Luimneach an príomhfhreasúra a bheidh ag iománaithe na Gaillimhe i mbliana

Bheadh ionadh ar ár gcolúnaí mura mbuafaidh Luimneach ar Phort Láirge ach ach ní chuirfeadh sé aon gheall ar Thiobaird Árann

Luimneach an príomhfhreasúra a bheidh ag iománaithe na Gaillimhe i mbliana

Tom Morrissey (Luimneach) agus Gearoid McInerney (Gaillimh). Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Go dtí seo, faoin gcóras nua iomána, bhí cúpla cluiche measartha againn, cúpla ceann maith agus cúpla ceann a bhí go hiontach ar fad. Bhí an baol ann i gcónaí dá rithfí comórtas craoibhe mar shraith go mbeadh cluichí againn i dtreo dheireadh an chomórtais nach mbeadh mórán cuma orthu ná mórán fiúntais leo. Ach go dtí seo ní hamhlaidh a bhí an scéal.

An Domhnach seo caite bhí a gcluiche deiridh ag Uíbh Fhailí. Anocht tá an cluiche deireanach á imirt ag Loch Garman agus áit sa chluiche ceannais a bheidh mar dhuais acu má bhuann siad. Dar ndóigh tá an duais chéanna ar fáil do Chill Chainnigh. Tiocfaidh deireadh le séasúr Bhaile Átha Cliath amárach. Fiú dá n-éireodh leo an bua a fháil ar Ghaillimh agus bheidís ar cheithre phointe le Cill Chainnigh agus Loch Garman ach chaillfidís amach toisc gur chailleadar i gcoinne na bhfoirne sin níos luaithe sa chomórtas.

Anseo sa Mhumhain tá gach contae agus pointí buaite agus, ‘ar pháipéar’ pé scéal é, seans acu ar fad ar fhéirín éigin.

Tá seans fós ag Port Láirge agus ag Tiobraid Árann críochnú sa tríú háit agus áit a bhaint amach i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann. Dar ndóigh tá Corcaigh, Luimneach agus an Clár fós san iomaíocht don tríú háit luachmhar sin agus do chluiche ceannais an chúige.

Mar sin is mór is fiú na cluichí go léir atá fágtha.

D’éirigh Tiobraid Árann as na mairbh sa dá chluiche dheireanacha a bhí acu agus tá an t-ádh dearg leo go bhfuil siad fós san iomaíocht. Beidh an Clár ag teacht chucu amárach agus iad i ndiaidh seachtain sosa a bheith acu. Is deacair léamh cruinn a dhéanamh ar na Tiobraid Árannaigh. Dá mbeadh orm iad a mharcáil anois déarfainn gur áit éigin idir millteanach ainnis agus maith go leor atá a gcuid imeartha le tamall anois. Bhíodar íseal go maith ar an scála sin i gcoinne Phort Láirge seachtain ó shin agus an t-ádh dearg orthu go ndearnadh cúpla cinneadh moltóireachta a bhí fíor-mhícheart agus conspóideach ach a d’fhág pointe thar a bheith luachmhar acu.

Tá a lucht leanúna fós ag fanacht le taispeántas dearfach amháin ach is beag comhartha atá feicthe againn go bhfuil a leithéid iontu. Tógadh ceathrar de na tosaithe a thosaigh i gcoinne Phort Láirge den pháirc, na deartháireacha McGrath agus Bubbles Dwyer ina measc.

Tá na Cláirínigh ag teacht chucu agus iad lán le muinín ach ní cluiche éasca a bheidh rompu. Creid é nó ná creid ceapann na geallghlacadóirí go mbuafaidh Tiobraid Árann an ceann seo ach ní chuirfinn féin aon gheall air sin.

Cluiche thar a bheith deacair a bheidh roimh Phort Láirge i gcoinne Luimnigh. Ó thosach an tséasúir seo is é Luimneach an contae is mó atá dulta i bhfeidhm ar lucht leanta na fuinseoige. Tá tuiscint ann anois go bhfuil foireann óg acu atá lán le spiorad, gearradh, scil agus féinmhuinín. Bunaithe ar a bhfuil feicthe agam go dtí seo, bheinnse ag ceapadh gurb é Luimneach an príomhfhreasúra a bheidh ag iománaithe na Gaillimhe i mbliana.

Tá Kevin Moran ar ais ag Port Láirge agus níl aon dabht nach mór an cuidiú dóibh é. Caithfidh go raibh Derek McGrath an-sásta le taispeántas na foirne an tseachtain seo caite. Tugadh cead a gcinn do chuid de na leaideanna óga agus tríd is tríd rinne siad an-mhaith. Ach caithfidh siad an beart a dhéanamh arís agus a bheith ag guí nach ndéanfaidh aon chinntí réiteoireachta praiseach den toradh.

Níor thugas mórán seans dóibh seachtain ó shin agus bhíos mícheart. Tugaim seans dóibh amárach ach mar sin féin, beidh ionadh orm mura mbuafaidh Luimneach.

Fág freagra ar 'Luimneach an príomhfhreasúra a bheidh ag iománaithe na Gaillimhe i mbliana'

  • Carraig53@protonmail.com

    Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi chaighdeán na moltóireachta. Deineadh éagóir thar chuimse ar na Déisigh. An obair ar fad a dhein siad i rith na dúluachra imithe gan aird i bhfaitheadh na súl mar gheall ‘ar an mbáire sin’. Cuireann a leithéid sin d’útamáil agus de shruimleáil lagbhrí ar lucht na gcamán trí chéile ar fud na tíre. Ní amháin i measc na nDéiseach. Is cluichí mórthábhachta iad seo agus ba cheart an ‘Seabhac’ a bheith i bhfearas dóibh mar a mbíonn siad á n-imirt. Tá na pócaí teann a ndóthain agus sheachnódh sé an briseadh croí, an seirfean, an fhearg agus drochamhras a bheith á chaitheamh ar an moltóir, ar na maoir etc. 35000 a bhí i láthair oíche Shatharn don gcluiche iontach iomána i bPáirc Uí Chuív idir Corcaigh is Luimneach. Ní healaíon do CLG a bheith cruinn sprionlaithe spárálach nuair atá fuil a gcroí á thabhairt ag plúr na bhfear óg amuigh ar an bhfaiche. Cuiridís a lámha ina bpócaí anois tugaidís a gceart do na laochra iomána sin agus don bpobal. Cuiridís an ‘Seabhac’ i bhfearas go forleathan.