Luas na gCláiríneach in aghaidh neart na nGaillimheach

Imreofar an chéad chluiche i mbabhta leathcheannais iomána na hÉireann tráthnóna nuair a thabharfaidh contae an Chláir aghaidh ar Ghaillimh i bPáirc an Chrócaigh

Luas na gCláiríneach in aghaidh neart na nGaillimheach

Johnny Coen na Gaillimhe agus David Reidy an Chláir i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann 2016. Pictúr: INPHO/Tommy Dickson

Dá ndéarfá i ndiaidh athimirt chluiche ceannais na hÉireann 2013 go mbeadh cúig bliana ann sula mbeadh contae an Chláir, a bhuaigh Craobh na hÉireann an oíche sin, ar ais ag imirt i bPáirc an Chrócaigh, cheapfadh daoine go raibh tú as do mheabhair.

Ag féachaint ar na himreoirí óga cumasacha uile a bhí ar an bhfoireann sin a bhí faoi cheannas Davy Fitzgerald, bhí daoine ag ceapadh go mbeidís go mór san iomaíocht do Chorn Mhic Cárthaigh go rialta, ach ní hamhlaidh a tharla.

Ach faoi dheireadh thiar, tá siad ag filleadh ar Bhóthar Mhic Sheoin arís agus iad ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh as na blianta sin a chaith siad sa bhfásach. Ní cluiche réidh atá i ndán dóibh inniu agus iad ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní na hÉireann agus rogha na n-údar do chraobh na bliana seo, Gaillimh.

Coimhlint iontach suimiúil atá i ndán dúinn agus imreoirí tapa, bríomhara an Chláir ag tabhairt aghaidh ar fhir mhóra láidre na Gaillimhe. Cinnte tá níos mó taithí ag na Gaillimhigh ar Pháirc an Chrócaigh. Seo í an ceathrú bliain as a chéile acu na babhtaí leathcheannais a bhaint amach, ach mar sin féin feilfidh an pháirc leathan seo stíl iomána an Chláir.

Níl aon amhras ach go bhfuil leithéidí Gearóid McInerney, Pádraic Mannion agus John Hanbury níos láidre ná Shane O’Donnell, Tony Kelly agus Podge Collins ach má éiríonn leis na Cláirínigh spás ar bith a fháil, is féidir leo scrios a dhéanamh.

Mura mbeidh an spás sin á fháil acu, tabharfaidh John Conlon rogha eile dóibh sa líne lántosach. Fear breá láidir é Conlon, atá ag imirt ar fheabhas i mbliana, ach beidh sé in éadan an lánchúlaí is fearr sa tír, Dáithí Burke tráthnóna, fear atá gach pioc chomh láidir leis féin.

Bhí ráflaí ann i rith na seachtaine go raibh gortú ag cur as don Bhúrcach agus beidh gach duine i nGaillimh ag súil nach bhfuil mórán ag cur as d’fhear an Turlaigh Mhóir mar más faoi coinneáil le Conlon, níl aon mhaith aon anó a bheith air.

Caithfidh na Gaillimhigh a bheith ar a n-airdeall faoi mhionrudaí mar sin ach níl foireann an Chláir saor ó locht ach an oiread. Níl cosantóirí an Chláir baileach chomh maith lena dtosaithe agus beidh na Gaillimhigh ag iarraidh teacht i dtír air sin.

Bhí tosaithe na Gaillimhe ar fheabhas i gcluiche ceannais athimeartha Laighean in aghaidh Chill Chainnigh agus cúilíní scóráilte ag an seisear a thosaigh sa gcluiche roimh leath ama.

Níl Conor Cleary gan locht mar leathchúlaí láir agus beidh obair mhór le déanamh aige más faoi tionchar Joe Canning ar an imirt a mhaolú. Sa chúinne, d’fhéadfadh Conor Whelan scrios a dhéanamh agus má bhíonn Cathal Mannion chomh maith agus a bhí sé in aghaidh Chill Chainnigh, beidh an Clár i dtrioblóid.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Luas na gCláiríneach in aghaidh neart na nGaillimheach'