Cluiche crua roimh na Muimhnigh san Afraic Theas

Tá trí chúige ón tír seo ag cur chun páirce inniu i gcomórtas an URC

Cluiche crua roimh na Muimhnigh san Afraic Theas

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Bhí scíth le bheith i gcomórtas an URC an deireadh seachtaine seo le deis a thabhairt d’fhoirne agus do lucht leanúna a n-aird a díriú  go hiomlán ar chomórtas na Sé Náisiún. Ach shocraigh foireann bhainistíochta an URC leas a bhaint as an sos le cúpla cluiche a cuireadh ar athlá de bharr Chovid a imirt. Ciallaíonn sin go mbeidh trí chúige ón tír seo ag cur chun páirce inniu.

Tá na Muimhnigh ar ais san Afraic Theas áit a raibh siad mí na Samhna seo caite nuair a chuir Covid deireadh lena gcluiche i gcoinne na mBulls. Is mór an mhaith nach bhfuil tada ag cur as do chluiche an lae inniu a bheas á imirt ag an am céanna agus a bheas na hIodálaigh ag cur chun páirce i gcoinne na hAlban.

Beidh Mumha ag iarraidh tógail ar an mbua deich n-úd a a bhí  acu i gcoinne na nDragons i Luimneach an Satharn seo caite. Beidh le feiceáil an aon bhuntáiste dóibh an bua sin i gcoinne na foirne is laige sa mBreatain Bheag mar réiteach le tabhairt faoin churaidh an Currie Cup le dhá shéasúr anuas.

Mar sin féin, tá na Bulls san 11ú háit déag ar thábla an URC faoi láthair, ocht n-áit níos ísle ná na Muimhnigh, foireann atá sa tríú háit. Ach is ag na Bulls atá buntáiste an bhaile agus, níos tábhachtaí fós, tá cleachtadh acu freisin ar a bheith ag imirt i Pretoria atá ard os cionn leibhéal na farraige. Tá cluiche crua roimh na Muimhnigh inniu, cluiche gur deacair an toradh a thuar.

Ní túisce a bheas cluiche mór chomórtas na Sé Náisiún idir Sasana agus Éire thart inniu ná go mbeidh aird lucht leanúna an rugbaí dírithe ar an gcluiche mór idir-chúige idir na hUltaigh agus na Laighnigh. Is ag na hUltaigh atá buntáiste an bhaile sa gcoimhlint barr tábla seo idir Cúige Laighean, atá sa gcéad áit, agus na hUltaigh, atá sa dara háit. Is fiú a mheabhrú gur chas na foirne seo ar a chéile san RDS ag deireadh mhí na Samhna seo caite, ócáid inar thug na hUltaigh an lá leo (20-10). Ní bheidh sé ró-éasca ag na Laighnigh mar go mbeidh siad d’uireasa roinnt imreoirí atá ar dualgas idirnáisiúnta.  Má bhíonn an bua ag na cuairteoirí anocht beidh an gradam mar churaidh tuilte go maith acu ach bí ag súil le sár-iomaíocht.

Fág freagra ar 'Cluiche crua roimh na Muimhnigh san Afraic Theas'