Má choinníonn Cill Chainnigh Callanan faoi chois, beidh leo

Tabharfaidh Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann inniu agus súil ag Brian Cody go ndéanfaidh ógánaigh na gCat an beart i bPáirc an Chrócaigh inniu

Má choinníonn Cill Chainnigh Callanan faoi chois, beidh leo

Séamus Callanan ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i 2016. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Cill Chainnigh v Tiobraid Árann – Páirc an Chrócaigh, 3.30pm

Maireann an seanréimeas beo i gcónaí agus Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann tráthnóna.

Scór babhtaí a thug an dá chontae seo aghaidh ar a chéile i gcluichí ceannais roimhe seo agus tá cleachtadh againn ar an gcoimhlint a bhíonn eatarthu ach tá casadh beag i scéal na bliana seo.

Cé go bhfuil na scórtha cluichí ceannais buaite ag an dá chontae, tá tábhacht ar leith le ceann na bliana seo agus an dá fhoireann ag súil barr a réime a bhaint amach arís.

Tá Tiobraid Árann ar a míle dícheall buaic na glóire a bhaint amach athuair tar éis gur thit an tóin astu anuraidh. Níor éirigh leo teacht slán as craobh na Mumhan féin, agus cé go bhfuil an-fheabhas orthu i mbliana agus iad faoi cheannas Liam Sheedy, d’fhág an cliseadh i gcluiche ceannais an chúige in aghaidh Luimnigh níos luaithe i mbliana nach bhfuil daoine róchinnte fós an bhfuil siad tagtha chucu féin i gceart.

Bhí lagbhrí ar fhoireann Chill Chainnigh le blianta beaga anuas chomh maith. Níl Corn Mhic Cárthaigh buaite acu ó 2015, gorta fada i gcás na gCat, agus níl an cluiche ceannais bainte amach acu ó 2016, nuair a thug Tiobraid Árann stánáil dóibh.

Ní foláir nó tá ceachtanna foghlamtha ag Cill Chainnigh ón gcluiche sin trí bliana ó shin. Rinne Seamus Callanan scrios an lá sin. D’aimsigh an lántosach naoi bpointe ón imirt agus Joey Holden á mharcáil ach fágadh an lánchúlaí gan chabhair sa chluiche sin agus ní fhéadfaidh sin tarlú arís inniu.

Tá tosaithe níos fearr ag Tiobraid Árann ná mar atá ag Cill Chainnigh agus más cluiche oscailte a bheidh ann, tá seans i bhfad níos mó ann gur leis an Muimhnigh a bheidh an lá.

Beidh taispeántas lán díograise ag teastáil ó Chill Chainnigh, amhail an ceann a thug siad i gcoinne Luimnigh sa chluiche leathcheannais nuair nár thug siad spás dá laghad dá gcéilí comhraic.

Beidh ar a laghad seisear ar fhoireann Chill Chainnigh a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais sinsir den chéad uair tráthnóna agus beifear ag súil le sárchluiche uathu go léir. Ar ndóigh, beidh an choimhlint idir Huw Lawlor agus Callanan thar a bheith tábhachtach ach beidh go leor á éileamh ó dhuine eile d’imreoirí nua Chill Chainnigh, sin é Conor Browne.

Bhí Browne ar fheabhas agus é ag marcáil Chian Lynch sa chluiche leathcheannais in aghaidh Luimnigh agus seans go gcuirfear de chúram air sárimreoir eile, Noel McGrath, a mharcáil tráthnóna.

Tá saoirse tugtha do McGrath i lár páirce i mbliana agus is é is mó a chruthaíonn deiseanna do thosaithe Thiobraid Árann. Tá sé breá ábalta scóranna a aimsiú chomh maith agus is é McGrath a thosaigh an teacht aniar i gcoinne Loch Garman sa chluiche leathcheannais.

Beidh an cath sin i lár na páirce cinniúnach. Tá sé ríthábhachtach go n-éireodh leis an dá fhoireann a gcuid pocanna amach féin a bhuachan agus beidh imirt dhiongbháilte riachtanach.

Is mór an chailliúint do Thiobraid Árann é Patrick ‘Bonnar’ Maher ón taobh sin de. Níl Dan McCormack ná Niall O’Meara chomh héifeachtach céanna agus is cinnte go mbeidh Brian Cody ag súil go mbeidh an lámh in uachtar ag Conor Fogarty, Pádraig Walsh agus Paddy Deegan sa chomhrac áirithe sin.

Ó thaobh chosantóirí Thiobraid Árann de, is í an cheist is mó ná cé a bheidh ag marcáil TJ Reid. Is é Reid rogha na coitiantachta chun gradam ‘Iománaí na Bliana’ a thabhairt leis ag deireadh an tséasúir agus cé nár scóráil sé ón imirt le dhá chluiche anuas, bhí tionchar ollmhór aige ar na cluichí a bhuaigh na Cait i gcoinne Chorcaí agus Luimnigh.

Pádraic Maher is iondúla a bhíonn mar leathchúlaí láir ag Tiobraid Árann ach is é Brendan Maher is mó atá roghnaithe ag Liam Sheedy chun an t-imreoir is fearr atá ag an bhfreasúra a mharcáil. Mura mbeidh Pádraic Maher ag marcáil Reid, ní bhogfar siar sa chúinne é agus is mó seans go mbeidh sé ina chosantóir le cois os comhair na cearnóige agus é ag cuidiú le tionchar Colin Fennelly a mhaolú.

Is beag atá idir na foirne seo i ndáiríre.

Mura n-éiríonn le Cill Chainnigh an ceann is fearr a fháil ar thosaithe Thiobraid Árann, clisfidh ar na Cait ach má bhíonn an dúrúch oibre céanna orthu agus a bhí i gcoinne Luimnigh, seans go mbeidh Corn Mhic Cárthaigh arís acu.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'Má choinníonn Cill Chainnigh Callanan faoi chois, beidh leo'