Má chloítear le plean Schmidt beidh an lá leis na Gaeil

Is deacair a cheapadh nach mbeidh Schmidt ag cur béim an-mhór go deo ar ar chloí leis an bplean imeartha ón tús amárach

Joe Schmidt 20/5//2014

Is fada an lá ó bhí an oiread spéise i gcomórtas na Sé Náisiún, comórtas a thosóidh anocht. Seans láidir gur Corn Domhanda an Rugbaí a bheith ar bun roimh dheireadh na bliana seo is cúis leis. De bhrí gur muide curaidh an chomórtais áirithe seo, tá suim ar leith sa tír seo ann, muid ag súil go mbeidh Joe Schmidt in ann stíl imeartha a réiteach a bhainfeas geit as an bhfreasúra, díreach mar a rinne sé anuraidh, ní hamháin sa gcomórtas seo ach i gcoinne na hAstráile agus na hAfraice Theas freisin.

Beidh muid ag súil chomh maith, go mbeidh Schmidt in ann cúpla patrún imeartha a choinneáil faoi cheilt roimh an gCorn Domhanda, ach leis sin a dhéanamh gan cháim, ní mór dó a chinntiú go bhfuil an painéal is fearr ar féidir leis teacht air aige don chomórtas sin. Tugann an comórtas 6 Náisiún deis iontach dó sin a dhéanamh. Is fiú a rá freisin go bhfuil go leor den tuairim gur dea-scéala do thodhchaí fhoireann na hÉireann nach bhfuil Cúige Mumhan ná Cúige Uladh fós ag imirt i gComórtas na gCuradh, mar go mbeidh níos mó fáil ag Joe Schmidt orthu. Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé féin róchinnte faoi sin.

Ach idir seo agus sin, cuirfear tús le comórtas Sé Náisiún na bliana seo san oíche Dé hAoine i gCaerdydd, áit a dtabharfaidh An Bhreatain Bheag agus Sasana aghaidh ar a chéile. Tá sé fíordheacair réamhbhreith a thabhairt faoi thoradh an chluiche seo. Tabharfaidh sé léargas maith ar chur chuige dhá fhoireann a bheas go mór san iomaíocht don dá mhórchomórtas i 2015.

Ní ionann an cás maidir leis an gcluiche idir an Fhrainc agus Albain, cluiche a bheas ar bun i bParás an Satharn seo. Cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta ag Albain faoi stiúir Vern Cotter, is deacair bua i bPáras a shamhlú dóibh mar sin féin – is é sin, mura dtarlóidh an tubaiste chéanna do na Francaigh is a tharla do na “Wolfhounds” i gcoinne na “Saxons” i gCorcaigh seachtain ó shin.

Ach is ar an Róimh agus ar an gcluiche idir na hIodálaigh agus muid féin a bheas aird phobal na hÉireann an Satharn seo, ar ndóigh. Ní hé an dea-cháil ar fad atá orainn agus muid ag imirt sa Róimh. Bhí an-lá ag na hIodálaigh sa gcluiche céanna seo dhá bhliain ó shin agus marach preabchic ó Ronan O’ Gara ar an bpáirc chéanna dhá bhliain roimhe sin arís, ní móide go mbuafadh muid.

Cuimhnigh freisin nach bhfuil fáil ar Johnny Sexton ná ar Chian Healy ná Jamie Heaslip don chluiche seo. Fágann sin go raibh cúpla cinneadh suntasach le déanamh ag Schmidt. Keatley in áit Madigan a roghnaigh sé sa deireadh ag uimhir ‘10’, ach beidh géarghá le hathrú meoin iomlán ón gcluiche úd i gcoinne na Saxons. Is deacair a cheapadh nach mbeidh Schmidt ag cur béim an-mhór go deo ar dhearcadh, ar dhianmhachnamh agus ar chloí leis an bplean imeartha ón tús. Má dhéantar sin, níl cúis ar bith nach mbeidh an lá leis na Gaeil.

Ní foláir do Schmidt bainistiú ceart a dhéanamh ar na triúr imreoirí fichead a bheas leis. Caithfidh sé gortuithe a sheachaint; ní bheidh ach sé lá aige le réiteach do chuairt fhoireann na Fraince ar an Aviva ar an 14 Feabhra.

Fág freagra ar 'Má chloítear le plean Schmidt beidh an lá leis na Gaeil'