Má ligtear don Ghaeilge bás a fháil sa Ghaeltacht is de bharr ‘cultural cleansing’ an Rialtais é

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín go dteastaíonn ‘new deal’ don Ghaeilge agus go bhfuil an baol ann go bhfaighidh an teanga bás sa Ghaeltacht de thoradh easpa ‘suime’ an Rialtais

Má ligtear don Ghaeilge bás a fháil sa Ghaeltacht is de bharr ‘cultural cleansing’ an Rialtais é

Tá ionsaí fíochmhar déanta ag Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, ar chur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge.

Deir Tóibín go dteastaíonn “new deal” don Ghaeilge agus maíonn sé go bhfuil an baol ann go bhfaighidh an teanga bás mar theanga phobail sa Ghaeltacht de thoradh easpa “suime” agus bréagchráifeachta.

Dá dtarlódh a leithéid “cultural cleansing by Government disinterest” a bheadh ann, a deir Tóibín in alt leis atá foilsithe ag An Phoblacht.

Deir sé go gcaithfidh an  Rialtas éirí as a bheith ag marú na Gaeilge le “platitudes” agus gur gá “new deal” a thabhairt isteach do teanga.

“We need to send a message to Gaeltacht communities, Irish speaking families, students and adult learners – ‘speak the language today because tomorrow the language will be stronger, more extensive and more valuable’,” a deir sé.  

Cuireann urlabhraí Gaeilge Shinn Féin i leith an Rialtais nach bhfuil aon “vision, plan or leadership” acu i dtaobh na teanga.

“To the Government Irish exists as no more than a hobby,” a scríobhann sé.

Maíonn an Teachta Dála de chuid Shinn Féin,a bhfuil sé i gceist aige sraith cáipéisí polasaí faoin teanga a fhoilsiú go luath, gur “unmitigated failure” é an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gurb é a chruthúnas sin an laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais a tuairiscíodh sa Daonáireamh anuraidh.

Maíonn sé freisin go bhfuil an tóin tite as an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht.

“‘Language Planning’, which was hailed by Fine Gael as the saviour of the Gaeltacht regions, has fallen asunder.

“26 different volunteer Language Planning groups worked to produce a deep and rich seam of plans in order to rebuild the Gaeltacht, but before any of these plans were read, the department plucked a paltry funding figure from the  sky.”    

I measc na rudaí eile a luann Tóibín mar fhianaise go bhfuil ag teip ar chur chuige an Rialtas i leith na teanga, tá an ganntanas múinteoirí Gaeilge, na ciorruithe móra a rinneadh ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, cinneadh an Taoisigh duine nach bhfuil Gaeilge ar a toil aici a cheapadh ina hAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, líon na ndeontas a chuaigh go dtí Dún na nGall ó ceapadh Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht agus an easpa polasaí don chóras réamhscolaíochta sa Ghaeltacht.

Áitíonn an Teachta Dála gur ann do “a palpable sense of disempowerment” i measc phobal na Gaeltachta mar nach bhfuiltear ag freastal mar ba chóir orthu.

Fág freagra ar 'Má ligtear don Ghaeilge bás a fháil sa Ghaeltacht is de bharr ‘cultural cleansing’ an Rialtais é'

  • Ruairí

    Dhá mbeadh liosta gearr le deich geallúint coincréideach don Ghaeltacht scríofa síos ar bhileog A4 ag an Tóibíneach bheadh rud eicínt déanta aige. Is beag dóchas a thugann ‘sraith cáipéisí pholasaí faoin teanga” dúinn. Tá seilfeanna ar fud na Gaeltachtaí ag cur thar maoil le “cáipéisí.”
    Tá 20 bhliain ó bunaíodh Coimisiúin na Gaeltachta agus muid fós ag fanacht ar cur i bhfeidhm na moltaí bhreátha a tháinig ó mhuintir na Gaeltachta ag an am.
    Deich rud coincréideach a thabharfas jobanna dúinn sna ceantracha atá á mbánú ag an imirce agus rudaí ar nós droichid shábháilte nua do Cheantair na nOileán i gConamara agus bád ceart nuaaimseartha dh’óileán Thóraí.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An bhfuil Sinn Féin ar son deireadh a chur leis an gcur i gcéill faoi theorannacha na Gaeltachta? An bhfuil siad sásta tíocht amach agus a rá go neamhbhalbh nár cheart go mbeadh ceantair sa Ghaeltacht nach bhfuil bunscoil an cheantar in ann teagasc tré Ghaeilge? An gceapann Sinn Féin go mba cheart go mbeadh 16,000 i gCathair na Gaillimhe a áireamh mar chuid de phobal na Gaeltachta, ar bhonn tíreolaíochta beag beann ar chúrsaí teanga? An mbeadh sé de mhisneach ag Sinn Féin critéir teangeolaíoch a usáid le teorannacha na Gaeltacht a athshocrú le trí Chatagóir mar a mhol an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch i 2007? Seo iad na buncheisteanna atá le freagairt ag Peadar agus ag Sinn Féin agus go deimhin gach páirtí agus polaiteoir eile a bhíonn ag caint is ag éagaoin faoin nGaeltacht.

  • Ruairí

    Caithigí amach Cnoc na Cathrach, Tír Oileán, Mionlach, na Forbacha , Bearna, Carn mór, Baile Chláir, Maigh Chuilinn, Baile Chonghaile, Inis Ní, Glinsce agus an Caiseal ón Ghaeltacht agus ansin caithigí airgead an Údaráis sna ceantracha ina bhfuil an Ghaeilge fós beo.

  • Micilín Muc

    Aontaím le chuile rud atá scríte ansin ag Donncha Ó hÉallaithe. Is mór an trua nach bhfuiltear ag éisteacht lena thuairimí. B’fhearr liom a thuairimí agus a ghníomhartha ná aon deabhal polaiteoir acu, is cuma cén dath polaitiúil atá orthu.
    Tá trí rud breise a mhaith liom a rá:
    (1) Is cuma sa deabhal cad é an plean atá ann chun an Ghaeltacht a shábháil mar ní fiú tada é mura dteastaíonn ó mhuintir na Gaeltachta í a labhairt agus a shábháil. Ní mar sin atá, faraor. Más é an Béarla teanga an chlóis sna bunscoileanna agus ag daltaí meánscoile sa ‘Ghaeltacht’ nil ins gach rud eile ach cur i gcéill agus seafóid. Cen fath gur cheart muintir na Gaeltachta a íoc chun go labharfadh siad an teanga?
    (2) Tá an téarma ‘Gaeltacht’ as dáta anois agus níl móran céille leis níos mó….mar tá an Béarla agus an Ghaeilge á labhairt go laethúil sa ‘nGaeltacht’ anois – níos mó Béarla ná Gaeilge, ceapaim.
    (3) Cén fáth go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag déanamh maoiniú ar jabanna do Bhéarlóirí agus nach bhfuil aon riachtanas teanga á iarraidh do na postanna sin?