Má chuirtear Roe v Wade ar neamhní beidh tionchar mór aige ar chearta bunúsacha eile 

Tá i bhfad níos mó ná ceist an ghinmhillte leis an gconspóid faoi chás Roe v Wade, baineann sí le cearta príobháideachais, ní hamháin do mhná ach don uile dhuine

Má chuirtear Roe v Wade ar neamhní beidh tionchar mór aige ar chearta bunúsacha eile 

Bean óg darbh ainm Norma McCorvey ar diúltaíodh ginmhilleadh di os cionn leathchéad bliain ó shin a chuir tús leis an bpróiseas dlí as ar eascair Roe v Wade. Bhí sí ag iompar clainne, gan aon teagmháil aice le hathair an pháiste, ag obair i sorcas agus fiacha go leor uirthi. 

Ní raibh ginmhilleadh ar fáil di ina stát dúchais Texas ach amháin sa gcás go mbeadh a beatha i mbaol. Smaoinigh sí ar bhus a thógáil go dtí stat éigin eile ina mbeadh ginmhilleadh dlíthiúil ar fáil. Chaithfeadh sí dul chomh fada le Colorado nó California ach ní raibh sí in acmhainn a leithéid a dhéanamh. Chuaigh sí i muinín an dlí.

Tugadh Jane Roe uirthi seachas a hainm féin a úsáid. Bunaíodh an cás ar an mbreithiúnas a thug an Chúirt Uachtarach sna Stát Aontaithe Griswold v Connecticut a chinn go raibh sé de cheart ag cúplaí pósta cinneadh príobháideach a dhéanamh áiseanna frithghiniúna a úsáid. Chinn an chúirt go dtugann an ceathrú leasú déag ar Bhunreacht na Stát Aontaithe ceart príobháideachais don duine faoin dlí. Suimiúil go leor ritheadh an ceathrú leasú déag i ndiaidh an chogaidh chathartha i Meiriceá lena chinntiú go mbeadh comhionannas ceart ag an gcine gorm faoi dhlíthe na Stát éagsúil. Is ar an gceart príobháideachais a d’aithin an Chúirt Uachtarach i gcás Griswold i 1965 a bunaíodh cás Jane Roe in aghaidh an dlí ginmhillte i stát Texas.

Ó tháinig breithiúnas Roe v Wade i 1973 tá an cur agus an cúiteamh faoin nginmhilleadh sna Stáit Aontaithe ag leanacht ar aghaidh go síoraí. Mar sin féin, ainneoin iliomad dúshlán a bheith tugtha go minic sna cúirteanna in aghaidh na bhreithiúnais, d’fhan an Chúirt Uachtarach dílis don mhéid a cinneadh i gcás Roe v Wade. Bunaíodh go leor breithiúnas eile ar an mbreithiúnas céanna agus ar an leasú sin ar an mBunreacht. I 1965 chinn an chúirt nach bhféadfaí cosc a chur ar phósadh idirchiníoch mar gur tháinig sé salach ar an gcomhionannas atá cosanta sa mBunreacht. Bhain cás Loving v Virginia le cúpla ar gearradh bliain príosúnachta orthu as pósadh.

Bhí a bpósadh in aghaidh dlíthe ciníocha Stát Virginia. Níos déanaí arís úsáideadh an cás sin agus Roe v Wade i gcás a bhain le pósadh comhghnéis. In Obergefell v. Hodges ghlac an Chúirt Uachtarach leis go mbeadh sé in aghaidh cearta atá dearbhaithe faoin gceathrú leasú déag ar an mbunreacht cosc a chur ar phósadh comhghnéis. 

Léiríonn seo ar fad go bhfuil an cás i bhfad níos leithne ná ceist an ghinmhillte. Baineann sé le cearta príobháideachais, ní hamháin do mhná ach don uile dhuine. Má chinneann an chúirt ina mbreithiúnas an mhí seo chugainn nach bhfuil bunús bunreachtúil cuí le Roe v Wade cén fhad go mbeidh cásanna againn ag maíomh nach mbaineann faoi chearta pósta, caidreamh idirchiníoch agus iliomad ceart nach iad?

Sin an fáth go bhfuil an scéal seo chomh tábhachtach. Tá cás an ghinmhillte thar a bheith leochaileach agus cothaíonn sé mothúcháin fhíochmhara i ndaoine a bhíonn á phlé. Tá sé fite fuaite leis an bpolaitíocht freisin agus cheana féin tá stáit go leor ag iarraidh a ndearcadh ar an ghinmhilleadh a dhearbhú agus iad ag tnúth le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí.

Má fhágann muid ar leataobh an léargas a thugann an scéal seo ar údarás Uachtarán na Stát Aontaithe breithiúna a aontaíonn lena dhearcadh polaitiúil féin a ainmniú, má chuirtear Roe v Wade ar neamhní, caithfear breathnú ar an tionchar a bheidh ag an mbreithiúnas sin ar chearta bunúsacha eile sna Stáit Aontaithe. Má thagann an bhreith leis an gcáipéis a sceitheadh an tseachtain seo cothóidh sí tuilleadh deighilte i dtír atá scoilte cheana féin. Is críonna an té a déarfadh an bhfuil na polaiteoirí in ann an scéal a láimhseáil i bhfoirm reachtaíochta mar go bhfuil an Chomhdháil deighilte freisin. Déanfaidh sé feachtas fíorspéisiúil idir seo agus na toghcháin lár téarma faoi cheann sé mhí. 

Fág freagra ar 'Má chuirtear Roe v Wade ar neamhní beidh tionchar mór aige ar chearta bunúsacha eile '

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máirín Ní Ghadhra, ‘Má chuirtear Roe v Wade ar neamhní beidh tionchar mór aige ar chearta bunúsacha eile’, Dé hAoine, Bealtaine 6, 2022.

    Bean mhí–ámharach ba ea Norma McCorvey, ar bhain dlíodóirí liobrálacha leas aisti, d’fhonn dlí an ghinmhillte a liobrálú sna Stáit Aontaithe. Tugadh drochíde di ina leanbh, agus theith sí ón mbaile. Gabhadh í agus cuireadh ar scoil cheartúcháin í. Triúr fear a bhí aici faoin am a raibh sí 19 mbliana d’aois. D’iompaigh sí ina Críostaí sa bhliain 1995, agus ina Caitliceach 3 bliana ina dhiaidh sin. Ghlac sí páirt an–ghníomhach sa Ghluaiseacht ar Son na mBeo ar feadh na mblianta, de réir dealraimh. Ghlac sí leis an Ola Dhéanach ó shagart Caitliceach sula bhfuair sí bás, ach de réir tuairisce, d’fhógair sí tamall roimhe sin gur ag bualadh bob ar an nGluaiseacht ar Son na mBeo a bhí sí, agus gur ar mhaithe leis an airgead a ghabh sí leo.

    Chomh fada leis an gceart ar phríobháideachas de, ar mheas giúistísí Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe é a bheith le tuiscint as an sliocht ar an bPróis Chuí i Leasú 14 ar Bhunreacht na Stát Aontaithe, níor thosaigh na giúistísí ar na breithiúnais sin a thabhairt go dtí blianta 1960. Tá an–chumhacht leis na céadta bliain ag an gCailvíneachas ar na Stáit Aontaithe. Déantar amach go dtagann seict nua Phrotastúnach ar an saol gach uile sheachtain ansiúd. Cuid mhaith de na Protastúnaigh atá iompaithe ina gCaitlicigh sna Stáit Aontaithe, is amhlaidh atá siad faighte bailithe den suibiachtachas a bhaineann leis an bProtastúnachas. Chuala mé féin iar–Phrotastúnach á rá gur Pápa is ea gach uile mhinistir Protastúnach ina thuairim féin. Ach má leantar cur chuige an tsuibiachtachais go heireaball timpeall, is é an t–anord a dheireadh.

    Tá gluaiseacht léirmhínithe dlí ann a dtugtar an bunúsachas [originalism] uirthi. Is é sin le rá, mura n–áirítear go han–soiléir go dtugann Bunreacht na Stát Aontaithe aitheantas do cheart sibhialta, gan a bheith ag déanamh amach go dtugann. Ní fear bunúsachais ba ea an Príomh–Ghiúistís Cearbhall Ó Dálaigh seo againn féin abair, trócaire air. Chreid seisean gur téacs beo is ea téacs Bhunreacht na hÉireann, agus nach foláir, dá réir, ‘cearta nua’ a aithint ann, de réir mar a bhraitear athrú a bheith tagtha ar mheon fhormhór na saoránach. Le blianta gearra déanacha, tá an Chúirt Uachtarach seo againne ag diúltú do thuairim Uí Dhálaigh, agus ag dearbhú gur faoin Oireachtas atá sé reachtaíocht a thabhairt isteach.

    Is aindiachaí ba ea Christopher Hitchens, a bhí an–mhór i gcoinne na Críostaíochta, agus i gcoinne an Chreidimh Chaitlicigh go háirithe. Mar sin féin, ghlac seisean leis na hargóintí is láidre i gcoinne an ghinmhillte, agus é sin ar an mbonn gur aindiachaí ba ea é féin –– beannacht Dé lena anam. Is iomaí duine ar an saol, agus iad go léir ann, mar a deir na Duibhnigh!

    Ní rás go deo é i gcúrsaí a bheith ar an taobh buacach ar Reifreann. Le blianta beaga anuas, tá ina chogadh cathartha ag an gComhghuaillíocht ar son TÁ sa Reifreann um Chomhionannas Pósta, 2015. Tá faicsean an Trasinscneachais ag iarracht an Chomhghuaillíocht sin a ghabháil chucu féin ar fad, ach tá Feiminigh Radacacha nach bhfuil ag géilleadh dóibh, agus tá sciar mór de Ghluaiseacht an Homaighnéasachais nach bhfuil ag géilleadh d’fhaicsean an Trasinscneachais ach a oiread.

  • Antóin

    Ceart chun na beatha an ceart is bunúsaí. Cuireadh níos mó na 13,000 leanbh chun báis sa bhroinn sa tír seo le dhá bhliain anuas. Sin 13,000 nár tugadh ceart chun na beatha dóibh. Ní thugtar an ceart sin do bhreis is 20 milliún leanbh ar fud an domhain gach bliain.

    Ag maíomh go mbeidh cearta pósta agus cearta eile faoi bhagairt má chinneann an chúirt nach bhfuil bunús bunreachtúil cuí le Roe v Wade?!!