Má bhuailtear buille an bháis ar thionscal na feilméarachta bradán, cniogfaidh sé an Ghaeltacht seo ar fad

Tá cúl coinnithe ar an bhfeilméaracht bradán agus is é an trua ghéar go bhfuil

Má bhuailtear buille an bháis ar thionscal na feilméarachta bradán, cniogfaidh sé an Ghaeltacht seo ar fad

Is beag cóip den Irish Times a dhíoltar i bparóiste Charna. Trí shiopa a choinníonn é. Chuir mé tuairisc i gceann acu an lá faoi dheireadh. ‘Ceithre chóip sa lá atá muid a dhíol faoi láthair,’ a dúradh liom.

Fágann sin gur corrdhuine sa taobh seo a léigh alt a bhí ag Stephen Collins faoin bhfeilméaracht bhradán san Irish Times le gairid.

Ba í an phríomhtheachtaireacht a bhí aige go bhfuil cúl coinnithe ag an rialtas ar an gcineál seo feilméarachta agus gurb é an trua ghéar go bhfuil.

Caint í a thuigfí go maith sa taobh seo de Chonamara.

I gCarna a thosaigh feilméaracht bhradán na hÉireann thart ar dhá scór bliain ó shin. Údarás na Gaeltachta agus Bord Soláthair an Leictreachais a chuir le chéile leis an tionscal a bhunú.

I bpoll farraige i Maínis, Poll an Choire, a thosaigh siad. Is maith is cuimhneach linn Jeaicí Mac an Iomaire, nach maireann, a bheith ag dul amach ar a Honda chuile lá leis na héisc bheaga a bheathú.

Is beag a cheap Séamus Mac an Iomaire as Maínis nuair a scríobh sé an leabhar bhreá Cladaí Chonamara go dtiocfadh an lá mbeadh a leithéid d’obair ar siúl i bPoll an Choire.

Ba é Séamus uncail Jeaicí.

Thagair Séamas Collins don tóir atá ag muintir na hÉireann ar an mbradán deataithe. Na Sóisialaithe Móra féin luaitear cuid acu leis.

Ach, a dúirt an Coileánach, cé mhéad duine a chuimhníonn gur dócha gur bradán de chuid na Alban, na hIorua nó as na Scigírí (Oileáin Fharó) atá siad a ithe?

Níl an tír seo in ann a díol féin de na bradáin a chur ar fáil gan trácht ar iad a onnmhairiú.

Tá feilméaracht na mbradán ag fás go tréan ar fud an domhain ach is ag dul ar gcúl atá an tionscal in Éirinn.

Méiseáil rialtais is cúis leis, a deir Stephen Collins, sin agus scéal chailleach an uafáis atá ar bun ag grúpa beag glórach in aghaidh an tionscail.

Tríocha bliain ó shin ba mhar a chéile an méid bradán a bhí Éire agus an Iorua a chur ar fáil—20,000 tonna. Inniu tá an Iorua ag cur 1.2 milliún tonna ar an margadh agus níl Éire a tháirgeadh ach 19,000 tonna.

Chomh fada agus a bhaineann sé leis an táirgeacht dhomhanda, d’fhás an tionscal 164% le fiche bliain anuas ach is é an chaoi ar chrap sé 24% sa tír seo.

Sa mbliain 2010 d’fhoilsigh an rialtas polasaí ar thug siad ‘Food Harvest 2020’ air. Chuir siad rompu 36,000 tonna a bhaint amach faoin mbliain 2020. Faoi dheireadh 2018, 7,000 tonna níos lú a bhí ag teacht as na cliabháin bhradán in Éirinn.

Mura dtaga athrú intinne ar lucht údaráis scriosfar an tionscal ar fad anseo sa deireadh, a deir Stephen Collins. Is beag fonn atá ar chomhlachtaí bradán infheistíocht a dhéanamh anseo anois. Ar Albain atá a n-aghaidh. Tá a fhios acu go maith go bhfuil rialtas na hAlban lándáiríre faoi fheilméaracht na mbradán.

An rud is mó a chuirfeadh cantal ort go bhfuil uiscí na hÉireann ar fheabhas, an domhain i gcomhair na mbradán.

Admhaíonn Stephen Collins go raibh droch-cháil ar an tionscal i dtús aimsire ach is mór an dul chun cinn atá déanta ó shin, a deir sé. Is féidir bradán orgánach ar ardchaighdeán a chur ar fáil anois, ar seisean.

Má bhíonn cothromaíocht na cumhachta ag Comhaontas Glas tar éis an olltoghcháin d’fhéadfadh sé gurb iadsan a thabharfadh buille an bháis do thionscal na feilméarachta bradán in Éirinn.

Má tharlaíonn sin cniogfaidh sé an pobal Gaeltachta seo ar fad.

Idir an dá linn méadóidh táirgeacht na mbradán ar fud an domhain. Agus leanfaidh Sóisialaithe agus Glasaigh orthu ag slogadh bradán deataithe as Albain, as an Iorua agus as na Scigirí.

Fág freagra ar 'Má bhuailtear buille an bháis ar thionscal na feilméarachta bradán, cniogfaidh sé an Ghaeltacht seo ar fad'

  • Paidioriain

    Is mor an trua é go bhfuil Daoine airithe I gcoinne feirmeoireacht éisc Tā deis ann fostaiocht a cruthu

  • T Ó Cualáin

    Meas tú nach mbainfidh an t-athrú mór aeráide deatach as bradáin na gcacghaistí. Bíodh an fheamainn acu mar a dúirt Údarás na Gaeltachta faoin bhfeaictaraí feamainne ab fhearr a bhí sa nGaeltacht! B’fhéidir go n-inseofá dhúinn, a smokey Joe, cén fáth ar dhíol an tÚdarás an acmhainn ba luachaire agus ba nádúrtha sa nGaeltacht le comhlacht mór eachtrannach. Céard a léirigh sin faoi neamhpleáchas, faoi chumas nó faoi mheabhair ár bpolaiteoirí ‘Gaeltachta’?

  • Seosamh Ó Cuaig

    Bhí mé in aghaidh Arramara a dhíol ach dúradh linn ag Bord an Údaráis go gcosnódh sé 10 milliún euro forbairt cheart a dhéanamh ar an áit. Bhí airgead an Údaráis gearrtha go dúid ag Fianna Fáil ag an am — an dream céanna a mbíonn leithéidí T Ó Cualáin ag vótáil dóibh.

  • T Ó Cualáin

    ‘Forbairt cheart a dhéanamh air’! É a dhíol agus an dream a cheannaigh é a bheith ag éileamh cearta cladaigh ó Dhún na nGall go Co. an Chláir – ba mhaith an margadh é sin! Sin anois forbairt! Cérbh ionadh col a bheith ag an gCadhanach leis an bhfocal!
    Dá mbeadh cladóirí nó dream farraige ar an Údarás thuigfidís gur beag idir geilleagar agus iompar na taoille – a’ tuile is a’ trá, rabharta agus mallmhuir – go bhfónann foighid agus stuaim don bhádóir maith.
    Maidir leis an gCoileánach, a dtugais poiblíocht dá alt, níl fhios aigesean an oiread faoi chúrsaí mara is atá fhios ag muintir an Eachréidh. Ní aithneodh sé bundún leice dá mbuailfeadh sé streall sa dá shúil air gan trácht ar an mbradán fearna.
    Dá dtagadh Séamas Mac an Iomaire ar ais inniu nó an tIar-Ollamh Pádraig Ó Céidigh – cladóir meabhrach agus eolaí macánta – nach iad a bheadh sásta le do bhradáinín míolach! Tá an cladach tréighte ag an dream thiar agus a gcuid neamhspleáchais séanta ag na hinstitiúidí léinn. Bundúin an bhrabaigh atá i réim. Is beag a n-aird siúd ar dhath, ar bholadh ná ar chlaochlú an chladaigh. Iascán úr folláin a mharú ina thonnaí go mbeathaítear bradán an bhrabaigh, bradán na seadán agus na bpataiginí a bhfuil an oiread sin tóir ag iriseoirí leapan air, sin í an fhorbairt, a mhicó! Is ionann cás na mbradán agus cás na mbancanna, gaistiú arm Mheiriceá ar aerfort na Sionainne nó cás na tíre uilig dá n-abraínn é .i. féinrialáil agus cur i gcéill. Féicniús agus trumpaireacht. Neosfaidh an aeráid!