraingt nó trí leas a bhaint as síneadh ama fada.

Ach is cosúil go bhfuil foighid a lán ceannairí san Aontas nach mór ídithe agus tuiscint f anois acu nach bhféadfadh an Bhreatain feidhmiú a thuilleadh san Aontas fiú dá gcuirfí an Breatimeacht ar ceal.

Dá gcuirfí an Breatimeacht ar ceal, trí olltoghchán nó athreifreann, bheadh an tír deighilte agus í lán binbe agus nimhe agus bheadh gach ceannaire sa Bhreatain ag breathnú feasta thar a ngualainn ar a bpobal sa mbaile.

Iad siúd, cosúil le Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince, atá ag iarraidh athchóiriú a dhéanamh ar an Aontas a dhéanfadh níos lárnaithe é, ní theastaíonn uathu go mbáfaí a gcuid brionglóidí i bportach pholaitíocht na Breataine.

Ar ndóigh, bhí dhá fhadhb ag baint leis an bpróiseas imeachta ón tús.  Ar an gcéad dul síos, dhiúltaigh na fórsaí frithdhaonlathacha glacadh le toradh an reifrinn agus d’oibrigh siad go díograiseach ar son an toradh a chur ar ceal.

Is cosúil gur mar sin a bhíonn i gcónaí maidir le cúrsaí na hEorpa. Bhí orainne vótáil arís faoi chonarthaí Nice is Liospóin nuair nár ghlac muid leo an chéad iarraidh. I gcás na Fraince is na hÍsiltíre, bhrúigh na parlaimintí tríd iad nuair a theip ar na reifrinn.

Cuireadh dhá bhliain idirbheartaíochta amú leis an seachmall go gcuirfí an Breatimeacht ar cheal, am ba chóir a bheith caite ag iarraidh réiteach a fháil ar na miondeacrachtaí a bheas ag saoránaigh – árachas cairr, táillí na bhfón soghluaiste is eile – agus ar na mórdheacrachtaí trádála.

Ní dhearnadh sin, agus anois tá muid ar bhruach na haille agus gan aon bhealach cinnte le héalú againn.

Tá sé éasca – agus tugann sé faoiseamh do roinnt tráchtairí  – an milleán a chur ar na Sasanaigh faoin bpraiseach atá ann anois. Cinnte tá margadh níos measa ar fáil mar gheall ar a n-iarracht éigiallmhar Tuaisceart na hÉireann a choinneáil leis an Ríocht Aontaithe. Murach sin ní bheadh aon ghá le cúlstop is bheadh sé níos éasca glacadh le margadh a mbeadh srian ama leis.

Ach ní mar gheall ar mhí-éifeachtacht atá an scéal ina phraiseach. Tá Sasana deighilte, agus ní raibh ceachtar taobh den argóint sásta aon rud a ghéilleadh ar fhaitíos go gcaillfidís chuile rud.  Creidim go raibh an lucht ba mhó ar son an Bhreatimeachta chomh dúr daingean sin toisc gur chreid siad go raibh iarracht ar siúl an Breatimeacht a chur ar ceal  – agus, ar ndóigh, bhí an ceart acu.

Ba chóir dúinne ar ndóigh suí síos ag an tús agus rudaí a oibriú amach go béasach, glacadh leis go mbeadh an Breatimeacht ann agus iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach nach gcuirfeadh isteach ar thrádáil na tíre seo leis an mBreatain agus nach gcuirfeadh teorainn chrua ar an oileán seo arís.

Ach ní mar sin a tharla.

Bhí muid sásta an scéal a fhágáil faoin Eoraip, gan labhairt muid féin, agus ní nach ionadh is muidne is mó a bheidh thíos leis an mBreatimeacht gan mhargadh.

Má tá na Sasanaigh ina staicín áiféise mar gheall ar an bpraiseach, is measa an staicín áiféise muid féin. Anois a fheicimid an dochar mór a d’fhéadfaí a dhéanamh dúinn! Dochar bhí inseachanta!

Ní bheidh deireadh, ar ndóigh, leis an scéal i ndiaidh imeacht na Breataine, mar beidh ar an mBreatain agus an tAontas socruithe nua trádála agus comhoibrithe a phlé. Ní fheicim ámh go dtabharfar tús áite d’fhadhbanna na hÉireann san idirbheartaíocht atá le teacht, agus ní mé céard ab fhiú an cúlstop sa riocht nua ina bheimid.

Beidh an Ghearmáin ag iarraidh a leas féin a chosaint, agus beidh an tAontas trí chéile gafa le fadhbanna eile –lagú na heacnamaíochta, socruithe trádála leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín agus tionchar na bpáirtithe sin a dtugtar na páirtithe Pobalacha orthu ar institiúidí an Aontais agus ar an bhFiontar Eorpach ar fad.

Cheana féin tá easaontas idir Macron is comharba Merkel, AKK, faoin athchóiriú ba chóir a dhéanamh ar an AE.  Tá an Iodáil ag iarraidh a socruithe féin a dhéanamh leis an tSín.  Tá páirtí frithEorpach nua tagtha chun cinn go mór san Ísiltír.

Agus muide?  Bhuel, tá muide ag fanacht go ciúin go dtí go socróidh na piardaí móra an scéal dúinn.  Ansin cuirfimid fáilte roimhe.

Fág freagra ar 'Má tá na Sasanaigh ina staicín áiféise mar gheall ar an mBreatimeacht, is measa an muid féin'