Má éirím tada níos fuaire tá faitíos orm go mbeidh orm a ghabháil go leibhéal a cúig…

An imní is mó atá orm dá gcuirfinn geansaí eile os cionn na ngeansaithe atá orm cheana féin go mbeinn i mo thúr claonta Pisa

Má éirím tada níos fuaire tá faitíos orm go mbeidh orm a ghabháil go leibhéal a cúig…

Chuaigh mé ar thóraíocht taisce ar maidin ag cuartú na hataí geimhridh, na miotóga, na scaifeanna, na geansaithe móra is na balcaisí is giobail eile a chaithim le chéile nuair a airím an chéad ghoimh fuachta ceart ar an aer.

Tá mé i mo shuí ag an deasc anois agus tá an teas casta air agam, chaithfinn é a chasadh air. Agus tá mé imithe díreach ó leibhéal a haon (inné) go leibhéal a ceathair sa gcóras srathraithe casta atá forbartha agam i gcaitheamh na mblianta.

Deir aip Met Éireann liom go bhfuil sé 13 céim Celsius amuigh agus is dóigh nár cheart go mbeinn ag aireachtáil chomh stromptha is atá mé. Chuala mé trácht ar fhachtóir ghoimh na gaoithe a thugann barúil duit den chaoi a n-airíonn an teocht mar gheall ar neart na gaoithe agus ar an gcaoi a n-imíonn an teas as an gcorp.

An bhféadfadh go bhfuil aon bhaint aige sin leis an scéal?

Ach cén chaoi a mbeadh an ghaoth ag cur as duit agus tú i do shuí istigh? An bhfuil a leithéid de rud ann agus fachtóir ghoimh na deisce? Cén córas a dhéanann cur síos ar an bhfuacht a airíonn tú agus tú i do shuí síos ag déanamh tada?

B’fhéidir go bhfuil fabht éicint ar threalamh na seirbhíse meitéareolaíochta, d’fhéadfadh sé tarlú. Scaití cloisfidh tú caint air.

Má éirím tada níos fuaire tá faitíos orm go mbeidh orm a ghabháil go leibhéal a cúig, is é sin le rá go mbeadh cúig shraith éadaí orm. Ní dhearna mé riamh cheana é agus dháiríre níl a fhios agam an féidir é a dhéanamh.

Níl ann ach cur chuige teoiriciúil faoi láthair nach bhfuil aon iarracht trialach déanta air faoi choinníollacha rialaithe. Creidim i mo chroí istigh gur féidir é a dhéanamh. Dá n-éiríodh liom bheadh an t-éacht ina sméar mhullaigh ar shaothar taighde a thosaigh nuair a chuala mé trácht den chéad uair ar threabhsair theirmeacha.

An imní is mó atá orm dá gcuirfinn geansaí eile os cionn na ngeansaithe atá orm cheana féin go gcuirfeadh sé mo mheáchanchlár as a riocht is go dtosóinn ag titim i leataobh ar nós túr claonta Pisa. Níl a fhios agam cén bealach ab fhearr le dul i ngleic leis sin.

Más buan mo chuimhne ó na ranganna fisice a rinne mé sa scoil fadó, agus ní buan, bheadh orm úsáid a bhaint as frithmheáchan de chineál éigin. Níor leor latte grande ná an mucho grande fhéin.

Theastódh rud éicint toirtiúil. Chaithfinn a bheith in ann é a iompar faoi m’ascaill ar mhaithe leis an gcothromaíocht a choinneáil ionas nach dtitfinn go leataobh uilig. Tornapa mór nó puimcín b’fhéidir, ós é an séasúr sin atá ann.

Fág freagra ar 'Má éirím tada níos fuaire tá faitíos orm go mbeidh orm a ghabháil go leibhéal a cúig…'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Bhuel, ní duine lom tana mise agus mar sin níl fuacht ná a leithéid orm… faoi láthair! Ach táim te istigh ag léamh seo :-) :-) :-)