ASNC: Lucht na hUltaise ‘Rid Wi Ang’r’ agus ‘Ect Lang’age Noo!’ á éileamh acu

Mar chuid dá n-éileamh ar ‘Ect Lang'age fur Ullans Noo!’ eagraíodh mórshiúl beirte ‘Rid Wi Ang'r’ i mBéal Feirste tráthnóna

ASNC: Lucht na hUltaise ‘Rid Wi Ang’r’ agus ‘Ect Lang’age Noo!’ á éileamh acu

Tá lucht na hUltaise ‘Rid Wi Ang’r’ agus iad ag éileamh go dtabharfaí aitheantas dá dteanga ársa in aon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach sa noarth.

Mar chuid dá n-éileamh ar ‘Ect Lang’age fur Ullans Noo!’ eagraíodh mórshiúl beirte i mBéal Feirste tráthnóna inné.

‘Rid Wi Ang’r’ an mana ba choitianta ag lucht na hagóide.

Dúirt duine den bheirt a bhí i mbun na hagóide go raibh sé thar am go bhfógrófaí ‘oot lood’ nach raibh an Ultais chomh  ‘weel-aff’ leis an nGaeilge ó thaobh tacaíochta de agus go rabhthas ‘worried seeck’ faoin ‘cairry-on’ is déanaí maidir le hAcht Gaeilge.

Dúirt sé nach raibh lucht na hUltaise “agane workin thegither” ar Acht a thabharfadh comhstádas don Ghaeilge agus don Ultais, teanga ársa a théann siar chomh fada le cúpla bliain roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Fáilte dhoicheallach go maith a chuir an duine eile a ghlac páirt sa mhórshiúl beirte roimh cheisteanna Ar Son na Cúise.

Houl yer wheesht! Whit schuil did ye go tae? It wud dae ye nae herm tae get tae grips wi tha wurds an phrases we wud bae apt tae use whin taakin tae ye. What bes we eftèr! Ect Lang’age! Whan bes we eftèr it! Noo!” a dúirt sé.

Idir an dá linn, thug Bainisteoir Feasachta, Feirge agus Athmhuintearais sa Tuaisceart Chonradh na Gaeilge ráiteas tráthnóna do Ar Son na Cúise faoin bhfeachtas ‘Rid Wi Ang’r’.

‘A daenae know whuther A’m cumin or gan,’ a dúirt sé.

Fág freagra ar 'ASNC: Lucht na hUltaise ‘Rid Wi Ang’r’ agus ‘Ect Lang’age Noo!’ á éileamh acu'

  • Braoin

    Thar cionn uilig…

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Twas brillig, and the slithy toves
    Did gyre and gimble in the wabe;
    All mimsy were the borogoves,
    And the mome raths outgrabe.