Lucht Raidió na Life ‘ag súil’ go n-éireoidh leo a gceadúnas craolacháin a athnuachan

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann anois ag glacadh le hiarra-tais le seirbhís Ghaeilge raidió a sholáthar do Bhaile Átha Cli-ath. Is ag Raidió na Life atá an ceadúnas le deich mbliana anuas

Raidió na Life

Sna seachtainí atá amach romhainn beidh lucht bainistíochta Raidió na Life, stáisiún pobail Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ag ullmhú iarratais agus iad ag súil go gcoinneoidh an stáisiún an ceadúnas craolacháin atá acu seirbhís raidió leasa pobail Ghaeilge a sholáthar don chathair.

Rachaidh an ceadúnas atá ag Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta, a chraolann faoin ainm Raidió na Life, in éag ag deireadh mhí Eanáir 2017. Bronnadh an ceadúnas sin ar an stáisiún, a cheiliúir 20 bliain ar an bhfód trí bliana ó shin, sa bhliain 2007.

Dúirt Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life, le Tuairisc.ie go bhfuil sé ag súil go n-éireoidh leis an stáisiún ceadúnas deich-mbliana eile a fháil.

“Tuigimid gur próiseas oscailte atá ann agus go bhféadfadh dream ar bith eile cur isteach air ach i láthair na huaire is muidne an t-aon dream atá ag comhlíonadh na riachtanas atá sainithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann.

“Tá speictream leathan cláracha ann, idir chúrsaí reatha, caint, meascán leathan ceoil agus eile. Táimid ag súil go n-éireoidh linn leis an iarratas. Tá forbairt leanúnach á dhéanamh againn ar an stáisiún le deich mbliana anuas agus tá muid ag súil le tuilleadh forbartha a dhéanamh sna blianta amach romhainn,” a dúirt sé.

Tá méadú tagtha ar líon na n-uaireanta a bhíonn Raidió na Life ag craoladh i gcaitheamh na seachtaine ó tháinig an stáisiún pobail ar an aer den chéad uair sa bhliain 1993. Bíonn ábhar le cloisteáil ar an stáisiún 21 uair a chloig in aghaidh an lae i gcaitheamh na seachtaine agus 24 uair a chloig in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.

Beidh Údarás Craolacháin na hÉireann ag glacadh le hiarratais ar an tseirbhís Ghaeilge do Bhaile Átha Cliath go dtí 11 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Lucht Raidió na Life ‘ag súil’ go n-éireoidh leo a gceadúnas craolacháin a athnuachan'