Lucht na gcamán i gCorcaigh ag tnúth le ‘Cork’s Little All Ireland’

B’fhéidir nach bhfuil an cháil náisiúnta chéanna ar chluiche ceannais chraobh iomána Chorcaí is a bhíodh, ach ba chóir go mbeadh an-chluiche amárach ann

Lucht na gcamán i gCorcaigh ag tnúth le ‘Cork’s Little All Ireland’

Stephen Murphy (An Dúcharraig) agus Ger Millerick (Uí Mac Coille) ag imirt i gcluiche ceannais Chorcaí anuraidh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Imreofar ‘Cork’s Little All Ireland’ an deireadh seachtaine seo i bPáirc  Uí Chaoimh. Bhí tráth ann nuair a bhíodh cáil náisiúnta ar chluiche ceannais chraobh iomána an chontae agus thagadh leantóirí na fuinseoige ó chian is ó chóngar chun an cluiche mór a fheiceáil . Bhí tráth ann nuair a roinneadh príomhfhoirne na cathrach, na Barrs, na Rockies agus Glen corn an chontae eatarthu bliain i ndiaidh bliana. Ach tá sé sin athraithe le tamall anois agus ó thosach an chéid seo tá ceithre chraobh an taobh ag na Rockies agus an Glen agus gan aon cheann ag na Barrs. 

Tá láthair na cumhachta san iomáint sa chontae athraithe agus foirne as oirthear an chontae is fearr atá ag cruthú le tamall de bhlianta anuas. Amárach rachaidh na seaimpíní, Uí Mac Coille, as oirthear an chontae, chun páirce i gcoinne Mhainistir na Corann, ceann de na shé fhoireann sinsir eile atá suite i mbarúntacht Uí Mac Coille. Tá an iomáint thar a bheith láidir san oirthear. Ar an bhfoireann atá ag dul chun páirce amárach beidh imreoirí a imríonn do na sóisir agus don fhoireann idirmheánach sa dúiche. Tá an réalta agus captaen an chontae Séamus Harnedy acu chomh maith le cúlaí an chontae Colm Spillane agus Brian Lawton, atá ar phainéal an chontae le cúpla bliain. Tá Paudie O’Sullivan (deartháir an Rock) agus Declan Dalton acu leis, breis a bhí an- mhaith i measc na dtosaithe ar fhoireann faoi fiche haon an chontae i mbliana. D’imir an chuid is mó de na himreoirí eile don chontae freisin i ngrád amháin nó i ngrád eile. Tá spiorad club iontu anois nach mbíonn de ghnáth ag foirne dúiche agus, dar ndóigh, tá taithí acu ón mbliain seo caite.

Fiú sula dtéann Mainistir na Corann chun páirce amárach ar chor ar bith, tá duais amháin buaite acu. Toisc gur foireann dúiche seachas foireann club iad an freasúra ní féidir leo imirt i gcomórtais na Mumhan agus na hÉireann. Mar sin bídís buacach nó caillteach is iad na ‘Snaganna Breaca’,  mar ab fhearr aithne orthu, a bheidh i gcoinne Bhaile Gunnair, seaimpíní na nDéise don chúigiú bhliain as a chéile, i gceann coicíse. Dar ndóigh b’fhearr leo go mbeidís ag imirt an cluiche sin agus iad mar sheaimpíní an chontae ach beidh sé sin deacair orthu mar go bhfuil Uí Mac Coille chomh láidir san ar fud na páirce.

Bhí tamall de bhlianta ann sna hochtóidí nuair a bhíodh Mainistir na Corann thar a bheith láidir. Le linn na tréimhse forlámhais sin, ina raibh leithéidí John Fenton, Denis Mulcahy, na deartháireacha Hartnett, Ger FitzGerald agus Kevin Hennessy acu, bhuadar ceithre chraobh chontae. Níor éirigh leo an chéad cheann eile a thabhairt leo go dtí 2013. Amárach rachaidh siad chun páirce agus iad lán le dóchas agus féinmhuinín. Tá meascán deas d’imreoirí óga agus aibí sa phainéal, ach foireann óg atá acu den chuid is mó. Tá cuid mhaith díobh a d’imir d’fhoirne an chontae ó mhionúir go sinsir. Le blianta beaga anuas chonaiceamar Luke O’Farrell, Paul Haughney agus an réalta Conor Lehane ag imirt le foireann shinsir an chontae. 

I mo thuairim féin, tá painéal Uí Mac Coille níos láidre ná ceann Mhainistir na Corann. Thabharfaí áit do chuid mhaith dá gcuid fear ionad ar mhórán d’fhoirne club an chontae.

Ar feadh i bhfad ní bhíodh eagair rómhaith ar fhoirne dúiche agus bhíodh easpa spioraid le brath iontu nuair a chuiridís chun páirce. Léirigh Uí Mac Coille anuraidh, agus go dtí seo i mbliana, go bhfuil siad eagraithe agus go bhfuil spiorad agus aontacht an chlub iontu.

B’fhearr liom féin gurb é an club a bhuafadh ach beidh sin deacair orthu amárach.

Fág freagra ar 'Lucht na gcamán i gCorcaigh ag tnúth le ‘Cork’s Little All Ireland’'