Má éiríonn leis na Déisigh scéal na bpocanna saora a chur ina gceart, is acu a bheidh an buntáiste

Droch-chluiche a bhí ann an deireadh seachtaine seo caite i nDurlas ach, i bhfianaise a bhfuil foghlamtha ag Port Láirge agus an Clár ón gcoimhlint sin, ba cheart dóibh é sin a chur i gceart tráthnóna

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Port Láirge v An Clár, Staid Semple, 3.30i.n.

I ndiaidh 70 nóiméad imeartha a bhí chomh dona le cluiche sóisir club, bhí anam éigin sa choimhlint i gcluiche ceannais na sraithe an Domhnach seo caite. Ag pointí áirithe sa chluiche, sin bhreathnaigh sé go raibh a rás rite ag an dá fhoireann ach chinntigh pocanna saora Conor McGrath, ag deireadh an 70 nóiméad, agus Maurice Shanahan, ag deireadh am breise, go mbeadh lá eile ag teastáil chun na foirne a scaradh.

gur thaispeáin McGrath agus Shanahan cruinneas den scoth agus na scóranna sin á n-aimsiú acu, ba scéal eile a bhí ann do chuid mhaith den choimhlint. Ar an iomlán, 39 iarracht a chuaigh amú i rith an 90 nóiméad.

raibh sé éasca orthu siúd a bhí ag tabhairt iarrachtaí ar scóranna, easpa spáis ag cur as dóibh agus slua imreoirí bailithe timpeall ar lár na páirce. Rinneadh húcáil agus blocáil go leor idir an dá líne 45m chun rudaí a dhéanamh níos deacra, ach, fós féin, bhí an iomarca iarrachtaí amaideacha ann. Beidh Davy Fitzgerald agus Derek McGrath ag súil go dtiocfaidh biseach ar an scéal áirithe sin tráthnóna.

Tugadh níos mó spáis do na tosaithe in am breise ach seans gurb í an tuirse ba chúis leis sin, seachas aon athrú stíle ó na bainisteoirí. Tá ráite cheana féin ag Fitzgerald nach bhfuil an Clár chun a gcur chuige a athrú don athimirt agus beidh ar na himreoirí a bheith i bhfad níos tomhaiste ina gcuid imeartha má siad ag iarraidh corn na sraithe a thabhairt leo.

Agus iad ag imirt a chéile arís sa Chraobh faoi cheann ceithre seachtaine, ní bheidh Fitzgerald ná McGrath buíoch den chluiche breise seo, ach, ar a laghad, tabharfaidh sé deis imeartha eile do na himreoirí sin a bhí gortaithe roimhe seo. Ina measc siúd tá Maurice Shanahan agus Pauric Mahony a tháinig ar ais i gcluiche na seachtaine seo caite ní dhéanfaidh sé aon dochar dóibh seal eile a chaitheamh ar an bpáirc roimh thús na craoibhe.

Ba é an scéal céanna é ag Tony Kelly agus Shane O’Donnell leis an gClár, beirt a chaith roinnt ama ar an taobhlíne de bharr gortuithe ach atá anois tagtha chucu féin.

Roimh chluiche na seachtaine seo caite, luaigh Fitzgerald an dea-chaidreamh atá aige le Derek McGrath ach is beag de sin a bhí le feiceáil le linn na coimhlinte agus na bainisteoirí in adharca a chéile ar an taobhlíne. D’éirigh an imirt teasaí ar an bpáirc ag an am céanna agus cé nach drochrud é i gcónaí an freasúra a ghríosú, b’fhearr do dhaoine srian a choinneáil orthu féin.

Thug an Clár go leor buillí saora uathu agus is cinnte go mbeadh an cluiche buaite ag Port Láirge dá mbeadh Patrick Curran nó Shane Bennett i mbarr a maitheasa. Ní minic a bhí chomh dona céanna ag an mbeirt acu agus má bhíonn leithéidí Maurice Shanahan agus Pauric Mahony i mbarr a sláinte ag Derek McGrath, is beag an baol go gcuirfidh siad an méid sin iarrachtaí amú arís.

Murach an easpa cruinnis sin, bheadh an cluiche buaite ag Port Láirge agus má thagann feabhas orthu sa ghné sin den imirt, beidh deis iontach acu tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Port Láirge

Fág freagra ar 'Má éiríonn leis na Déisigh scéal na bpocanna saora a chur ina gceart, is acu a bheidh an buntáiste'