Riamh anall, bhíodh Gaeil na hÉireann agus na hAlban ag breathnú ar Mhanainnis mar theanga shóisir, an leanbh sa chliabhán. Ach le blianta anuas, tá teanga Oileán Mhanann ag dul i neart.
Eiseamláir den aibíocht agus den bhorradh úr atá faoin Ghaelg is ea Ruth Keggin, bean óg atá ina hamhránaí agus ina múinteoir agus, fiú mura ndéarfadh sí féin é, ina hambasadóir don teanga.
Deir sí nár chuir sí aithne d’aon léim ar Gaeilge Mhanann ach go raibh sí thart uirthi an t-am ar fad.
“Rugadh ar Oileán Mhanann mé, is Manannaigh mo mhuintir agus bhí an Mhanainnis thart orm gach áit – in ainmneacha na sráideanna, sna focail agus sna habairtí a bhí in úsáid ag daoine. Mar sin de, bhí mé cleachta ar an teanga a fheiceáil agus a chluinstin cé go bhfuil sí i bhfad níos forleithne anois ná mar a bhíodh sí agus mé an-óg.
“Sin ráite, Béarla an teanga a labhair muid sa bhaile ach rinne mé cinneadh dearfach Gaelg a fhoghlaim leis an nasc a bhí agam le m’áit dhúchais a láidriú,” ar sí.
Ar ndóigh, mhaígh UNESCO go raibh an Ghaelg marbh, breith a d’athraigh an eagraíocht sin i ndiaidh do bhunadh an oileáin agus do dhaltaí a bhí ag freastal ar Bhunscoill Ghaelgagh – a bhí ar an fhód le deich mbliana roimhe – litreacha a chur chucu i nGaeilge Mhanann.
‘Má tá an teanga s’againne marbh, cén teanga ina bhfuil muid ag scríobh?’ an cheist a chuir na páistí!
Inniu, tá Gaeilge Mhanann ag dul ó neart go neart.
Tá rath ar leith ar Bhunscoil Naomh Eoin (Bunscoill Ghaelgagh) agus tá ranganna Manainnise á nglacadh ag múinteoirí taistil i mbunscoileanna agus i meánscoileanna eile agus an ceart ag daltaí scrúduithe GCSE agus A-Leibhéal a dhéanamh sa teanga.
Tá cuid mhór daoine fásta ag foghlaim na teanga agus go leor acu líofa, mar sin tá áiseanna úra fiúntacha á bhforbairt, go háirithe ag an eagraíocht Culture Vannin.
“Agus más mian le duine Gaelg a thriail, tá Gaelgeyryn ar na meáin shóisialta, cuid acu a bhfuil Gaeilge nó Gàidhlig acu chomh maith. Cuardaigh #Gaelg agus tiocfaidh tú orthu.”
Ar ndóigh, is amhránaí den chéad scoth í Ruth.
Chuala mé den chéad uair í agus í ag ceol le Mary Ann Kennedy agus Eoghan Ó Ceannabháin sa ghrúpa Aon Teanga – Un Çhengey, coirm ina raibh amhráin i nGaeilge, i nGàidhlig agus i nGaelg le cluinstin!
“Ó, bhain muid an-sult as sin,” arsa Ruth. “Rinne muid albam agus is dócha gurbh í an fhadhb ba mhó a bhí againn ná an litriú. Ní raibh deacracht ar bith ag Eoghan agus Mary Ann ó thaobh na Gaeilge agus na Gàidhlig ach chuir ortagrafaíocht Ghaeilge Mhanann mearbhall orthu!
“Sin ráite, is maith leis an triúr againn dúshláin intinne mar sin agus ba bhreá linn albam eile a dhéanamh sna blianta atá romhainn,” ar sí.
Tá albam úr amuigh ag Ruth dar teideal Turrys (Turas, ar ndóigh) agus tá meascán de shean-amhráin agus d’amhráin nuachumtha i Manainnis air mar aon le cúpla amhrán Béarla ón oileán.
“Tá na gnáth-théamaí sna hamhráin Mhanainnise – grá, cailliúint, cumha – agus tá cinn eile a bhaineann le Manainn amháin – logainmneacha an oileáin, daoine agus imeachtaí ón stair.
“Cúpla bliain ó shin, scríobh mé ceol úr do dhán iontach fada i Manainnis, ‘The Traditionary Ballad’ i mBéarla ina bhfuil scéalta faoi Mhanannán Mac Lir agus an dóigh ar chosain sé an t-oileán,” arsa Ruth.
Tá cumadóirí cumasacha eile ar an oileán, leithéidí Annie Kissack, Aalin Clague agus Bob Carswell, fear a scríobhann i nGaeilge Mhanann agus a chum ‘Irree ny Greiney’ (Éirí na Gréine), an chéad rian ar Turrys.
“|s breá liom bheith ag ceol na n-amhrán traidisiúnta agus na n-amhrán nuachumtha – tá saintréithe ag an bheirt,” a deir Ruth.
Cuirfidh cúpla amhrán ar Turrys iontas ar an lucht éisteachta, dar le Ruth.
“Tá leagan Manainnise agam d’amhrán Runrig, ‘Chi mi’n Geamhradh’, agus meascán den amhrán aitheanta traidisiúnta ‘Ushag Veg Ruy’ agus amhrán traidisiúnta as Meiriceá, ‘In the Pines’, amhrán a cheol Nirvana sna 1990idí!” ar sí.
– Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Ruth Keggin agus a cuid ceoil ag ruthkeggin.com
Fág freagra ar '‘Má tá an teanga seo marbh, cén teanga ina bhfuil Ruth Keggin ag ceol?’'