Má chloiseann tú faoi ‘ghuais mhorálta’, smaoinigh nach bhfuil moráltacht ar bith i gceist

Ní ar phrionsabail eacnamaíochta a bhunaítear cinntí faoi fhiacha, ach ar phrionsabail pholaitíochta

Alexis Tsipras

Ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh iachall ar an nGearmáin os cionn €320 billiún a íoc mar chúiteamh ar an scrios a rinne na Naitsithe ar fud na hEorpa.

Bhí tuiscint ann, ámh, nach mbeadh sé ar chumas na Gearmáine an méid sin a íoc, agus mar sin socraíodh go dtiocfadh an t-airgead ar fad as brabús a dhéanfaí ar earraí onnmhairithe.

Mar a tharla, ba é an toradh air seo ná go raibh sé chun leas na dtíortha sochar earraí a cheannach – ionas go bhfaighidís a gcuid cúitimh. Chabhraigh sé sin go mór leis an bhforbairt as cuimse a tháinig ar eacnamaíocht na Gearmáine i ndiaidh an chogaidh.

Ar ndóigh, bhí dlúthbhaint ag an scéal leis an gcogadh fuar idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéideach, ach, mar sin féin, is ar éigean go mbeadh sé ar chumas na Gearmáine teacht chuige féin in éagmais na cabhrach sin.

Féach go bhfuil an Ghearmáin anois ina máistir nach mór ar Aontas na hEorpa!

B’shin an chéad chuid de scéal seo na dtrí fhiach.

Agus an dara chuid? Sin fiacha na Gréige.

Tá a fhios againn scéal na bhfiach sin, mar is é ba chionnsiocair le géarchéim an chórais Euro le tamall fada. Ba fhiacha bancanna a bhí ann, ach cuireadh iachall ar na nGréig glacadh leo mar fhiacha stáit, faoi mar a cuireadh iachall orainne in Éirinn freisin.

Ach féach an difear idir an dá chás. I gcás na Gearmáine, glacadh leis gur chun leas na Stát Aontaithe a bhí sé an Ghearmáin a chur ar a gcosa arís, ach i gcás na Gréige, is cuma sin.

Tá a fhios ag an saol nach n-éireoidh leis an bplean tarrthála is deireanaí agus nach mbeidh an Ghréig in ann na hiasachtaí nua a tugadh di a aisíoc go brách. Tá scrios fiacha ag teastáil, fiú i dtuairim an IMF, ach níl an Ghearmáin sásta glacadh leis sin.

Mhol rialtas na Gréige freisin gur chóir ar a laghad scéim theagmhasach a bheith ann: is é sin, nach mbeadh sé de dhualgas ar an nGréig aisíoc a dhéanamh ach amháin sa gcás go raibh biseach ar an eacnamaíocht.

Cé gurb shin, nach mór, a tharla i gcás na Gearmáine tar éis an chogaidh, dhiúltaigh an Ghearmáin agus an tAontas Eorpach fiú plé a dhéanamh ar an moladh sin.

B’fhéidir dá n-imeodh an Ghréig ón airgeadra Euro …

Ach ina uireasa sin, bheadh ar an nGreig cloí le coinníollacha nach raibh le bheith ann i gcás na Gearmáine, agus nach n-éireoidh leo i gcás na Gréige.

Mar go bhfuil an Ghréig ag diúltú imeacht ón euro níl aon chárta le n-imirt acu, ach mar sin féin ó thaobh prionsabail de – agus bíonn na Gearmáinigh ag caint go minic faoi phrionsabail – níl aon chúis eacnamúil go mbeadh difear ann.

Cuir an seasamh láidir seo i gcoinne na Gréige i gcomparáid leis an tríú cuid de scéal seo na bhfiach – scéal na hÚcráine.

Sular thit an frithréabhlóid amach sa tír sin agus gur bhris sí leis an Rúis, bhíodh an Úcráin ag fáil gáis ón Rúis ar phraghas an-íseal (nuair a bhac siad le híoc as ar chor ar bith!).

Ach nuair a d’éirigh an Úcráin naimhdeach don Rúis cuireadh stop leis an ngás saor, agus cuireadh iachall freisin uirthi a gcuid fiacha leis an Rúis a ghlanadh.

Ach tá droch-chaoi ar fad ar gheilleagar na hÚcráine (níos measa, go deimhin, ná staid eacnamaíocht na Gréige) agus le tamall tá iarracht ar siúl ag an IMF agus tíortha eile d’fhonn teacht ar réiteach eicínt leis an Úcráin ar fhadhb na bhfiach.

Nach ait, mar sin, go bhfuil an Ghearmáin, an Eoraip, na Stáit Aontaithe agus an IMF i ndiaidh glacadh leis an réiteach céanna ar dhiúltaigh siad dó i gcás na Gréige. Ní bheidh fiacha na hÚcráine le haisíoc ach ar bhonn teagmhasach, is é sin nuair a bheas fás cruthanta san eacnamaíocht.

Ar ndóigh, níl an Rúis sásta leis an réiteach sin, ach is ar bhonn polaitiúil é sin, seachas rud ar bith eile. Cén fáth a dtabharfadh siad faoiseamh dá naimhde?

‘Sea, is éard a léiríonn na trí scéal seo ná nach ar phrionsabail eacnamaíochta a bhunaítear cinntí faoi fhiacha, ach ar phrionsabail pholaitíochta.

Tá lucht an iarthair den tuairim go bhfuil sé tábhachtach cabhrú leis an Úcráin san iarracht an Rúis a thimpeallú, agus, ag an am céanna, stop a chur le dea-chaidreamh a chothú idir an Eoraip agus an Rúis. Ach toisc nach bhfuil ceannairí na Gréige sásta briseadh leis an iarthar ar chor ar bith, ní gá aird ar bith a thabhairt orthu ná ar a gcuid riachtanas.

An chéad uair eile a chloiseann tú caint faoi ghuais mhorálta, smaoinigh nach bhful moráltacht ar bith i gceist.

Fág freagra ar 'Má chloiseann tú faoi ‘ghuais mhorálta’, smaoinigh nach bhfuil moráltacht ar bith i gceist'

  • Shane M

    Píosa den scoth.