Má choinnítear Sweeney agus Quinlivan faoi chois beidh Tiobraid Árann i dtrioblóid

Tosaithe den scoth iad Conor Sweeney agus Michael Quinlivan ach níl seans dá laghad go dtabharfaidh Maigh Eo an spás céanna don bheirt acu agus a thug Corcaigh dóibh i gcluiche ceannais na Mumhan

Má choinnítear Sweeney agus Quinlivan faoi chois beidh Tiobraid Árann i dtrioblóid

Lee Keegan agus Michael Quinlivan. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Maigh Eo v Tiobraid Árann – Páirc an Chrócaigh, 3.30i.n. (Beo ar RTÉ)

Cé gurb í foireann Mhaigh Eo rogha na coitiantachta, ní bheidh aon easpa muiníne ar Thiobraid Árann sa chluiche seo. Cheap go leor daoine go mbeadh Corcaigh, foireann a bhí i Roinn 3 na sraithe leo i mbliana, rómhaith dóibh i gcluiche ceannais na Mumhan ach an lá cheana léirigh imreoirí Thiobraid Árann an mianach atá iontu agus ní chuirfidh foireann Mhaigh Eo aon fhaitíos orthu.

Cé go raibh cuma láidir ar fhoireann James Horan in aghaidh Ros Comáin i gcluiche leathcheannais Chonnacht, bhí siad cuid mhaith níos fearr ná Gaillimh sa chluiche ceannais ach theip orthu na Gaillimhigh a chur de dhroim seoil.

Is maith mar a chruthaigh go leor de na himreoirí óga atá tugtha isteach ag Maigh Eo i mbliana, go mór mór Eoghan McLaughlin, Oisín Mullin agus Tommy Conroy, ach mar sin féin déarfá nach bhfuil foireann seo Mhaigh Eo chomh láidir agus a bhí sí trí bliana féin ó shin. Is cinnte go bhfuil Maigh Eo ag dul sa treo ceart agus is iontach an spreagadh a thabharfadh taispeántas maith inniu dóibh.

Is í an fhadhb is mó atá ag Tiobraid Árann go bhfuil a fhios ag an saol mór go mbeidh siad ag brath go mór ar bheirt chun scóranna a fháil.

Tosaithe den scoth iad Conor Sweeney agus Michael Quinlivan ach níl seans dá laghad go dtabharfaidh Maigh Eo an spás céanna don bheirt sin agus a thug Corcaigh dóibh i gcluiche ceannais na Mumhan.

Tá sé ionann is cinnte gurb é Cathal Barrett a choinneos súil ar Conor Sweeney gar don chúl agus tá sárjab déanta ag cosantóir Bhéal an Mhuirthead do Mhaigh Eo go dtí seo sa chraobh.

D’fhéadfadh gurb é Lee Keegan a bheidh ag marcáil Quinlivan. Tá Keegan sách láidir d’fhear Thiobraid Árann agus cé nach mbíonn na ruathair fhada úd á ndéanamh chomh minic céanna ag Keegan is a bhíodh, tuigfidh Quinlivan go maith nach féidir cead a chinn a thabhairt d’fhear Mhaigh Eo.

Seachas na scóranna atá faighte ag Quinlivan agus Sweeeny, is beag atá déanta ag tosaithe eile Thiobraid Árann ó thaobh scóranna a fháil. Is é an t-imreoir lár páirce, Liam Casey, an dara duine is mó ar fhoireann Thiobraid Árann a bhfuil scóranna aimsithe aige sa chraobh i mbliana agus 1-4 aige.

Chomh maith le cumas nach beag na beirte thuas, bhí an tábhacht leis an díograis a léirigh imreoirí Thiobraid Árann sa chluiche in aghaidh Chorcaí. Bhí Brian Fox, Robbie Kiely agus Kevin Fahey ar fheabhas thart faoi lár na páirce ach ní scaoilfear rudaí leo chomh bog agus a scaoil Corcaigh.

Má éiríonn le Maigh Eo smacht a fháil ar Quinlivan agus Sweeney, nó ar dhuine amháin féin acu, d’fhéadfadh seaimpíní na Mumhan a bheith i dtrioblóid.

Fág freagra ar 'Má choinnítear Sweeney agus Quinlivan faoi chois beidh Tiobraid Árann i dtrioblóid'