Bíonn scaití ann nuair nach mbíonn de rogha agat ach dul leis an gcóir.
Níl mé dall ar fad ar an teicneolaíocht nua seo agus bainim leas as mar a bhíonn mé á scríobh seo, nó ar thóir ruainne eolais. Ach chomh mór agus is féidir, seachnaím éalú ón méid de do shaol atá sé in ann a rialú.
Go dtug mé péire acu isteach ag snámh liom in imeacht míosa le gairid ní raibh agam ach an seanfhón póca a bhí taobh leis an gcomhrá agus an téacs.
Ansin fuair mé ceann de na cinn nua-aoiseacha le hoidhreacht. Tá mé ag ceapadh, ach an aithne cheart a bheith ag duine ar a leithéid, go n-inseodh sé duit nuair a bhíonn sé in am a dhul chuig an leithreas.
Cé is moite de chúpla pictiúr de mo chlann, mo gharchlann agus mo mhuintir is beag eile dá ghiuirléidí a mbainim úsáid astu. Má tá ‘app’, ‘snap’ ‘cnap’ ná ‘bap’ air ní mise is cúis leis agus níl de cheol le cloisteáil uaidh ach cúpla barra de Joe Burke ag casadh ‘Boicíní an Óráin Mhóir’ nuair a ghlaonn tú orm.
Sin mar a bheidh freisin.
Ní hé go bhfuil aon chol atá agam leis.
Faitíos roimhe más tada é.
Is mór an trua nárbh é an scéal céanna a bhí ag iománaí Luimnigh a bhí sáite san achrann ar thaobh na sráide i Nua-Eabhrac an tseachtain seo caite nó go cinnte ag a chomrádaí a rinne taifeadadh air.
Tá siad siúd a scaip an físeán ina dhiaidh chomh ciontach céanna. Cé nach leithscéal de chineál ar bith é tá chuile sheans ann go raibh baint ag ól leis an méid a tharla ar an gcosán i Nua-Eabhrac. Seans chomh mór céanna nach raibh deoir ina mbolg ag go leor acu sin a rinne craobhscaoileadh ar an eachtra.
Bhí goimh orm na laethanta a lean é ach faoin gcaoi ar mhill a ndíth céille cúpla lá deas scléipe a bhí tuillte go maith acu ar na leads óga atá i gceist agus an chaoi a mbeidh siad brandáilte go deo ag an eachtra. Ansin faoin am a dtáinig deireadh na seachtaine tháinig ócáid eile a d’fhág maolú ar mo chuthach agus beagán níos lú sotail orm faoi ghairis nua-aimseartha an lae seo.
Geall de chúpla euro a bhí agam ar chapall a bhfuil mé féin agus cara liom ag coinneáil súil air le tamall anois – an dara háit an t-éacht ab fhearr a bhain sé amach go dtí seo ach bhí muid den tuairim go mba ghearr uaidh.
Ar thraic na hUaimhe a bhí an choimhlint agus nuair a sheiceáil mé an teilifís, ainneoin suas le deich gcinn fhichead de chainéil spórt a bheith ag teacht isteach sa teach, ní raibh rásaí na hÉireann ar cheachtar acu – chuir mé mo mhallacht ar Horse Racing Ireland a thug na cearta a bhíodh ag At the Races do Racing UK i dtús na bliana seo.
Chuimhnigh mé ansin gur fhág mo gheall go mbeadh pictiúir le fáil ar an ríomhaire, a bhuíochas don chomhlacht a raibh an t-airgead thíos leo. Nuair a thug mé faoi sin a aimsiú agus an rás beagnach tosaithe, nach raibh fabht de chineál éicint ar an gceangal a bhí acusan leis an Uaimh.
Bhí mé i mo bhambairne nó gur ghlaoigh mo chara orm agus cúpla staid rite. ‘Measann tú nár cheart don mharcach í a bheith beagán eile níos gaire de thús na hiomaíochta aige ná atá?’ a d’fhiafraigh sé díom. Mhínigh mé mo chás dó agus d’fhiafraigh mé dó an raibh aon fheiceáil aigesean air. ‘Sa siopa geallghlacadóireachta i mBearna ag breathnú suas ar an scáileán atá mé,’ a deir sé.
In imeacht dhá mheandar thug sé treoracha dom cúpla cnaipe a bhrú ar m’fhón féin agus sula raibh an chéad timpeall déanta ag na capaill bhí mé ag breathnú ar an rás a bhí ag teacht ón scáileán chuig fón mo chara agus uaidh sin chomh fada leis an uirlis a bhí i mo lámh féin.
Mar bharr ar an scéal nár bhuaigh an t-each ag phraghas 12-1!
‘Fág ag an tseanchnámh é’ mar a dúirt an dreoilín lena clann agus í ag tarraingt na péiste as an talamh, rud a theip orthu féin a dhéanamh díreach roimpi.
Fág freagra ar 'Má tá ‘app’, ‘snap’ ‘cnap’ ná ‘bap’ ar mo fhón nua ní mise is cúis leis'