Má fhágann tú dhá channa beorach san fhorais agus mura bhfeiceann éinne tú…

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tagann an Saoithín Aeráide agus a Chol Ceathrair Saoithíneach ar dhá channa beorach fholmha san fhoraois 

Má fhágann tú dhá channa beorach san fhorais agus mura bhfeiceann éinne tú…

Tá col ceathrair ag an Saoithín Aeráide ar saoithín aeráide freisin í.

Nuair a bhí sí ar cuairt i dteach an tSaoithín an lá cheana, thosaigh sí ag argóint leis nuair a bhí an Saoithín ar tí úsáid a bhaint as mála tae nua chun an dara pota tae a dhéanamh. Ní raibh a leithéid inmharthana, dar le col ceathrair an tSaoithín, agus b’éigean don Saoithín athúsáid a bhaint as an mála a úsáideadh don chéad phota.

B’éigean do chol ceathrair an tSaoithín an dara pota a ól léi féin.

Ina dhiaidh sin, chuaigh an Saoithín agus a chol ceathrair ar shiúlóid.

Ar ndóigh, bíonn an saol agus a mháthair ag dul ar shiúlóidí na laethanta seo. Céard eile atá le déanamh agus chuile shórt dúnta ach amháin an fhoraois? Níor theastaigh ón Saoithín a bheith sáinnithe i dtranglam pramanna arís, mar a tharla dó an uair dheireanach a ndeachaigh sé go dtí an tearmann dúlra atá gar dá theach, agus ar an ábhar sin thug sé féin agus a chol ceathrair aghaidh ar chuid den tearmann atá i bhfad ón bpríomhbhealach isteach.

Ní raibh siad ag siúl ar feadh i bhfad nuair a tháinig siad ar aincheist eitice i bhfoirm dhá channa beorach fholmha a fágadh le taobh an chosáin.

‘Fág ann iad,’ a dúirt col ceathrair an tSaoithín Aeráide, bean athúsáidte na málaí tae.

‘Má phiocann tú suas iad, beidh ort iad a iompar go dtí go n-aimseoidh tú bosca bruscair. Beidh do mhéara préachta. Níl lámhainní á gcaitheamh agat. Agus anuas ar chuile shórt eile beidh an chuma ort gur tháinig tú go dtí an fhoraois le dul ar an drabhlás.’

Ach ní raibh neart ag an Saoithín air féin. Phioc sé suas na cannaí.

Bhí an ceart ag a chol ceathrair. Níorbh fhada go raibh a mhéara préachta agus bhí siúlóirí eile ag breathnú go hamhrasach air.

Ach ba é an rud ba mheasa ná nach raibh radharc ar bhosca bruscair. Thuig an Saoithín go maith cén fáth. I dtearmann dúlra – limistéar atá in ainm is a bheith fiáin – a bhí sé seachas i bpáirc sa chathair; ní bheifeá ag súil le boscaí bruscair i gceantar na hAmasóine ach an oiread.

Níor éirigh leis an Saoithín fáil réidh leis an dá channa beorach ar bhealach a bheadh inmharthana go dtí gur tháinig siad go dtí an bealach amach. Bhí a mhéara sioctha faoin am sin ach bhí sé sásta. 

Ní hamháin go raibh dhá channa beorach níos lú san fhoraois, ach bhí an ceann ab fhearr faighte aige ar a chol ceathrair saoithíneach.

Fág freagra ar 'Má fhágann tú dhá channa beorach san fhorais agus mura bhfeiceann éinne tú…'

  • Des O Murchu

    Bailigh suas iad, €100 an tonna sa scrapyard le aon iarann eile!

  • Seán Ó Donnchaidh

    Diabhail mo shaol an tSaoithín Aeráíde
    Táím buartha ag éisteacht lena chuid óráide!

    Impíonn sé orm scaradh le mo Díosal
    Dar leis níl na hastaíochtaí uaidh ró-íseal!

    Dá mbeadh a thoil aige beadh feirmeoirí na tíre
    Ag treabhadh lena gcapaill – táím fíor i ndáiríre!

    Is fuath leis Eitlíochta
    Sár-choir é dul go tíortha coimhthíochta!

    An coróinvireas – sin díoltas Gaia orainn
    Ós ucht ár bpeacaí comhshaoile a d’fhulaing

    Is beag nár chuir sé Soir me!