Luimneach fós chun cinn ach an bhearna á hiamh

Bhí cluichí an-suimiúil againn go dtí seo sa tsraith agus an chuma ar an scéal go bhfuil seifteanna á gceapadh chun Luimneach a chloí

Luimneach fós chun cinn ach an bhearna á hiamh

Séamus Flanagan (Luimneach) agus Iarlaith Daly (Port Láirge). Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Nach orainn a bhí gliondar croí ag deireadh an Aibreáin nuair a tugadh cead d’fhoirne idirchontae dul ar ais ag traenáil roimh thosach na gcluichí sraithe ag tús na míosa seo. Chomh maith leis sin fógraíodh an plean chun tús a chur le craobhacha peile agus iomána na hÉireann ag deireadh mhí na Bealtaine agus cluichí ceannais na gcúigí a imirt ag deireadh mhí Iúil agus tús mhí Lúnasa. Fógraíodh freisin go n-imreofar cluichí ceannais na hÉireann ag deireadh mhí Lúnasa. Agus buíochas le Dia tá an plean faoi lánseol agus caint anois ann ar chead a thabhairt do shlua áirithe freastal ar chluichí níos déanaí sa samhradh.

Agus gan mórán traenála déanta ag na foirne, thosnaigh an t-aicsean deireadh seachtaine an 7-8 Bealtaine agus seaimpíní na tíre Luimneach agus an tsean-namhaid Tiobraid Árann in aghaidh a chéile tráthnóna Sathairn. Bhain sinne ar an tolg ag baile súp as an gcluiche a chríochnaigh ar comhscór. Bhí bua gan choinne an deireadh seachtaine céanna ag Aontroim i gcoinne an Chláir agus bhí bua suaithinseach ag Corcaigh ar na Déise. Cúig chúl a fuair na Corcaígh. Bhí mórán ceisteanna faoi riail nua an bhuntáiste nach léir cén buntáiste a bhaineann léi.

An dara deireadh seachtaine leag na réiteoirí an-bhéim ar riail na gcoiscéimeanna agus tugadh cuid mhaith pocanna saora. Bhí bua an deireadh seachtaine ag an nGaillimh a fuair an ceann is fearr ar sheaimpíní na gcomórtas go léir in 2020, Luimneach. B’in an chéad chluiche a chaill Luimneach ó chluiche leathcheannais na hÉireann in 2019 nuair a bhí an bua ag Cill Chainnigh orthu.

An deireadh seachtaine seo caite bhuail ráig den Covid campa Loch Garman agus cuireadh a gcluiche i gcoinne Chill Chainnigh ar ceal. Imreofar amárach é. Bhuaigh Port Láirge ar Luimneach, a fuair dhá chárta dearg, agus thug Corcaigh greadadh ceart don Iarmhí.

Tá dhá chluiche sraithe fágtha ag na foirne agus pictiúr níos soiléire againn cá seasann siad agus craobhacha na gcúigí ag tosnú sula fada.

Is dócha go bhfuil Luimneach fós chun tosaigh cé go bhfuil dhá chluiche caillte acu. Ach tá laigí le feiscint anseo is ansiúd, nó b’fhéidir go mba ceart a rá go bhfuil foirne eile ag ceapadh taicticí chun curaidh na hÉireann a chur dá mbuille. Tá cluiche na linne seo bunaithe go mór ar sheilbh na liathróide. An tseilbh prionsabal a haon na hiomána anois. Déantar iarracht spás a cruthú agus an liathróid a theilgean ‘trí na línte’ éagsúla chuig an lucht scórála. Tá foirne anois ag iarraidh ionsaithe Luimnigh a stop san áit a dtosnaíonn siad. Cuireann an cur chuige sin an-ualach oibre ar thosaithe agus fir lár páirce. Chonaiceamar an Ghaillimh agus Port Láirge á dhéanamh sa dá chluiche deireanach agus d’éirigh leo an beart a dhéanamh le linn tréimhsí áirithe sna cluichí.

Ar a shon sin agus uile, ní fhacamar an fhoireann is láidre atá ag Luimneach ar pháirc na himeartha fós agus beidh sé deacair iad a bhualadh.
Mar sin féin, ón méid a chonaiceamar sna trí chluiche sraithe deireanach, tá an bhearna á dúnadh ag na foirne eile. Bheinn sásta go leor dá mba mise Shane O’ Neill nó Liam Sheedy.

Maidir le Port Láirge bhíodar mall ag tosnú ach tá siad ag dul i neart agus bunaithe ar a dtaispeántas i gcoinne Luimnigh seans go mbeidh siad fós san iomaíocht nuair a thosóidh a chaint i gceart faoin duais mhór. Caithfidh go bhfuil Kieran Kingston thar a bheith sásta le dul chun cinn Chorcaí ach beidh cur amach níos fearr aigesean, agus againne, ar cá seasann siad nuair a bheidh Luimneach agus an Ghaillimh imeartha acu.

Sin iad na foirne atá ar mo ghearrliosta go fóill.

‘Mo léan géar thú,’ a deir tú, ‘Tá Cill Chainnigh fágtha ar lár agat.’

Bhíos, agus roinnt saoithe eile, mícheart fúthu sin cheana.

Fág freagra ar 'Luimneach fós chun cinn ach an bhearna á hiamh'