Lóistín Gaeilge seolta ag Ollscoil na Gaillimhe den chéad uair le 20 bliain

Beidh 16 mac léinn ag cur fúthu i dTeach na Gaeilge i mBaile na Coiribe agus cuirfear €1,000 an duine ar fáil dóibh chun cuidiú leo le costais lóistín na bliana

Lóistín Gaeilge seolta ag Ollscoil na Gaillimhe den chéad uair le 20 bliain

Tá scoláireachtaí nua bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar mhic léinn atá ag fanacht i dTeach na Gaeilge agus lóistín Gaeilge ar bun arís ag an ollscoil den chéad uair le breis is 20 bliain.

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil na scoláireachtaí bronnta ar 16 mac léinn don bhliain acadúil seo faoina Scéim Cónaitheachta Gaeilge.

Beidh na scoláirí ag cur fúthu i dTeach na Gaeilge i mBaile na Coiribe agus cuirfear €1,000 an duine ar fáil dóibh chun cuidiú leo le costas lóistín na bliana.

Deir Ollscoil na Gaillimhe gur léiríodh an-spéis sa scéim agus go raibh mic léinn ó cheann ceann na tíre ag iarraidh an deis a thapú lóistín a roinnt le cainteoirí Gaeilge eile agus iad i mbun staidéir san ollscoil i mbliana.

Deir Cliodhna Ní Mhianáin, duine de na mic léinn ar éirigh léi áit a fháil i dTeach na Gaeilge: “Is i bpobal bríomhar na Gaeilge a tógadh mé agus is ann is compordaí mé i mo chraiceann féin; mothaím go bhfuil an cairdeas, craic agus ‘raison d’être’ céanna ag lucht na Gaeilge, rud nach bhfuil le fáil i measc an lucht aonteangaigh.

“Tá mé den bharúil, óir go bhfuil Ollscoil na Gaillimhe chomh lárnach sin, go mbeidh meascán iontach de Ghaeilgeoirí as gach cearn den tír ag freastal uirthi, araon le muintir Chonamara, agus go mbeidh meascán mearaí iontach de chanúintí ann. Is deis ar leith í an Scéim Cónaitheachta Gaeilge le bualadh leo uilig agus táim ag súil go mór leis an mbliain.”

Dúirt an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, go léiríonn an tacaíocht atá tugtha don scéim “fíorthiomantas na hOllscoile” don Ghaeilge a chur chun cinn san choláiste.

Dúirt sé go mbeadh deis ag na mic léinn seo “cur lena gcuid scileanna teanga agus sóisialta ag na himeachtaí Gaeilge a bheidh á reáchtáil san Ollscoil agus i gcathair na Gaillimhe”.

Tuigeann sé chomh maith “tábhacht thar na bearta a bhaineann leis an sóisialú seo ó thaobh cleachtas agus iompar teanga na mac léinn”.

Dar leis go léireoidh an scéim seo do phobal na hOllscoile i gcoitinne “go bhfuil an Ghaeilge lárnach i ngach uile réimse den saol in Ollscoil na Gaillimhe”.

Cuireadh tús leis an Scéim Cónaitheachta Gaeilge den chéad uair san ollscoil sa bhliain 1991, agus seoladh an scéim arís i mbliana ar mhaithe le lóistín a chur ar fáil do mhic léinn a bhfuil Gaeilge acu agus pobal Gaeilge na hollscoile a neartú.

Mhaígh Ollscoil na Gaillimhe roimhe seo go bhfuiltear ag iarraidh an scéim a fhorbairt agus gur “baile Gaelach seachas teach Gaeilge” a bheidh ann amach anseo.

Fág freagra ar 'Lóistín Gaeilge seolta ag Ollscoil na Gaillimhe den chéad uair le 20 bliain'

  • Liam

    Scéimeanna iontacha atá i scéimeanna dá leithéid. Tá siad ar siúl in UCD, Ollscoil Chorcaí agus Coláiste na Tríonóide cheana féin. Táimse féin ag fanacht i lóistín ollscoile Gaeilge i láthair na huaire, agus táim ag baint an-taitneamh as – is í an Ghaeilge mo phríomh-theanga laethúil anois cé nár labhair mé í sa bhaile riamh agus cé nár fhreastal mé ar ghaelscoil riamh. Bhí éileamh mór ann dó i mbliana agus meascán maith idir lucht na Gaeltachta agus pobal na Galltachta anso. Tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar mo chuid Gaolainne ó thaobh cruinneas/nádúrthacht de i gcaitheamh na bliana freisin. Caithfear go bhfuil cúpla scór mac léinn ar fud na tíre ag labhairt na Gaeilge go laethúil mar gheall ar na scéimeanna cónaithe Gaeilge – tá súil agam go dtiocfaidh méadú ar líon na n-árasán a chuirtear ar fáil sna scéimeanna seo, go háirithe sa Ghaillimh os rud é go bhfuil dlúth-cheangal acu le Gaeltacht Chonamara agus bíonn an-éileamh ar na scéimeanna seo i gcónaí. Guím gach rath ar mhic léinn na scéime nua seo i nGaillimh!