Luimneach lán den mhuinín is den tsiúráil is dual do sheaimpíní

Tá Port Láirge ag bláthú arís ach tá Luimneach fíorláidir i ngach ionad ar an bpáirc

Luimneach lán den mhuinín is den tsiúráil is dual do sheaimpíní

Cian Lynch ag ceiliúradh sa chluiche i gcoinne Átha Cliath. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bronnfar an chéad duais mhór den bhliain iomána amárach agus Corn an Dochtúra Croke le buachan

i gceanncheathrú CLG. Suimiúil go leor, seachas  anuraidh, ba as Roinn 1B a tháinig na buaiteoirí le ceithre bliana anuas: Port Láirge in 2015; contae an Chláir in 2016; agus an Ghaillimh in 2017. Ná déanaimis dearmad freisin gur as an roinn chéanna a tháinig na foirne a bhuaigh Corn Mhic Cárthaigh in 2018 agus in 2017. 

Dar ndóigh tá seans gur ó roinn na n-íochtarán a thiocfaidh na buaiteoirí arís amárach. Ní fada anois go mbeidh na craobhchomórtais cúige linn agus aird gach aon duine ar chluichí móra an tsamhraidh, ach is cinnte go gcabhróidh cluiche an lae amárach leis an obair ullmhúcháin atá á dhéanamh ag Luimneach agus Port Láirge.

Léirigh Luimneach arís sa bhabhta leathcheannais gurb acusan atá an painéal is láidre sa tír i láthair na huaire. Bhí siad ar fheabhas sa chéad fiche nóiméad den dara leath agus ní den chéad uair chríochnaíodar go láidir le cabhair cúigear ionadaithe.

Cuimhnigh leis nach raibh Declan Hannon nó Shane Dowling i measc an chúigir a tháinig isteach ón mbinse.

Bí cinnte de go mbeidh siad lándáiríre faoin imirt agus faoin toradh amárach. Is beag locht atá feicthe againn orthu go dtí seo. Faoi láthair tá siad lán den mhuinín is den tsiúráil is dual do sheaimpíní. Ó thús na bliana seo tá a mianach á léiriú ag Tom Condon, Paddy O’Loughlin, Conor Boylan agus Peter Casey agus iad ag cur go mór leis na roghanna breátha go léir atá ag Luimneach agus leis an gcúigear déag a chuaigh chun páirce an lá stairiúil sin lár mhí Lúnasa seo caite. Bhí sé suimiúil cuid dá raibh le rá ag John Kiely a léamh Dé Luain agus é ag caint faoi cé chomh tábhachtach is atá an ‘próiseas’ dá fhoireann. Bhí an-áthas air gur fhan siad leis an bpróiseas in aghaidh Átha Cliath, rud nár dhein an Ghaillimh sa chluiche leathcheannais eile.

Bónas anois a bheidh i bpé rud a tharlóidh do Phort Láirge. Caithfidh go bhfuil bainisteoir nua na foirne Páraic Fanning lán sásta go bhfuil a fhoireann i gcluiche ceannais na sraithe ina chéad bhliain sa jab. Bhí an deargmhí-ádh ar na Déise anuraidh agus is deas an rud go bhfuil siad i mbarr a maitheasa arís i mbliana. Tá meascán deas acu d’imreoirí a bhfuil ualach taithí acu agus d’imreoirí óga a bhfuil gealladh fúthu agus iad go léir ag sní le chéile go deas agus na seanfhondúirí ag tabhairt ceannaireachta don dream óg. Bhí Stephen O’Keefe ar fheabhas sa chúl seachtain ó shin. Bhí Callum Lyons an-mhaith sa dá chluiche dheireanacha agus léirigh Jack Prendergast a chuid dintiúir chomh maith. Tá Jamie Barron ar ais ar a sheanléim agus na deartháireacha Bennett ag imirt thar barr le déanaí, mar atá Kevin Moran agus na deartháireacha Mahony. Is deas freisin Tadhg De Búrca a fheiceáil agus é tagtha ar chuige féin i ndiaidh gortaithe.

Ach c Bhí ré órga sa tsraith ag Luimneach sna tríochaidí  nuair a bhuadar cúig shraith i ndiaidh a chéile. I 1997 a bhuadar an ceann deireanach. Beidh an-ionadh orm mura mbuann siad ceann eile amárach.

Fág freagra ar 'Luimneach lán den mhuinín is den tsiúráil is dual do sheaimpíní'