Love, Death & Robots thuas seal thíos seal

Níl an dara sraith seo chomh toirtiúil ná chomh téagartha lena réamtheachtaí

Love, Death & Robots thuas seal thíos seal

Sraith beochana ar leith í Love, Death & Robots (❤️☠️🤖).

Cnuasach d’ocht gcinn déag de shaothair aonair a bhí sa chéad sraith agus meithleacha difriúla, ó thíortha difriúla fiú, ag obair ar gach ceann.

Níl cuid acu ach beagán sa bhreis ar chúig nóiméad agus níl aon cheann níos faide ná seacht nóiméad déag. Fágann sin cuma an-difriúil ar gach saothar acu agus atmaisféar an-difriúil le brath. Cuma an-réalaíoch ar an mbeochan i ngálaí áirithe, cinn eile níos traidisiúnta agus níos ealaíonta. Téamaí difriúla á gcíoradh, ní nach ionadh, ach blas diostóipeach, duairc agus rian an fhicsin eolaíochta ar an iomlán. Lena chois sin ní chuirtear aon fhiacail sa léiriú a dhéantar ar mhíreanna foréigin.

Ar an mbonn sin is eile is dóigh liom go mbaineann cnuasach seo Netflix macalla as Black Mirror, sraith shuaithinseach, dhorcha eile. I gcnuasach den saghas seo ní hiontas go mbeifí thuas seal thíos seal. Bhaineas an-sásamh as leithéidí Sonnie’s Edge, The Secret War, Helping Hand agus Lucky 13. Go deimhin ba bhreá leat go mbeadh a thuilleadh gálaí nó fadscannán faoi na hábhair/carachtair chéanna.

Níl an dara sraith chomh toirtiúil céanna lena réamhtheachtaí agus sinn i dtaobh le hocht n-eagrán. Tosaítear amach le Automated Customer Service agus bean chnagaosta ag iarraidh na cosa a thabhairt léi óna róbat glantacháin fabhtach atá ag iarraidh í a mharú. Dírítear ar théama na teicneolaíochta atá imithe ar strae agus i mbun clis go minic sa dá shraith. Ina dhiaidh sin tugtar faoin innealtóireacht ghéiniteach, neamhbhásmhaireacht, Daidí na Nollag scanrúil agus corp fathaigh ar thrá i Sasana. Arís eile tá meon agus beochan dhifriúil ag baint le gach gála acu.

Life Hutch agus The Drowned Giant na saothair is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa. Sa chéad cheann acu sin cítear an píolóta ag tuirlingt de thuairt ar phláinéad i bhfad i gcéin. Éiríonn leis fothain a fháil in áras an teidil ach arís eile tá an teicneolaíocht i mbun clis.

Dúisítear an róbat cothabhála agus is léir go bhfuil sé as ord, é imithe le craobhacha i ndáiríre agus é ag iarraidh an píolóta bocht a chur de dhroim seoil. Tá saothair an fhathaigh bunaithe ar smaointeoireacht eolaí is é ag trácht go fealsúnach ar an iontas a bhaineann le corp nocht fathaigh a bheith tagtha i dtír i Sasana. Saothar níos ciúine, níos machnamhaí atá anseo ach cuireann sé clabhsúr cumhachtach ar an tsraith.

Ceann de bhuanna an sraithe ná go gcruthaíonn cuid mhaith de na cláir domhan malartach aduain go paiteanta laistigh d’achar gearr agus go ndéantar an lucht féachana a shú isteach iontu.

Cé gur bhaineas súp as geábh eile a thabhairt ar dhomhan diostóipeach
Love, Death & Robots níl an tsraith is déanaí seo chomh toirtiúil ná chomh téagartha lena réamhtheachtaí.

Fág freagra ar 'Love, Death & Robots thuas seal thíos seal'