‘Lúcháir an domhain’ ar lucht Ghaelcholáiste Luimnigh faoin champas nua

Is ar Shráid an Chláir i gCathair Luimnigh a bheas Gaelcholáiste Luimnigh lonnaithe feasta. Táthar ag súil go mbeifear in ann freastal ar an éileamh mór ar Ghaeloideachas sa cheantar

Gaelcholáiste Luimnigh a bhfuil campas nua faighte aige
Gaelcholáiste Luimnigh a bhfuil campas nua faighte aige

Tá “lúcháir an domhain” ar Dhonncha Ó Treasaigh, príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh, faoin ráiteas ón Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil cead ag an scoil suíomh buan a cheannach. Tógfar cóiríocht i gcomhair 750 scoláire ar an suíomh nua ar Shráid an Chláir i gCathair Luimnigh.

Maítear gurb í Gaelcholáiste Luimnigh an scoil lán-Ghaeilge is mó sa tír. Bhí cóiríocht shealadach ag an scoil ón uair a d’oscail sí sa bhliain 2006 don 31 scoláire a thosaigh an bhliain sin. Tá thart ar 585 scoláire anois ag freastail ar an scoil agus tá lucht na scoile ag súil go méadóidh an líon sin go tapaidh sna blianta amach romhainn “de bharr an bhorradh fáis i measc na nGaelscoileanna sa cheantar máguaird.”

Dúirt Ó Treasaigh  gur “sár-iarracht” na scoláirí agus  foireann agus tuismitheoirí ba chúis leis an gcampas a bheith ceadaithe.

“Táim fíor-bhuíoch dóibh siúd uile a rinne sár iarracht chun cur leis an bhforbairt rathúil a ghabhann le fás Ghaelcholáiste Luimhnigh, go háirithe ar shuíomh atá chomh gar don suíomh ar Mheal Sior Anraí, an áit ar thosaigh an coláiste amach i 2006,” a dúirt sé.

Bhí forbairt champas nua do Ghaelcholáiste Luimnigh “ar cheann de na tosaíochtaí is mó” a bhí ag an Aire Oideachais Jan O’Sullivan nuair a ceapadh in a hAire an samhradh seo caite í.

“Bhí mé ag faire ar fhorbairt Ghaelcholáiste Luimnigh ó d’oscail sé, agus léiríonn an fhorbairt rathúil mór le rá, atá soiléir do chách, go bhfuil cóiríocht bhuan ag teastáil ón gColáiste. Tá todhchaí thar a bheith geal ag an gColáiste seo agus teastaíonn cóiríocht bhuan don tréimhse fad-téarmach,” a dúirt an tAire.

Tá na conarthaí cuí á gcríochnú faoi láthair agus cuirfear faoi bhráid Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir i gcomhair ceadú roimh i bhfad. Táthar ag súil go dtógfar an foirgneamh nua agus go n-osclófar é chomh luath agus is féidir.

 

Fág freagra ar '‘Lúcháir an domhain’ ar lucht Ghaelcholáiste Luimnigh faoin champas nua'