‘Más gá Oireachtas na Samhna a chur ar ceal beidh tionchar ag an ngéarchéim seo ar suas le 70% dár gcuid oibre’

Chuir Tuairisc.ie sraith ceisteanna ar cheannairí na gceanneagraíochtaí Gaeilge féachaint conas atá géarchéim an choróinvíris ag dul i bhfeidhm ar a gcuid oibre. An geábh seo is é Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha atá againn…

‘Más gá Oireachtas na Samhna a chur ar ceal beidh tionchar ag an ngéarchéim seo ar suas le 70% dár gcuid oibre’

(1) Cad iad na socruithe nua atá curtha i bhfeidhm agaibh mar gheall ar an choróinvíreas?

Tá an fhoireann ag obair ón mbaile agus duine amháin ag tabhairt cuairt ar oifigí gach cúpla  lá.

(2) Cad iad na dúshláin is mó a bhíonn le sárú agaibh?

Imeachtaí a chealú agus easpa cinnteachta faoin todhchaí ghearrtéarmach/mheántéarmach na dúshláin is mó atá le sárú againn mar eagraíocht.

3)  Cad iad na hócáidí, tograí nó pleananna atá curtha ar ceal agaibh mar gheall ar an choróinvíreas?

Sraith imeachtaí siamsaíochta; parkrunabú, féasta sráide, ócáidí ealaíne, cruinnithe pleanála srl. Tá gach a raibh ar an bhféilire go dtí Lúnasa curtha siar againn mar aon le himeachtaí a bhí á reáchtáil againn i gcomhpháirt le Gaillimh 2020 agus Féile Cúirt.

4)  Cad iad na hócáidí, tograí nó pleananna a bhfuil éiginnteacht ann fúthu mar gheall ar an choróinvíreas?

Tá éiginnteacht ann faoin Oíche Chultúr (Meán Fómhair), Oireachtas na Samhna, ócáidí gréasánaíochta, rannpháirtíocht i bhféilte eile – Eisteddfod, An Mod, Yn Chruinneacht, Féile Milwaukee, Féile na Gealaí, Electric Picnic ina measc.

5)  Ar an iomlán, cén tionchar a bhí ag an ghéarchéim ar obair na heagraíochta agus cén tionchar a bheas aici ar obair na heagraíochta?

Is deacair a mheas, táimid i dteagmháil le grúpaí pobail srl, ag plé dátaí nua, táimid i mbun suirbhé ar ghréasánaíocht ar fud an oileáin agus beidh taighde le déanamh ar thorthaí an taighde sin. Táimid ag baint leas as na meáin shóisialta gach lá ag cur obair na heagraíochta os comhair an phobail.

6)  An bhféadfá buille faoi thuairim a thabhairt faoin chéatadán d’obair na heagraíochta ar chuir an ghéarchéim isteach air?

Má bhíonn orainn Oireachtas na Samhna a chur ar ceal beidh tionchar ag an ngéarchéim seo ar thart ar 65/70% d’obair na heagraíochta. Déanfar cinneadh maidir le hOireachtas na Samhna go luath anois agus más gá, agus le tacaíocht Fhoras na Gaeilge, cuirfear clár oibre leasaithe don bhliain le chéile. Feicfimid cé na rialacháin a bheidh i bhfeidhm sula ndéanfar cinneadh.

Fág freagra ar '‘Más gá Oireachtas na Samhna a chur ar ceal beidh tionchar ag an ngéarchéim seo ar suas le 70% dár gcuid oibre’'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Nach bhféadfaí líon an lucht freastail – agus líon na mbéarlóirí – a laghdú ach gan dul ar aghaidh le ‘Steip’ i mbliana.