Má bhíonn vacsaín ar fáil an mbainfidh lucht polaitíochta agus comhcheilge cuid den mhaitheas as?

Beidh an oiread baint ag an bpolaitíocht agus an taidhleoireacht idirnáisiúnta le roinnt na vacsaíne agus a bheidh ag riachtanais leighis

Má bhíonn vacsaín ar fáil an mbainfidh lucht polaitíochta agus comhcheilge cuid den mhaitheas as?

Glactar leis anois go gcaithfear fanacht le vacsaín nó cóir leighis má tá an domhan leis an gceann is fearr a fháil ar an víreas corónach. Tá ollscoileanna, airm, údaráis leighis agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i mbun dian-iomaíochta lena chéile ag iarraidh an vacsaín a aimsiú.

Cé go bhfuil sé dá mhaíomh ag leithéidí Donald Trump go mbeidh vacsaín sna Stát Aontaithe am éigin sa bhfómhar nó roimh dheireadh na bliana, is beag saineolaí a chreideann nach dtógfaidh sé bliain nó mar sin ar a laghad.

 An cheist a bheidh le réiteach ansin ná cé leis a roinnfear an vacsaín i saol na heolaíochta, cé hiad na tíortha lena roinnfear í agus cén costas a bheidh uirthi?

Beidh an oiread baint ag an bpolaitíocht agus an taidhleoireacht idirnáisiúnta le roinnt na vacsaíne agus a bheidh ag riachtanais leighis.

Ciallaíonn sé seo ar fad go mbeidh an víreas seo linn go ceann scaithimh. Go deimhin, dúirt Michael Ryan ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte le gairid go bhféadfadh nach ruaigfí an víreas go brách. Luaigh sé samplaí de víris eile, HIV, an eitinn agus an bhruitíneach, atá linn agus a bheidh linn.

I gcás galair áirithe bíonn vacsaín nó leigheas ann dóibh ach ní bhíonn sé ar fáil i gcónaí sna tíortha is mó go bhfuil an galar sin iontu agus bíonn tionchar chomh maith ag an bhfeachtas domhanda in aghaidh vacsaín a thabhairt do pháistí ar an nglacadh a bhíonn le vacsaín.

Is maith is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo dhéagóir an alltacht agus an sceon a bhain leis an víreas HIV agus an galar SEIF. In 2004 is mó a fuair daoine bás ón ngalar SEIF. Chuir SEIF 1.7 milliún duine den saol an bhliain sin agus tá an líon sin ag laghdú go leanúnach ó shin.

Mar sin féin tá os cionn 23 milliún duine ar fud na cruinne a bhfuil an víreas sin orthu. Tá cógais leighis ar fáil inniu do dhaoine a ligeann dóibh maireachtáil leis an víreas, ach tá géarchéim an HIV fós ar cheann de na héigeandálacha sláinte is mó ar domhan. 

Ní gá víreas chomh casta le HIV, nach bhfuil aon vacsaín ar fáil fós ina aghaidh, a lua le tionchar an leighis a mheas.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón WHO faoin mbruitíneach bhí 112,000 cás den ghalar ann ag deireadh na míosa seo caite – ardú 300% ar an líon cásanna a deimhníodh anuraidh. Tá dhá chúis leis an ardú ollmhór – níl fáil ar an vacsaín ag gach duine go háirithe sa Mheánoirthear agus san Afraic, agus bíonn  tuismitheoirí áirithe ar fud an domhain amhrasach ar cheart aon vacsaín a thabhairt dá gcuid páistí.

Bhí an eitinn beagnach glanta as Éirinn ón uair gur cruthaíodh an vacsaín dó i 1952 go dtí le cúpla bliain anuas nuair a thosaigh líon na gcásanna ag méadú arís. Aimsíodh 272 cás den eitinn sa tír seo anuraidh. Go deimhin tá an vacsaín in aghaidh na heitinne, an BCG, dá mheas faoi láthair féachaint an mbeadh sí éifeachtach in aghaidh an víris chorónaigh.

De réir mar atá muid ag foghlaim faoi, is léir go bhféadfadh an Covid-19 a bheith linn go ceann i bhfad nó go deo féin. An cheist anois an mbeidh daoine sásta muinín a chur sa vacsaín nó sa gcóir leighis nuair a aimsítear iad? An bhfuil muid sásta muinín a chur sna heolaithe muid a scaoileadh as greim an víris seo? Nó an bhfuil an baol ann go mbeidh dul chun cinn na heolaíochta faoi scáth na polaitíochta agus lucht tóraíochta na comhcheilge?

Cuirfidh sin moill cinnte ar aon fhuascailt ar an scéal.

Fág freagra ar 'Má bhíonn vacsaín ar fáil an mbainfidh lucht polaitíochta agus comhcheilge cuid den mhaitheas as?'