Má tá Gaeilge agat agus tú ábalta í a scríobh, iarrfar ort colún a scríobh luath nó mall…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá dúil ar leith ag na Gaeil sa tuairimíocht agus is mór a meas ar thráchtairí dá réir, ach fainic thú féin an lá a n-iarrfar ort tabhairt faoi shraith colún! 

Má tá Gaeilge agat agus tú ábalta í a scríobh, iarrfar ort colún a scríobh luath nó mall…

Más scríbhneoir nó iriseoir le Gaeilge thú – nó go deimhin más duine le Gaeilge thú a mbeadh tuairimí láidre nó cur amach ar leith agat ar ábhar éigin – is mór an seans go n-iarrfar ort, lá cinniúnach i do shaol, tabhairt faoi cholún a scríobh. Dar liom go bhfuil dúil ar leith ag na Gaeil sa tuairimíocht agus gur mór a meas ar thráchtairí dá réir, ach cogar i do chluas: smaoinigh faoi i gceart sula nglacfaidh tú leis an tairiscint an lá cinniúnach sin a bhfaighidh tú ‘An Glaoch’.

Ceird ar leith í ceird an cholúnaí nach bhfuil éagsúil le ceird an chócaire.

Is cuimhin liom go dtí an lá inniu rud a dúirt cara liom nuair a bhunaigh mé teach caife i gcathair na Gaillimhe nach mór scór bliain ó shin.

‘Rud amháin is ea ceapaire amháin a dhéanamh. Bhainfeá sult as. Rud eile ar fad is ea ceapaire i ndiaidh ceapaire a dhéanamh, lá i ndiaidh lae.’

D’fhéadfá an rud céanna a rá faoin gcolún. Bíonn an léitheoir ag súil leis an téagar céanna i ngach eagrán, leis an stíl nó leis an tsúil ar leith a mheallann ar ais é – ach ní fhéadfá an ceapaire, gabh mo leithscéal, an colún céanna a chur os a chomhair arís is arís eile.

Ábhar a aimsiú, sin é an dúshlán is mó a bhíonn roimh an gcolúnaí sraithe.

Tá roinnt mhaith blianta caite agam féin ag plé le ceird na colúnaíochta. Faoi láthair, cuirim dhá cholún in aghaidh na seachtaine ar fáil ar na leathanaigh seo. Ach an gcreidfeá uaim go mbíonn cliseadh meabhrach agam faoi dhó sa tseachtain, nuair a smaoiním ar an scáileán bán sin a bheidh le líonadh agam?

Mar sin féin, creidim go mbeadh ar mo chumas roinnt comhairle a thabhairt do cholúnaí a bheadh ag tosú amach sa cheird.

Trí chogar a chuirfinn ina chluas:

– Roghnaigh réimse ábhar leathan. Seans go raibh mé ag dul thar fóir rud beag cúpla mí ó shin nuair a mhol mé ‘An Saol’ mar ábhar do cholúnaí eile, ach tuigeann tú leat mé: ní féidir sraith colún a tharraingt as tobar a thráfaidh roimh i bhfad.

– Coinnigh eagrán amháin de do cholún i dtaisce. Beidh tú in ann úsáid a bhaint as nuair a bheidh tú i bponc drochlá éigin (agus beidh.)

– Ná fág an colún don nóiméad deireanach. An lá roimh an spriocdháta mo spriocdháta féin.

Creidim go láidir go rachaidh oíche chodlata chun tairbhe do phíosa scríbhneoireachta ar bith. Tugann an lá breise sin deis dom súil fhuarchúiseach a chaitheamh ar an gcolún an mhaidin a mbíonn eagarthóir Tuairisc.ie ag súil leis.

Agus ar an gcaoi sin, bíonn an cliseadh meabhrach úd curtha díom agam faoin am a mbíonn an spriocam ag teannadh liom dáiríre!

Fág freagra ar 'Má tá Gaeilge agat agus tú ábalta í a scríobh, iarrfar ort colún a scríobh luath nó mall…'

  • Pól Ó Braoin

    B’shin smaoineamh… go raibh maith agat faoin dea-chomhairle sin.

  • Learraí

    Nár imí tobar do chruthaitheachta i ndísc go deo! Ba mhaith liom féin níos mó a chloisteáil faoina bhfuil ar siùl sa Bhrasaíl féin. Staid na timpeallachta mar shampla. An t-athrú a rinneadh sa dlí le deireannas trína gceadaítear stráicí ollmhóra breise de na dufairí a lomadh, cuir i gcás. Na daoine cróga a sheas an fód chun an léirscrios sin a chosc ach a cuireadh de dhroim an tsaoil, gan tásc gan tuairisc, go minic. Gan trácht ar na bundúchasaigh dhearóile. Ar thug tú aon turas ar abhantrach an Amazóin go fóill? Tá tábhacht domhanda leis an limistéar sin ó thaobh na haeráide etc etc de.

  • Glór Í Eo

    Aon seans go bhfaighfeadh aistritheoirí cead chun colúin ó scríobhnóirí ar fud na cruinne a chur ar fáil i nGaeilge? B’fhearr liom fhéin réimse níos leithne d’ábhair a léamh ná mar atá ar fáil go hiondúil i meáin na Gaeilge. Táim cinnte go mbeadh neart scríobhnóirí
    sásta tacú le forbairt agus treisiú na Gaeilge. Bhur mbarúil Tuairisc?