Luimneach réidh lena n-aisling a choinneáil beo

Tá údair amhrais go fóill ann faoina chumasaí is atá Tiobraid Árann agus Corcaigh

Luimneach réidh lena n-aisling a choinneáil beo

A leithéid de dhá chluiche ceannais iontach cúige faoi 20 a bhí againn i rith na seachtaine. Is trua nach bhfuil an dara seans ag na foirne a chaill, an Clár agus Loch Garman. Ní hin le rá nach raibh a mbua tuillte ag Corcaigh ná Uíbh Fhailí a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann.

An deireadh seachtaine seo, tá an t-uafás ar siúl idir pheil agus iomáint agus RTÉ agus GAAG0 coinnithe gnóthach.

Anseo i gcúige Mumhan amárach a bheidh an t-aicsean go léir agus dhá choimhlint thar a bheith suimiúil againn. Cé a chreidfeadh go mbeadh an cheannlíne seo a leanas againn roimh na cluichí ‘Luimneach an t-aon fhoireann a d’fhéadfadh a bheith imithe ón gcraobh tráthnóna Dé Domhnaigh’.

Dá gcaillfeadh Luimneach in aghaidh Thiobraid Árann agus dá mbuafadh Corcaigh i gcoinne an Chláir bheadh a rás rite ag curaidh na hÉireann. Tá na seaimpíní ag dul thar teorainn chuig Staid Semple agus iad beagáinín gonta i ndiaidh don Chlár an ceann is fearr a fháil trí seachtaine ó shin.

Maidir le foireann iontach Luimnigh, an rud is annamh is iontach dar ndóigh agus feicfimid cén teacht aniar atá iontu tráthnóna. Cuimhnigh go raibh cuid den ádh leo an tseachtain roimhe sin nuair a thugadar leo an dá phointe sa chluiche i gcoinne Phort Láirge.

Ach an bhfuil sé róluath a rá go bhfuil comharthaí ann go bhfuil laigí le feiceáil agus go bhfuil meath beag ag tosú?

Bhuel, níl sé róluath a rá go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an gcluiche amárach.

Dar ndóigh tá an tábhacht chéanna ag baint leis an toradh do Thiobraid Árann. Sin Tiobraid Árann a bhfuil 7-42 géillte acu in dhá cluiche agus iad an-oscailte sna cúlaithe minic go leor sa dá chluiche sin. Gan Jason Forde do chuid mhaith den cluiche i gcoinne Chorcaí ba laige iad chun tosaigh freisin.

Tá tábhacht ’speisialtóir’ na bpocanna saora luaite agam go minic, dá bhfanfadh Forde ar an bpáirc an lá deireanach, i mo thuairimse, bheadh an cluiche sin buaite ag na Tiobraid Árannaigh.

Amárach, d’uireasa Forde beidh siad faoi bhrú mar tá foireann John Kiely gonta agus amhail aon seaimpíní ní dhíbreofar go bog iad. Gan dabht braithfidh Luimneach uathu Seán Finn, ceann de na cúlaithe is fearr sa tír le tamall.

Ní líonfaidh aon duine eile a bhróga.

Ach tá ionadaithe an-ábalta acu. Nílim róchinnte fós faoi cé chomh maith is atá na Tiobraid Árannaigh. Ní dóigh liom go bhfuil roinnt mhaith dá leantóirí róchinnte ach an oiread. Níor thaistil a lán díobh chuig Corcaigh coicís ó shin, ach beidh slua mór á leanúint amárach.

Chuireadar an-troid suas in aghaidh Luimnigh i rith leath den cluiche sraithe a bhí eatarthu. Caithfidh siad sin a dhéanamh ar feadh níos mó ná seachtó nóiméad amárach.

Ní dóigh go bhfuil sé iontu.

Tá an-tábhacht ag baint leis an gcluiche eile idir an Clár agus Corcaigh a bheidh ar siúl in Inis ag 2pm amárach.

Ag an bpointe seo bheinn ag rá gurb iad an Clár an fhoireann is fearr atá feicthe againn. Tá mianach agus gearradh iontu agus fiú amháin gan Aidan McCarthy an lá deireanach bhíodar fós an-mhaith. Tá Corcaigh ag déanamh ceart go leor.

Tá an sliotar á chur chun tosaigh tapa acu i bhfad níos minice ná mar a rinneadar le tamall de bhlianta. Ach nílim róchinnte fúthu fós. Tá dul chun cinn á dhéanamh acu ach beidh níos mó eolais againn fúthu i ndiaidh an dá cluiche deireanach atá fágtha.

Tá an Clár mar rogha na coitiantachta inniu agus an stádas sin tuillte acu. Ní dóigh go mbeidh mórán eatarthu. Ó thaobh Chorcaí de bheinn dóchasach seachas muiníneach. Agus mar bhónas dúinn beidh an dá chluiche á dtaispeáint beo ar RTÉ!

Fág freagra ar 'Luimneach réidh lena n-aisling a choinneáil beo'