Lucht leanta na hÉireann ag súil le splanc

Tugann cluichí an fhómhair deis don fhoireann bhainistíochta ardán a thabhairt d’imreoirí ar bheagán taithí idirnáisiúnta

Lucht leanta na hÉireann ag súil le splanc

Ní tuisce cluichí dúshláin an fhómhair linn chuile bhliain ná go mbíonn caint maidir le rogha na bainistíochta rugbaí i leith na n-imreoirí a bheas ag imirt sa gcomórtas Sé Náisiúin a bheas ar bun i gceann trí mhí.

Tugann cluichí an fhómhair deis don fhoireann bhainistíochta ardán a thabhairt d’imreoirí ar bheagán taithí idirnáisiúnta iad féin a thástáil ag an leibhéal sin. Ach i mbliana agus gan Comórtas Rugbaí an Domhain ach dhá bhliain uainn tá aird lucht leanta rugbaí na tíre seo dírithe freisin ar an bpainéal imreoirí a bheas ag taisteal chuig an gcomórtas sin. Fios againn ar fad go bhfuil an clog an bualadh agus gan ach deich gcluiche sa chomórtas Sé Náisiún le himirt roimh an gcomórtas domhanda.

Má tá neart cainte á dhéanamh maidir leis an bpainéal a d’fhogair Andy Farrell trí seachtaine ó shin, ní tada é i gcomparáid leis an méid díospóireachta, agus an méid argóna go deimhin, atá ann faoi Johnny Sexton agus a bhfuil i ndán dó. Is cinnte nach bhfuil a shárú mar leathchúil amuigh sa tír seo faoi láthair ach beidh an t-imreoir, atá ag fáil caipín don cheadú huair i gcoinne na Seapáine an Satharn seo. 38 bliain d’aois a bheidh Sexton faoin am a bheas an chéad chorn domhanda eile linn, rud a fhágann neart ceisteanna maidir lena chuid aclaíochta agus, b’fhéidir níos tábhachtai fós, cé a bheas mar ionadaí dó faoin am sin.

Is cinnte gur thug Farrell leid mhaith maidir lena dhearcadh féin faoin gceist seo nuair a d’fhogair sé gurb iad Johnny Sexton, Joey Carbery agus Harry Byrne a rogha mar leath chúil clibirte don trí chluiche dúshláin atá amach romhainn. Tá Jack Carthy, Billy Burns agus Ross Byrne fágtha ar leataobh aige. Mar a dúirt mé, tá neart ábhair cainte sa gcinneadh sin gan dabht. Beidh le feiceáil an mbeidh ar Farrell breathnú ar a ghearrliosta arís.

Idir an dá linn, cuirfidh na Gaeil chun páirce i Staid Aviva trathnóna inniu agus iad ag cur fáilte roimh an tSeapáin, foireann a chuir deireadh lenár mbrionglóid sa gCorn Domhanda in 2019 agus iad ag fáil an ceann is fearr orainn 19 -12.

Seo é an naoú huair againn imirt i gcoinne na Seapáine agus níor chaill muid ach an t-aon uair amháin (in 2019) go dtí seo. Is iad na Gaeil rogha na coitiantachta don choimhlint seo ach caithfidh muid a bheith an-cúramach. Tá an-dul chun cinn déanta ag rugbaí sa tSeapáin le gairid.  Is minic leo geit a bhaint as móruaisle an chluiche, díreach mar a rinne siad linn féin sa gCorn Domhanda deiridh agus leis an Afraic Theas sa gceann roimhe sin. Is cinnte go mbeidh na Gaeil díomách má chailleann siad inniu ach fiú má bhíonn an bua againn is cinnte gur mó suime a bheas ag lucht leanta rugbaí i gcur chuige na hÉireann. Beidh muid ar fad ag súil le splanc i measc na n-ógánach a thabharfas dóchas dúinn ní hamháin don chomórtas Sé Náisiún atá le teacht agus don Chorn Domhanda in 2023 freisin.

Fág freagra ar 'Lucht leanta na hÉireann ag súil le splanc'