‘Lúcháir’ ar lucht déanta Foscadh faoina nduais ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 

Thug Foscadh leis an gradam don ‘Chéad Fhadscannán Éireannach is Fearr’ ag Fleadh Scannán na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine

‘Lúcháir’ ar lucht déanta Foscadh faoina nduais ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 

Bronnadh ceann de na príomhghradaim ag Fleadh Scannán na Gaillimhe ar an fhadscannán Gaeilge Foscadh ag an deireadh seachtaine.

Thug Foscadh, an chéad scannán ón stiúrthóir Seán Breathnach as Gaeltacht Chonamara, leis an gradam don ‘Chéad Fhadscannán Éireannach is Fearr’ ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, mar ar taispeánadh den chéad uair é.

Is iad Dónal Ó Héalaí, Fionnuala Ní Fhlatharta agus Cillian Ó Gairbhí agus atá sna príomhpháirteanna sa scannán Foscadh, leagan d’úrscéal le Donal Ryan, The Thing About December.

An comhlacht Tua Films a léirigh Foscadh faoin scéim Cine4.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Paddy Hayes, léiritheoir Foscadh go raibh “an-lúcháir” air faoin ghradam agus faoin tslí a ndeachaigh an chéad léiriú den scannán i bhfeidhm ar dhaoine ag an Fhleadh.

“Tá áthas an domhain orm faoin ngradam cé nach raibh mé ag súil ar chor ar bith leis. An rud is mó faoin première a bhí neirbhíseach agus sceitimíneach go raibh an scríbhneoir Dónal Ryan i láthair agus an scannán á fheiceáil den chéad uair.

“Bhí chuile dhuine ina seasamh ag deireadh an scannáin agus ba léir gur thaitin sé thar barr le Donal [Ryan] agus leis an lucht féachana ar fad.  B’iontach an rud é sin.”

Dúirt Hayes go raibh an-áthas air chomh maith go bhfuair Foscadh, a taifeadadh i gCorr na Móna i nGaeltacht Conamara, a chéad taispeántas “go háitiúil” ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.

Scéal teacht in inmhe é Foscadh faoi fhear as an Ghaeltacht arbh éigean dó fás suas tar éis bhás a mhuintire.

“Tá sé ag druidim ar na 30idí ach tá sé ar nós déagóra ina thaithí saoil agus ina intinn.

“Go hiondúil le drámaíocht na hÉireann, bíonn drochthógáil ag na carachtair, seans go mbeadh an Daid foréigneach nó bíonn tráma éigin leis an máthair. Ach an rud atá suntasach faoi scéal a mhuintire sa chás seo, bhíodar róchosantach agus nead róchompordach tógtha acu dó faoin tuath,” a dúirt Hayes.

Baineann an drámaíocht agus an teannas sa scéal leis na caidrimh agus na cinntí atá le déanamh ag John Cunliffe, atá á chur i láthair ag Dónal Ó Héalaí.

“Níl a fhios aige cé atá ina chara aige, cé atá ina namhaid aige agus caithfidh sé daoine a léamh den chéad uair,” a dúirt Paddy Hayes.

Beidh Foscadh le feiceáil ag féilte scannán idirnáisiúnta as seo go ceann sé mhí eile agus i bpictiúrlanna ar fud na tíre in 2020.

Idir an dá linn, taispeánadh den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe freisin an scannán faisnéise Gaeilge The Queen v Patrick O’Donnell. Tá an scannán, atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna le Seán Ó Cuirreáin, roghnaithe le bheith san iomaíocht do ghradaim ag sé cinn d’fhéilte scannán idirnáisiúnta eile go dtí seo.

Scéal fear Gaeltachta a ghlac páirt i gceann de na comhchealga dúnmharaithe is mó trácht i stair na hÉireann atá sa scannán, a léirigh an chomhlacht ROSG.

Crochadh Pádraig Ó Domhnaill, nó Padaí Mhicheáil Airt, ó Ghaoth Dobhair in 1883 tar éis dó brathadóir, duine de na Invincibles, a mharú.

Déantar cur síos ar an marú agus ar thriail Uí Domhnaill san Old Bailey i Londain san fhadscannán dátheangach atá léirithe ag an bhfoireann chéanna a scríobh agus a léirigh Murdair Mhám Trasna.

Dúirt Ciarán Ó Cofaigh ó ROSG, gur  “cúis áthais” é an tsuim atá á cur sa scannán.

“Is cúis áthais dúinn an méid suime atá á chur in The Queen v Patrick O’Donnell ag na Féilte Scannáin Idirnáisiúnta.  Níl muid ach tosaithe á sheoladh ag na féilte le roinnt míonna anuas ach cheana féin tá an-tóir air. I gcás Féile Rhode Island mhínigh siad dúinn go raibh muid roghnaithe as os cionn 6,700 scannán as 98 tír,” a dúirt sé.

Sa bhliain 2022 a bheidh an scannán le feiceáil ar TG4.

Fág freagra ar '‘Lúcháir’ ar lucht déanta Foscadh faoina nduais ag Fleadh Scannán na Gaillimhe '