Lucht an Starship Enterprise ag luí ar na maidí?

Ar an drochuair tagann an t-aicsean ar fad i ‘Star Trek Beyond’ salach ar aon iarracht breis tochailte a dhéanamh ar na carachtair ann

Lucht an Starship Enterprise ag luí ar na maidí?

Star Trek Beyond

Stiúrthóir: Justin Lin

Cliar: Chris Pine, Zachary Quinto, Karl Urban, Zoe Saldana, Simon Pegg, John Cho, Anton Yelchin, Idris Elba, Sofia Boutella.

Fiafraíodh díom le déanaí cé acu is áin liom Star WarsStar Trek. Chaitheas mo mharana a dhéanamh mar go bhfuilim an-thógtha leis an dá chnuasach. I ndeireadh na dála, áfach thugas tús áite don táirge a gineadh i  scioból samhlaíochta George Lucas.

Ba laigeachtaí áirithe i máithreacha agus forbairt Star Trek ba chúis leis an gcinneadh sin agus bhí na laigeachtaí céanna le feiscint go soiléir sa ghála is déanaí.

Thosaigh Star Trek mar shraith teilifíse agus d’eascair na sraitheanna Star Trek: The Next Generation, Star Trek: Voyager, Star Trek: Enterprise agus Star Trek: Deep Space Nine aisti mar aon le dhá scannán déag. Seo é an tríú cliar/glúin ag spaisteoireacht ar an Enterprise ar an scáileán mór.

Fágann an bunús teilifíse creatlach eipeasóideach ar gach táirge ar an scáileán mór. Ina theannta sin táimid tar éis craos a dhéanamh leis an ‘warp core’, ‘transporters’ agus ‘photon torpedos’.  Go bunúsach tá rudaí ag imeacht chun leadráin agus chun seanchaiteachta. Tá blas ar bheagán Star Wars, ach tá siad sin anois iad féin ag fuirseadh ar a ndícheall.

’Sé JJ Abrams laoch na huaire agus borradh curtha in athuair faoin dá chnuasach mór-ráchairte. D’éirigh leis meitheal aisteoirí a earcú le tabhairt faoi léamh úr ar na seancharachtair gheanúla in Star Trek. ’Siad na caidrimh agus na míreanna grinn eatarthu a choimeádann an tsraith sa siúl. Cailleadh Anton Yelchin go tragóideach le déanaí agus aireoimid uainn é. Tá Abrams bailithe leis agus Justin Lin,  a bhfuil ceithre cinn de The Fast and the Furious stiúrtha aige, tagtha in áit.

Ag tosach an scannáin címid foireann an Enterprise ag imeacht le fuacht agus le fán ar fud an réaltra ag iarraidh an plána mín a  chur ar aighnis pholaitiúil dhifriúla. Cuirtear iad chuig limistéar anaithnid le teacht i gcabhair ar fhoireann árthaigh atá i mbéal a mbáis.

Ní fada go dtagann bithiúnach aniar aduaidh orthu agus ní fada nó go dtosaíonn an t-aicsean. Déantar radharcanna aicsin atá snasta agus cuidsúlacha a radadh chugainn ar dalladh as sin go deireadh. Ní nach ionadh, tá ról lárnach ag na maisiúcháin; deineadh an stáisiún spáis a chruthú le grinneas agus bhíomar ar cipíní sa chéad radharc cogaidh leis an Enterprise. Imíodh thar cailc leis na radharcanna aicsin áfach, níorbh fhada go raibh ceann ag rith isteach sa cheann eile.

Bhí béarlagair tathagach na teicneolaíochta i lár an aonaigh mar is dual oidhreacht don tsraith agus tugann siad a gcosa leo trí sheifteanna teicniúla a cheapadh.

Níl sárú na Klingons le fáil mar bhithiúnaigh agus samhlaítear dom go minic go mbíonn gach táirge sa chnuasach ag streachailt ina gcuid iarrachtaí teacht ar chomharbaí le dealramh. B’amhlaidh a bhí anseo.

Fé mar a luas thuas, tá buíon chaithiseach aisteoirí/carachtar againn anseo agus aithne mhaith againn orthu ag an bpointe seo óir gurb é seo an tríú gála den athbhútáil. Ar an drochuair tháinig an t-aicsean ar fad salach ar aon iarracht breis tochailte a dhéanamh ar na carachtair seo.

Tá Star Trek ar an bhfód le 50 bliain i mbliana agus bhí Leonard Nimoy ar dhuine de laochra an chnuasaigh i gcaitheamh na mblianta. Ba dheas, ba chuí agus ba mhothúchánach an slán a fágadh leis.

Tá an cnuasach á iompar ag glúin nua agus gála amháin eile ar a laghad le teacht uathu. Tá súil agam ná tosnóidh siad ag luí ar na maidí.

Fág freagra ar 'Lucht an Starship Enterprise ag luí ar na maidí?'