Má tá eolas uait faoi shaol an ‘Favela’, tá treoraí cineálta báúil le Gaeilge ar fáil

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Sa mhír seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Má tá eolas uait faoi shaol an ‘Favela’, tá treoraí cineálta báúil le Gaeilge ar fáil

Bíonn colún spreagúil rialta ag Alex Hijmans san iris seo. Ábhar faoin scríbhneoireacht is mó a phléann sé ann agus níl aon amhras ná go bhfuil údar aige a leithéid a dhéanamh óir is údar é. Cé go bhfuil gearrscéalta agus úrscéalta foilsithe aige, b’fhéidir gur sa leabhar Favela (Cois Life 2009. €18) is túisce a gheobhaidh tú cuntas ar cé hé féin, ar a shaol is ar a chomhluadar. Tuairisc ar an tréimhse thosaigh a chaith sé i gcathair Salvador na Brasaíle fara an caidreamh a bhí aige le muintir na háite agus le muintir a fhir chéile, Nilton, é go ró-áirithe.

Ar éigean is féidir dírbheathaisnéis a thabhairt air, mar tá rótheoranta maidir le tréimhse ama de, ná leabhar taistil, ná treoirleabhar, bíodh is go bhfuil na gnéithe sin go léir ann.

Scéal pearsanta é go cinnte, ach tá tráchtaireacht íogair ar stair agus ar chultúr na Brasaíle ann siar síos.

Is ionann favela agus bruachbhaile bocht ar imeall na gcathracha móra ina bhfuil botháin a thóg na daoine iad féin d’fhonn lonnaithe iontu (Ní bheadh aon airgead le déanamh ag tógálaithe sú fola ansiúd). Thabharfaí sluma orthu in áit ar bith eile, ach ó chuntas Alex tá dínit agus uaisleacht agus carthanacht go láidir i measc na ndaoine iontu.

Ní cheileann sé an bhochtaineacht ná na drochghnéithe a leanann an ainnise, ach is leabhar é seo a thabharfaidh ardú meanman duit seachas a mhalairt.

Má tá eolas uait faoin mBrasaíl, ná bac leis na leabhair dhaite sin atá le ceannach ina bhfuil trácht ar na bialanna agus na músaeim agus na háiteanna nach foláir duit a fheiscint. Léitear é seo!

Tá plé sibhialta taitneamhach anseo ar dhúshláin, ar mhaitheasaí, ar iontais, ar fhadhbanna na Brasaíle go ginearálta, agus Salvador go speisialta. Ní thuigfeá ón bhfoireann pheile idirnáisiúnta (a bhíodh go maith) go bhfuil an ciníochas fós go forleathan sa tír, go háirithe i gcoinne na ndaoine gorma.

Tá an ráta dúnmharaithe in áiteanna fíorard. Ní hiad na Gardaí Síochána póilíos na tíre. Tá fás as cuimse tagtha ar na heaglaisí soiscéalacha Protastúnacha, cé go bhfuil reiligiúin dhúchais beo agus bríomhar chomh maith. Bíonn daoine ag iarraidh teacht i dtír, nó slí bheatha ar éigean a dhéanamh ar fhuílleach na láithreán dumpála. Tá na féilte agus na carnabhail míorúilteach maith.

Ach is é is pléisiúrtha faoin leabhar seo ná go bhfuil turas suimiúil á dhéanamh agat trí thírdhreach eile ar fad ina bhfuil daoine carthanúla agus pearsana barrúla agus carachtair sheiftiúla agus go bhfuil tú ag bailiú eolais agus saoltaithí i ngan fhios duit féin an t-am ar fad.

Agus thar aon rud eile, is treoraí cineálta meabhairoscailte báúil é an t-údar a chuireann scéal os ár gcomhair le cumas is le gléire.

Fág freagra ar 'Má tá eolas uait faoi shaol an ‘Favela’, tá treoraí cineálta báúil le Gaeilge ar fáil'