Má choinnítear faoi chois Brendan Maher, buafaidh na Seamróga

Tá an fuinneamh agus Brendan Maher ag Buiríos Ua Luigheach agus tá na réalta ag na Seamróga Bhaile Héil

Má choinnítear faoi chois Brendan Maher, buafaidh na Seamróga

Imreoir Bhuiríos Ua Luigheach, Brendan Maher. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An deireadh seachtaine seo is cúrsaí iomána a bheidh i lár an aonaigh i gceanncheathrú CLG agus cluichí ceannais sóisir, idirmheánacha agus sinsir ar siúl ar fhód ársa Pháirc an Chrócaigh.

Is amárach a bheidh an cluiche sinsir agus seaimpíní 2019 Seamróga Bhaile Héil ag déanamh cosaint ar a gcuid ina gcoinne siúd atá ag éileamh na corónach, Buiríos Ua Luigheach. Tá éacht déanta ag foireann Thiobraid Árann a mbealach a dhéanamh fad leis an gcluiche ceannais. Is beag cluiche a d’imir siad ina raibh siad ina rogha ag na húdair ach tá siad ag dul ó neart go neart agus a bhuíochas d’ardcheannaireacht Bhreandán Maher, tá siad sa chluiche ceannais. Ag an bpointe seo ní chuirfinn aon airgead ina gcoinne.

Tá an-spiorad acu agus féinmhuinín níos mó acu ó bhuaigh siad cluiche ceannais an chontae. I ndiaidh na gcéad chluichí cúige cheapas gurbh iad Baile Gunnair ab fhearr ach ba ag Buiríos Ua Luigheach a bhí an bua.

Thugadar an-taispeántas eile coicís ó shin sa chluiche leathcheannais i gcoinne fhoireann Naomh Tomás na Gaillimhe.

Ach tá fathach mór ag fanacht leo, Seamróga Bhaile Héil, an club is mó a raibh rath orthu sa chomórtas seo agus iad sa tóir ar a n-ochtú craobh agus an dara ceann as a chéile, rud nach bhfuil déanta fós acu. Is iad atá go láidir mar rogha ag na geallghlacadóirí. Ach ní dóigh go raibh an bainisteoir róshásta leis an dá thaispeántas deireanach uathu. Den chuid is mó, bhí cúlaithe Naomh Moling agus Shleacht Néill ábalta na Seamróga a choimeád ar an ngannchuid. An é go bhfuil laigí san fhoireann iomráiteach seo nó an amhlaidh go bhfuil tuirse orthu nó an é go bhfuil an fíon is fearr á choimeád acu don lá amárach?

Feicfimid linn.

Ach níl aon dabht ach go bhfuil Buiríos ag feabhsú i ngach cluiche agus go bhfuil tionchar Brendan Maher thar a bheith tábhachtach dóibh. Tuigeann lucht leanta na hiomána más féidir leis na Seamróga tionchar Maher a laghdú go bhfuil gach seans go mbeidh an bua acu. Ní fhacamar imreoir chomh húdarásach le Maher le fada, ach is dócha go bhfuil an iomad ag brath air. Ná déantar dearmad go bhfuil aonad tosaithe Bhuiríos Ua Luigheach an-óg, níl beirt acu ach 18 bliain, tá duine acu 20 agus duine eile 21 agus tá déagóir eile acu, Ray McCormack, sna leathchúlaithe. 

Cuir é sin i gcomparáid leis na réalta móra agus an taithí atá ag an bhfreasúra.

Tá an fuinneamh agus Brendan Maher ag Buiríos Ua Luigheach. Tá na réalta ag na Seamróga. Róshimplí b’fhéidir, ach má choinnítear guaim ar Bhrendan Maher, buafaidh na Seamróga.

Beidh ardghleo, lústar flústar agus futa fata i bPáirc an Chrócaigh um thráthnóna freisin áit a mbeidh ceithre pharóiste ag tabhairt tacaíochta dá laochra féinig.

Foirne as Corcaigh agus Cill Chainnigh a bheidh i gcoinne a chéile sa dá chluiche.

Ar a ceathair a chlog beidh Seamróga Conachaidh Chill Chainnigh i gcoinne Fhánaithe an Ruiséalaigh agus bród an dá pharóiste le cosaint acu.

Ag a sé a chlog a rachaidh Tulach Ruáin, a bhfuil laochra Chill Chainnigh, Tommy agus Pádraig Walsh ag imirt leo chomh maith lena mbeirt deartháireacha, Martin agus Shane, chun páirce i gcoinne Chumann an Athar Uí Néill. D’imir Tulach Ruáin i 31 cluiche ceannais sinsir an chontae agus ba iad a bhuaigh scór de na cluichí sin. Ach sa ghrád idirmheánach atá siad ag imirt ó 2015 agus deacair go maith a bhí sé acu a mbealach a dhéanamh amach as. Ach bhuadar anuraidh i ndiaidh cúpla drochbhliain agus cúpla drochthaispeántas. Tá an freasúra ar an slí aníos den chéad uair riamh agus iad ar bheagán taithí.

Is deacair tuar a dhéanamh faoin gcluiche seo ach rud amháin cinnte, beidh ardchoimhlint ann.

Fág freagra ar 'Má choinnítear faoi chois Brendan Maher, buafaidh na Seamróga'