‘Lúcháir mhór’ ar Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus €53,000 ceadaithe don ghrúpa ceoil An Crann Óg

Tá deontas tugtha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do Chomhchumann Gaoth Dobhair leis ‘An Crann Óg’ a fhorbairt agus 'lúcháir' ar Chomarchumann Ghaoth Dobhair dá réir

Crann-Og-Press

Tá €53,363 ceadaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh do Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair chun forbairt a dhéanamh ar an ngrúpa ceoil ‘An Crann Óg’ a thacaíonn le cur chun cinn an cheoil, an damhsa agus na hamhránaíochta i gceantar Ghaoth Dobhair.

“Tá cáil bainte amach ag an Chrann Óg as feabhas a gcuid ceoil le blianta beaga anuas agus fosta i gcur chun cinn an cheoil dhúchasaigh. Tá muid go mór faoi chomaoin acu féin agus na múinteoirí atá fostaithe acu. Cuideoidh an deontas seo leo leanúint leis an sárobair sin,” a dúirt an tAire McHugh inniu.

D’eagraigh Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ranganna ceoil sa bhliain 2007 le cúnamh ó Ghlór na nGael. Ba astú sin a d’fhás an grúpa ‘An Crann Óg’ sa bhliain 2008. Is í Caitlín Uí Dhuibhir, a deartháir PJ Ó Cuirreáin agus Antoin Mac Aodha a chuir an grúpa le chéile.

“Chuaigh mé féin, mo dheartháir agus fear eile chomh fada leis an gComharchumann agus thug siad tacaíocht dúinn campa samhraidh a chur ar bun go mbeadh deis ag na páistí triail a bhaint as na huirlisí. Chonaic muid ag na Fleadhanna go raibh cuid mhór den aos óg timpeall na tíre ag seinm ceoil traidisiúnta ach ní raibh anseo,” a dúirt Uí Dhuibhir le Tuairisc.ie.

D’eisigh an Crann Óg dlúthdhiosca sa bhliain 2009 agus cheannaigh uirlisí leis an mbrabach. Bhronn an Chomhairle Contae airgead ar an ngrúpa freisin chun tuilleadh uirlisí a cheannach ach dúirt Cáit Uí Dhuibhir le Tuairisc.ie go raibh sé ‘iontach deacair’ múinteoirí le Gaeilge a aimsiú agus a íoc.

“Fuair muid an deontas seo ón Roinn anuraidh agus bhí muid ag iarraidh leanstan ar aghaidh leis. D’fhostaigh muid foireann riaraithe agus múinteoirí le ranganna ceoil a chur ar bun. Oibríonn sé trí na scoileanna – ní ghabhfaidh sé i bhfad ach is maith ann é agus tá muid an-sásta go bhfuair muid é.

“Bhí an Comharchumann millteanach sásta cuidiú linn ach tá sé deacair ar dhuine amháin leis féin mar sin is mór an cuidiú an deontas. Le cuidiú Dé beidh muid ábalta leanstan ar aghaidh tamall eile,” a dúirt sí.

Le dhá bhliain anuas tá Scoil Cheoil na Crannóige á reáchtáil faoi scáth iomlán an Chomharchumainn le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ceapadh Marina Nic Giolla Bríde ina Comhordaitheoir Ceoil agus Cultúir agus tá Caitlín agus PJ ina gcomhairleoirí ceoil.

“Tá lúcháir mhór ar an Chomharchumann go bhfuil deontas reatha ceadaithe ag an Roinn don dara bliain do Scoil Cheoil na Crannóige. Is aitheantas é don obair atá á dhéanamh ag an gComharchumann leis an óige agus ó thaobh forbairt agus chaomhnú an cheoil agus na hamhránaíochta Gaelaí ó ghlúin go glúin. Creideann coiste an Chomharchumainn gur modh éifeachtach seo le meas agus mórtas teanga a chothú sa ghlúin óg. Le cuidiú an deontais reatha ón Roinn, bhí ar ár gcumas gníomhaíochta eile teanga-bhunaithe a fhorbairt, an scéalaíocht agus an drámaíocht mar shampla,” a dúirt Cathal Ó Gallchóir, Bainisteoir Chomharchumainn Ghaoth Dobhair le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar '‘Lúcháir mhór’ ar Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus €53,000 ceadaithe don ghrúpa ceoil An Crann Óg'