Lucht na teanga ag súil go bhfágfaidh Varadkar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar Kyne

Táthar ag súil go ndéanfar Aire sinsearach de Kyne i Roinn na Gaeltachta nó ar a laghad go bhfágfar ina Aire Stáit sa Roinn sin é

Lucht na teanga ag súil go bhfágfaidh Varadkar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar Kyne

An tAire Stáit Seán Kyne agus an tAire Heather Humphreys. Pictúr: RollingNews.ie

Tá gníomhaithe teanga agus fiú polaiteoirí ón bhfreasúra ag súil go bhfágfar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta faoin Aire Stáit Seán Kyne.

Meastar go ndéanfaidh Leo Varadkar, roinnt athruithe ar an gcomhaireacht má thoghtar ina Thaoiseach é agus d’fhéadfadh ardú céime a bheith i ndán d’Aire Stáit na Gaeltachta ar cara mór é le ceannaire nua Fhine Gael.

Tá gníomhaithe teanga agus polaiteoirí a labhair le Tuairisc.ie ag súil go ndéanfar Aire sinsearach de Kyne i Roinn na Gaeltachta nó ar a laghad go bhfágfar ina Aire Stáit sa Roinn sin é.

Tá ardmholadh tugtha ag leithéidí Conradh na Gaeilge d’Aire Stáit na Gaeltachta as ceannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga a chur chun tosaigh. Ghlac an Rialtas an tseachtain seo caite leis na ceannteidil a láidreodh an reachtaíocht teanga.

Glacadh sna ceannteidil le go leor de na moltaí a rinne an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge i dtaobh na reachtaíochta nua agus tugadh suntas don difear idir na ceannteidil nua agus ceannteideal a foilsíodh in 2014 ach ar caitheadh i dtraipisí iad nuair a deineadh cáineadh géar orthu.

Bhíothas an-sásta leis an gcur chuige a bhí ag an Aire Kyne agus leis an éisteacht a thug sé do Chonradh na Gaeilge, d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus do pholaiteoirí ón bhfreasúra agus an reachtaíocht á dréachtú.

Tá ardmholadh á thabhairt chomh maith do státseirbhísigh i Roinn na Gaeltachta, agus go háirithe do Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn, Aodhán Mac Cormaic, as a ról siúd i ndréachtú agus i gcur chun cinn na reachtaíochta. Meastar, áfach, gur mhó go mór an seans go gcuirfí an reachtaíocht tríd dá mbeadh Kyne seachas aire eile ar an stiúir i Roinn na Gaeltachta.

Dar le polaiteoir amháin ón bhfreasúra gur chabhair do chás na teanga chomh maith é go bhfuil Kyne ina chara mór le Leo Varadkar, agus tuigtear go raibh baint ag an Aire Stáit leis an mír faoin nGaeilge sa cháipéis pholasaí a d’fhoilsigh ceannaire Fhine Gael le linn thoghchán ceannaireachta an pháirtí.

Thug Varadkar le fios sa cháipéis sin go dtacódh sé le ‘hathruithe suntasacha’ a dhéanamh ar an Acht Teanga ach é a bheith tofa ina Thaoiseach.

Is í an cheist mhór anois ná an gcuirfidh Leo Varadkar Aire Sinsearach a bhfuil Gaeilge aige i bhfeighil ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tá ráite cheana féin ag Varadkar nach bhfuil sé i gceist aige aon athrú a dhéanamh ar an Roinn féin, toisc go mbeadh a leithéid ‘disruptive’. Ní dócha go bhfuil aon seans ach an oiread go dtabharfadh sé ísliú céime don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta Heather Humphreys. Tá Humphreys á lua ar dhuine dóibhsean a d’fhéadfadh Varadkar Tánaiste a dhéanamh di agus í á lua chomh maith le leascheannaireacht Fhine Gael.

Ach dá mbogfaí go dtí Roinn eile Humphreys, bheadh deis ag Varadkar Aire Sinsearach le Gaeilge líofa a cheapadh i Roinn na Gaeltachta.

Tuairiscítear go bhfuil brú chomh maith ar Varadkar duine as iarthar na tíre a cheapadh ina aire sinsearach, agus tá Michael Ring as Maigh Eo, aire stáit eile sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, á lua freisin le hardú céime .

Ní raibh Aire Sinsearach le Gaeilge sa Roinn sin ó 2011.

“Tá tuiscint ar ghnóthaí na Gaeltachta agus na Gaeilge léirithe ag Seán Kyne ó ceapadh ina Aire Stáit é agus is léir a thiomantas do na cúraimí sin. Bheimis ag súil go gceapfaí é féin nó duine a bhfuil an spéis, tuiscint agus tiomantas céanna ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Lucht na teanga ag súil go bhfágfaidh Varadkar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar Kyne'

  • Mánus

    Níor ghlac an teachta Kyne gur léirigh torthaí an daonáirimh go bhfuil teanga na tíre i ngéarchéim.