Luach €450,000 de channabas aimsithe i dteach fáis Gaeltachta

Thug an Garda Síochána le fios go raibh an teach fáis i gCorr na Móna ‘an-sofaisticiúil go deo’

Luach €450,000 de channabas aimsithe i dteach fáis Gaeltachta

An teach fáis i gCorr na Móna. Pictiúr: Facebook/An Garda Síochána

Ghabh na Gardaí seilbh inné ar luach €450,000 de channabas i dteach fáis i bhFarnocht i gCorr na Móna sa Ghaillimh.

Thug an Garda Síochána le fios go raibh an teach fáis agus a bhain leis “an-sofaisticiúil go deo”.

An teach fáis i gCorr na Móna. Pictiúr: Facebook/An Garda Síochána

Rinne lucht an Aonaid Drugaí a bhaineann le Stáisiún na nGardaí sa Ghaillimh an láthair a chuardach inné agus aimsíodh plandaí cannabis a bhí nach mór lánfhásta chomh maith le cannabis triomaithe.

Bhí an teach sa Ghaeltacht dúnta aréir fad is a bhí scrúdú fóiréinseach teicniúil ar bun.

Thángthas ar an teach fáis i ndiaidh do na Gardaí luach €2,000 de channabas a aimsiú i gcarr a stopadh i mBearna Bhealach Sailearnáin i gContae Chill Mhantáin.

Gabhadh fear sna daichidí san eachtra sin agus tá sé a choinneáil i Stáisiún na nGardaí i gCill Mhantáin.

Fág freagra ar 'Luach €450,000 de channabas aimsithe i dteach fáis Gaeltachta'

  • dónal

    luach 450,000 euro de leigheas a d’aimsigh siad…….. féach, seo é an scéal anois:
    dhein an SAM an planda aindleathach timpeall 80 bliana ó shin. Ó an am sin bhí suim mór acu chun tíortha eile an planda a dhéanamh aindleathach. agus thárla sé, go háirithe tar éis an cogadh domhanda 2. anois go bfhuil na gardaí/péas á chur tóir ar aon duine atá baint leis an cnáib ar fud an domhain, d’athraigh móran státanna i SAM an dlí (mar tá cnáib leigheas ar fheabhas) agus anois is siad an tír a bfhuil á dhéanamh airgead ollmhór aisti. chun an fírinne a rá, tá siad ag magadh fúinn. sinn a bhfuil lasmuigh den tír draíocht siúd maidir le airgead mór a dhéanamh.
    freisin, nuair/má a caitheann tú toitín cnáibe, is minic go dtagann mothúchán síochánta ort, mar sin nách bhfuil dualgas ar na ngardaí an síochán a cosaint??!! cuir tóir ar na coirpigh réadúil!