Má tá ghiúmar aicsin ort agus más féidir leat an áiféis a scaoileadh tharat…

Ní ceart Tom Cruise a mheas faoina chumas, mar seo an cúigiú misean dodhéanta aigea agus níl aon chuimhneamh aige a spéaclaí gréine a chaitheamh leis an gcúram

Mission Impossible

Mission Impossible – Rogue Nation
Stiúrthóir: Christopher McQuarrie
Cliar: Tom Cruise, Rebecca Ferguson, Jeremy Renner, Simon Pegg, Alec Baldwin, Ving Rhames, Sean Harris.

Tá nach mór fiche bliain gafa tharainn ó tháinig Ethan Hunt agus meitheal na gaisce san IMF (ní an dream sin a bhfuil tusa ag cuimhneamh orthu ach lucht an Impossible Mission Force, faoi mar a bhaisteann siad orthu féin le buaileam sciath) os ár gcomhair den chéad uair ar an scáileán mór. (B’fhéidir go raibh na fadhbanna ar thug Ajai Chopra fúthu abhus níos dúshlánaí ná aon ní a bhuail le hEthan Hunt agus a chomhghleacaithe i gcaitheamh na mblianta, ach fágaimis an scéal sin mar atá).

D’eascair an scannán sin i 1996 as dhá shraith teilifíse den teideal agus déanamh céanna; ceann i ndeireadh na seascaidí agus ceann i ndeireadh na n-ochtóidí. Cruthaíodh an scannán le hardán aicsin a thabhairt do Tom Cruise. Timpeall an ama sin bhí na cnuasaigh Leathal Weapon agus Die Hard ag tarraingt go leor airde ar Mel Gibson agus Bruce Willis faoi sheach, gan trácht ar Arnie an Terminator agus an Brosnachánach mar 007. Bhí táirge Cruise snasta, ach  foirmleach agus díorthach ag an am céanna.

An rud ba thábhachtaí nár gur thug sé a bheith istigh do Cruise in iomaire an aicsin. Baineadh na cosa uaidh, agus ó phiardaí eile an aicsin, i 2002 nuair a chuir The Bourne Identity an lucht féachana agus léirmheastóirí faoi dhraíocht. Sa saothar ceannródaíoch sin bhí na ciútraimintí, an tsuiríocht óinsiúil, an t-aicsean áiféiseach, agus na carúlacha grinn caite i dtraipisí. Ina leaba siúd bhí carachtar téagartha, aisteoir cumasach a raibh a dhintiúirí go maith aige agus aicsean réalaíoch a chuirfeadh tine ar do chraiceann. Ní raibh an dara suí sa bhuaile ag Craig agus meitheal an Bond nua ach lorg Bourne a leanúint i 2006. Cár fhág sin Ethan bocht? D’fhan sé dílis don seanmhúnla i gcónaí agus nuair a seoladh an triú gála i 2006, taibhsíodh dúinn go raibh buille an chnuasaigh tugtha.

Ní ceart Cruise a mheas faoina chumas, áfach, mar seo an cúigiú gála agus níl aon chuimhneamh aige a spéaclaí gréine a chaitheamh leis an gcúram. In ionad a bheith ag tóraíocht an réalachais, is amhlaidh atáid dulta malairt treo le ciútraimintí áiféiseacha agus míreanna aicisin a chuirfeadh náire ar lucht Fast and Furious. Ina theannta sin ar fad, tá an greann agus an chomrádaíocht tugtha isteach i lár an aonaigh. Sin an chúis gur earcaíodh Simon Pegg do ghála 2011.  Seo aicsean ar an seandéanamh gan aon agó. Ní gá dul i bhfad scéil le creatlach an phlota: buíon Hunt ag tóraíocht na mbithiúnach, aicsean agus Tom Cruise ag rith; ag rith gan stad.

Is deacair a chreidiúint go bhfuil Cruise anois trí bliana déag le cois an dá scór. Is ag dul in óige atá sé. Tá sé breá ábalta na míreanna acisin a dhéanamh, agus níl an chuma air (murab ionann agus Arnie agus Sly) go bhfuil sé chun a chromán a chur as alt.

Tá buille sa bhéim ag Cruise i gcónaí. Má tá ghiúmar aicsin ort agus más féidir leat an áiféis a scaoileadh tharat, bainfidh tú súp as ceardaí atá fós os cionn a bhuille.

Fág freagra ar 'Má tá ghiúmar aicsin ort agus más féidir leat an áiféis a scaoileadh tharat…'