Luíochán i gcoinne Luimnigh á bheartú ag Gaillimh agus gach dream eile

An Ghaillimh, Luimneach Corcaigh agus, b’fhéidir, Tiobraid Árann is láidre a bheidh in 2019

Luíochán i gcoinne Luimnigh á bheartú ag Gaillimh agus gach dream eile

Tom Morrissey (Luimneach) agus Gearóid McInerney (Gaillimh). Pictiúr: INPHO/James Crombie

Gach bliain le beagnach deich mbliana anuas bhí caint ann ag tús na bliana faoi Thiobraid Árann a bheith ina rogha láidir don chraobh. Agus i bhfad níos minice ná a mhalairt sa tréimhse chéanna tháinig agus d’imigh an chraobh agus gan aon údar gaisce acu ina diaidh. Le tamall de bhlianta anuas aon uair a mbíodh folúntas ann do bhainisteoir sa chontae luadh dhá ainm – Nicky English agus Liam Sheedy. Bhuel tá ceann díobh, Sheedy, ar ais sa phost mór agus ábhar dóchais mór é sin dá leantóirí dílse. Is iomaí lá a raibh díomá ar na leantóirí céanna mar gur theip ar na Tiobraid Árannaigh rómhinic in ainneoin foirne thar a bheith láidir agus cumasach a bheith acu. Tá siad sa dara háit arís ag na geallghlacadóirí do chraobh 2019. Feicfimid linn.

Tá an Ghaillimh mar rogha na n-údar arís i mbliana. An bhfuil an stádas sin tuillte acu? Bhuel mar a bhí anuraidh tá painéal thar a bheith láidir acu agus an chuid is mó díobh i mbarr a maitheasa ó thaobh aoise agus taithí. Bheadh sé deacair dul ina gcoinne ag an bpointe seo. Caithfidh go mbuafaidh siad craobh Laighean gan mórán stró agus nuair a chuirtear gach rud san áireamh feictear dom gurb iad is láidre sa tír. 

Agus céard faoi churaidh na hÉireann, Luimneach? Bhuel beidh luíochán (oscailte) á bheartú orthu i ngach cluiche i gcraobh na Mumhan. Ach tá a fhios san acu agus b’fhéidir nach bhfuil sé ceart luíocháin a thabhairt ar an méid a bheidh rompu, ach is í fírinne an scéil ná gur de réir a dtaispeántas i gcoinne Luimnigh a dhéanfaidh gach dream a gcumas féin a thomhas in 2019. Chuir seaimpíní na hÉireann críoch mhaith leis an mbliain le dhá thaispeántas thar a bheith dearfach i mBostún. Ba cheart go mbeadh an-iomaíocht sa chúige arís i mbliana ach mheasfá gurb iad Luimneach is láidre go fóill.

Beidh Corcaigh, seaimpíní an chúige, níos láidre agus Alan Cadogan agus Stephen McDonnell ar ais ar an bpainéal. Ach caithfidh an lucht bainistíochta díriú ar cheannairí a fhorbairt. Nuair a bhí cluichí éagsúla idir dhá ceann na meá le cúpla bliain anuas tháinig easpa ceannaireachta i gceist go mór. Ní raibh dóthain imreoirí sásta nó ábalta seasamh sa bhearna bhaoil nuair a bhí gá leis sin. Tá scil, luas, clisteacht agus ábaltacht go smior iontu, ach tá gá le níos mó diongbháilteachta, cruas agus ceannaireachta. Má éiríonn leo na tréithe sin a fhorbairt, ní bheidh siad i bhfad ón sprioc nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne i lár mhí Lúnasa.

Ní minic, ó thosaigh ré Brian Cody, nach raibh Cill Chainnigh mar rogha don phríomhdhuais agus bheadh sé amaideach gan meas a léiriú dóibh. Tháinig siad as an bhfásach anuraidh chun taispeántas sármhaith a thabhairt i gcluiche ceannais na sraithe ach chonaiceamar laigí á nochtadh féin de réir mar a bhí an chraobh ag dul ar aghaidh. Ní fheictear domsa go mbeidh siad i bPáirc an Chrócaigh i lár Lúnasa, ach fós féin ní bhuailfidh foireann ar bith ró-éasca iad.

Is trua go bhfuil Pat Gilroy imithe ó iománaithe Átha Cliath agus Anthony Cunningham leis. Cé nár bhuadar aon ní anuraidh rinneadar dul chun cinn suntasach. Caithfidh na leantóirí seans a thabhairt anois do Mattie Kenny. Ní thaispeánfaidh na foirne trócaire ar bith dó ná ní thabharfaidh siad am dó le socrú isteach.

Padraic Fanning atá i bhfeighil na nDéise agus is beag trócaire ná am atá i ndán dó siúd ach chomh beag. Is cinnte go ndearna Derek McGrath éacht le linn a thréimhse bainistíochta ach faoina deireadh ní raibh an duais is luachmhaire buaite acu. N’fheadar an bhfuil a seans caillte ag an mbuíon seo imreoirí?

Is dócha go mbeidh contae an Chláir iomaíoch arís i mbliana cé go mbraithfidh siad uathu Shane O’Donnell nach mbeidh leo ag tosach na craoibhe agus é ag staidéar thall i mBostún Mheiriceá. Ní dóigh liom go bhfuil siad láidir go leor, ach, mar a rinneadar anuraidh, gheobhaidh siad an ceann is fearr ar aon fhoireann nach mbeidh ullamh dóibh. Ní dóigh go mbainfidh siad na babhtaí leathcheannais amach, áfach. Is amhlaidh an scéal do Loch Garman. Tá mórán atá dearfach déanta ag Davy FitzGerald ach ní dóigh go bhfuil an painéal láidir go leor.

Beidh Ceatharlach thuas i measc na bhfoirne móra do chraobh na bliana seo agus beidh súil ghéar á coimeád orthu ó thaobh ábaltachta agus caighdeáin de.

Tá sé róluath a bheith ag déanamh aon tuar faoi cé a thabharfaidh leo an phríomhdhuais ach beidh ionadh orm mura mbíonn Luimneach, an Ghaillimh, Corcaigh agus, b’fhéidir, Tiobraid Árann fós ina mbeatha agus deireadh mhí Iúil ag teannadh linn.

Fág freagra ar 'Luíochán i gcoinne Luimnigh á bheartú ag Gaillimh agus gach dream eile'