Loscadh agus réabadh – seachtain ó thuaidh 20 bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta

Tá gá le leigheas ar aicíd níos bunúsaí sa tsochaí ó thuaidh, aicíd a bhaineann le bochtaineacht, leithcheal agus neamart

Loscadh agus réabadh – seachtain ó thuaidh 20 bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Buama peitril ina ghlac ag gasúr ocht nó naoi mbliana d’aois. Faitíos ar sheandaoine a dhul a luí. Ionsaí le meaisínghunna agus gairis phléascacha ar an PSNI. Feithiclí fuadaithe agus curtha trí thine. Ionsaí seicteach ar eastát beag aontachtach/Protastúnach agus ceantar poblachtach á scrios agus á réabadh ag dream beag de bhunadh an phobail sin.

B’in iad na híomhánna de chathair Dhoire le seachtain. Bhí alltacht ar an bpobal fré chéile, ar an PSNI agus ar cheannairí pobail. D’eisigh ceannairí na bpríomhpháirtithe polaitiúla cáineadh agus achainí ar lucht na trioblóide éirí as. Rinne an bheirt easpag sa chathair an achainí chéanna. Níor tugadh aird ar bith orthu.

Bhí gach éinne den bharúil gur easaontóirí poblachtacha a bhí ag gríosú agus ag ionramháil na ndaoine óga. Dhearbhaigh an Ceannfort Gordon McCalmont ón PSNI, “it is clear that this is being orchestrated by a more sinister, adult, violent dissident republican element”. Gan dabht tá na heasaontóirí ag iarraidh an PSNI a mhealladh isteach in áiteanna ar féidir ionsaithe a dhéanamh orthu. Rinneadh iarracht póilíní a mharú nuair a scaoileadh meaisínghunna san oíche Dé Máirt, fágadh dhá bhuama le hais ballaí na cathrach oíche Dé Céadaoin agus oíche Déardaoin caitheadh dhá ghaireas le haonad póilíneachta.

Ba léir gur chuma leis na heasaontóirí faoin damáiste a bhí á dhéanamh i dTaobh an Bhogaigh ná faoin gcrá croí do mhuintir na háite, oíche i ndiaidh oíche. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin iontas orainn. Níor léirigh siad scrupall ar bith faoin bpobal a chur i gcontúirt in eachtraí eile. Bhí easaontóirí gníomhach i nDoire le blianta; i measc a ‘ngaiscí’ bhí ionsaí ar thuismitheoirí  chomhalta den PSNI. Déantar neamhshuim de leas an phobail nó éinne a bheadh ag dul thar bráid nuair a fhágtar buamaí faoi charranna agus nuair a scaoiltear urchair in áiteanna ina bhfuil sluaite bailithe.

Is furasta daoine óga a airíonn go bhfuil siad fágtha ar an imeall, ar an ngannchuid a ghríosú chun achrainn. Tá fadhb i nDoire le iompar frithshóisialta ar aon nós, chomh maith le heaspa deiseanna agus ráta dífhostaíochta an-ard. Meascán nimhiúil is ea mí-úsáid na n-easaontóirí ar dhaoine óga  agus an spraoi nó caitheamh aimsire a bhaineann le círéibeacha. Bhí máirseáil mhór Oráisteach i nDoire i mbliana; bhí an pharáid ar an Déardaoin síochánta ach bhain na heasaontóirí leas aisti chun daoine óga a shaighdeadh. Faraor, níor bhac í an dea-aimsir ach an oiread.

Is ina gceantar féin – i Sráid an Fhathna agus ar uasbhealach Bhóthar Leice a rinneadh an réabadh ba mheasa ach bhí tionchar aige níos fairsinge. Cothaíodh scéin i measc áitritheoirí i dTaobh an Bhogaigh ar fad, in áras do sheandaoine idir an chomharsanacht sin agus an Fuarán, The Fountain, an t-eastát beag aontachtachtach in aice le ballaí na cathrach agus san eastát sin a bhí faoi ionsaí seicteach ag tús na trioblóide reatha.

Mhúscail an t-achrann an-chuid ceisteanna. Cé a ligeann páistí chomh hóg le 7 nó 8 mbliana amach le páirt a ghlacadh i gcíréibeacha? Ar cheart freagracht dhlíthiúil a bheith ar thuismitheoirí as mí-iompar mionúir ? Cad atá á dhéanamh chun deiseanna a sholáthar do dhaoine óga sna ceantair ina bhfuil obair gann? An bhfuil an bhunaíocht toilteanach dul i ngleic le coimhthíos daoine óga? Conas ba cheart don PSNI eachtraí mar seo a láimhseáil? Scaoil siad piléir phlaisteacha oíche Déardaoin, cor nár shásaigh go leor. Tá daoine gafa agus roinnt le cúiseamh. Agus conas is féidir a chinntiú nach é an pobal atá thíos leis an gcoimhlint chumhachta atá ar bun ag na heasaontóirí le Sinn Féin?

Ní ar an taobh náisiúnach amháin a rinne miondreamanna dochar dá gcomharsanachtaí féin. Ba í an Fhéile Mhór Oráisteach ar an dara lá déag an ceann ba shíochánta le fada ach ní hamhlaidh an cás le Oíche na dTinte Cnámh (11ú). Le blianta beaga anuas tá béim níos mó á cur ag aicme áirithe i measc dílseoirí ar na tinte cnámh an oíche roimh lá mór na máirseálacha. Maíonn siad go bhfuil srianta curtha ar an paráidí, ag poblachtánaithe, agus gurb é cealú na dtinte cnámh an chéad chéim eile sa chomhcheilg ina n-aghaidh féin. Dá bhrí sin tá cuid de na tinte a thógtar i bhfad rómhór agus cuireann siad daoine agus tithe i mbaol.

Nuair a chinn na húdaráis go gcaithfí péire in oirthear Bhéal Feirste a laghdú nó a aistriú ar mhaithe le sábháilteacht, thosaigh trioblóid. Bhí an PSNI cinnte go raibh paraimíleataigh dhílseacha an UVF taobh thiar den trioblóid. Fuadaíodh carranna agus cuireadh trí thine iad. Dúnadh bóithre, an bealach isteach chuig ospidéal san áireamh, agus sáinníodh daoine in aerfort George Best. I mBaile Nua na hArda bhí fear a raibh gunna aige i measc an dream a d’fhuadaigh bus a cuireadh trí thine.

Fearacht mhuintir Dhoire bhí alltacht ar an bpobal aontachtach faoin loscadh agus an réabadh i mBéal Feirste Thoir agus i dtuaisceart an Dúin. Arís eile cháin na príomhpháirtithe, in éindí, an foréigean. Den chéad uair thacaigh an DUP le ceansú na dtinte cnámh, an feisire Parlaiminte Gavin Robinson meáite de nár mhór an pobal a chosaint.

Chiúnaigh na dílseoirí níos túisce ná an dream i nDoire ach tá sé soiléir go gcaithfear a dhul i ngleic leis na ceisteanna seo ar bhonn uileghabhálach. Níl sna fadhbanna slándála ach siomtóim, cé go bhfuil siad uafásach. Tá gá le leigheas ar aicíd níos bunúsaí a bhaineann le bochtanas, leithcheal agus neamart – aicíd a mbaineann paraimíleataigh leas aisti fiú fiche bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Fág freagra ar 'Loscadh agus réabadh – seachtain ó thuaidh 20 bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta'

  • Breathnóir

    Cur síos maith ar imeachtaí na seachtaine, go raibh maith agat, a Phóilín.