Lógó nua faighte ag Údarás na Gaeltachta tar éis 25 bliain

Mar chuid de chomóradh 40 bliain na heagraíochta, beartaíodh lógó nua a fháil ‘a thabharfadh aitheantas d’fhéiniúlacht na Gaeltachta agus do ról an Údaráis inti’

Lógó nua faighte ag Údarás na Gaeltachta tar éis 25 bliain

Tá lógó nua faighte ag Údarás na Gaeltachta agus an ceann a bhí acu le nach mór 25 bliain caite i dtraipisí acu.

Seo an tríú lógó a bhí ag an eagraíocht Ghaeltachta atá daichead bliain ar an bhfód i mbliana.

Mar chuid de chomóradh 40 bliain na heagraíochta a beartaíodh lógó a fháil “a thabharfadh aitheantas d’fhéiniúlacht na Gaeltachta agus do ról an Údaráis inti” le dhá scór bliain anuas.

Suaitheantas a bhí uathu a leagfadh béim “ar nuálaíocht, ar cheannródaíocht agus ról lárnach an Údaráis i ngach a tharlaíonn sa Ghaeltacht”.

Dúirt urlabhraí ón Údarás go raibh dearadh an lógó nua “bunaithe ar an gcoincheap gur áit shainiúil í an Ghaeltacht agus go bhfuil Údarás na Gaeltachta fite fuaite i chuile ghné de shaol sin na Gaeltachta”.

Dúirt sé go raibh “cruth láidir, glan agus soiléir” ag an lógó ar chosúil é le “marcóir digiteach ar mhapa” rud a “cheanglaíonn” an tÚdarás “go dlúth leis an gceantar ar a bhfuil sé ag freastal”.

Mhaígh sé go dtugann an fíochán nó an sníomh atá ar na línte ag bun an mharcóra le fios “go bhfuil an eagraíocht fite fuaite i ngach a bhaineann leis an nGaeltacht” agus go dtugann an lógó “nod” freisin do chuid d’earnálacha traidisiúnta na Gaeltachta ar nós na fíodóireachta.

An sean lógo

Ní raibh Údarás na Gaeltachta sásta a rá cén costas a bhí ar an lógó nua nó cén comhlacht a fostaíodh chun é a dhearadh.

“Fostaíodh comhlacht dearadh grafach a raibh aithne fhorleathan acu ar obair na heagraíochta agus a raibh taithí agus speisialtóireacht acu i gcúrsaí brandála.

“Níl sé cuí ag an staid seo ainm an chomhlachta ná an costas a caitheadh leis a shonrú de bharr leochaileacht tráchtála. É sin ráite is féidir a dhearbhú gur déanadh an obair dheartha ar chostas íseal agus fíor-réasúnach,” a dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta.

Dhá lógó a bhí ag Údarás na Gaeltachta go dtí seo, ceann a d’eascair ó bhrandáil Ghaeltarra Éireann a bhí ann nuair a bunaíodh an eagraíocht i 1980. Forbraíodh branda nua don eagraíocht i 1996.

Is de réir a chéile a chuirfear lógó nua an Údaráis ag obair, a dúradh. Sa réimse digiteach is túisce a fheicfear é, ar shuíomh idirlín nua na heagraíochta mar shampla.

Fág freagra ar 'Lógó nua faighte ag Údarás na Gaeltachta tar éis 25 bliain'

  • Donncha Eile

    A leitheid go sheafóid. Tá comhlachtaí agus jabanna i mbaol de bharr Brexit agus COVID agus seo an cineál obair atá ar siúl ag an Údarás! Ag spraoi thart le lógó. Agus an ansin ag diúltú don phobal a bhfuil siad “fite fuaite” leo freagra a thabhairt ar cé mhéid airgead a chaith siad ar nó fiú cé a rinne an obair?

  • Brid

    Níl náire ar bith orthu. Ceangailte go dlúth…. ach ná gcuirigí aon cheist orainn! Magadh faoin nGaeltacht atá siad agus muintir na Gaeltachta.

  • Rós

    An bhfuil an oiread sin náire ar an dearthóir nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh a fhios ag aon duine gur beidh a rinne é?

  • Mairead

    Cá raibh an cuireadh chun tairisceana don athbhrandáil seo fógraithe? An raibh sé i mBéarla amháin? Ba chóir go dtabharfaidh ainm na comhlachta.

  • Máire

    An iad an dream céanna a rinne an lógó agus a rinne an suíomh idirlíon nua atá lán le béarlachas, eolas mí-chruinn agus logainmneacha i mBéarla?

  • Údarás gan smacht

    Cé mhéid airgead atá Údarás na Gaeltachta ag caitheamh ar margaíocht agus brandáil? Tá an oiread sin earraí, idir tléinte, seaicéid, rudaí beaga fánach plaisteach le lógóanna éagsúla an Údaráis orthu, Gaeltacht na hÉireann agus Páirc na Mara (nach bhfuil fiú cead pleanála faighte dhó fós), feicthe agam agus níl fiúntas ar bith leis. An bhfuil siad chun an stuif seo a fháil déanta anois arís leis an lógó nua? Cén fáth nach bhfuil aon duine ag cuir ceisteanna faoi?

  • Pádraic Mac F

    Murach go bhfuil rud éigin déanta as bealach thabharfaidh ainm an dearthóir.

  • Teastaíonn athbhreithniú ar an Údarás

    Cé mhéid airgead atá caite ag Údarás na Gaeltachta ar bhrandáil le cúpla bliain? Thug siad comharthaí beaga dúinn le crochadh inár ngnó anuraidh leis an sean lógó air agus ag tús na bliana seo d’iarr siad orainn an sean lógó agus lógó Gaeltacht na hÉireann a chuir ar ár suíomh idirlíon agus ar aon ábhar poiblíochta a d’fhéadfaí. Níor tugadh aon leid go mbeadh siad ag athrú an lógó.

  • Séamus S

    “Ní raibh Údarás na Gaeltachta sásta a rá cén costas a bhí ar an lógó nua nó cén comhlacht a fostaíodh chun é a dhearadh.”

    Nach b’shin do dhóthain.

  • Déan athbhreithniú ar Údarás na Gaeltachta

    Tá go leor ceisteanna a theastaíonn a chuir ar Údarás na Gaeltachta. Tá siad ag cruthú brandaí nua gach bliain anois, Gaeltacht na hÉireann, gteic, Páirc na Mara, Expo Gaeltachta… ach cá bhfuil an buntáiste don Ghaeltacht?
    Cé mhéid airgead atá caite ar dhearadh lógóanna, ar shuíomhanna idirlíon, ar earraí brandáilte? Tá an suíomh idirlíon lán le botúin agus tá an stuif a bhíonn le feiceáil ar a gcuid meáin sóisialta ina ábhar grinn ag an bpointe seo.
    Tá níos fearr ná seo tuillte ag muintir na Gaeltachta. Más seo an obair atá ar siúl, más ar ábhar amaidí mar seo atá Údarás na Gaeltachta ag díriú a gcuid ama ba cheart deireadh a chuir leis an eagraíocht, mar níl siad ag déanamh aon mhaitheas don Ghaeltacht.

  • Amergín

    Taitníonn an lógó nua liomsa. Cabhróidh an lógó seo dearcadh nua-aimseartha na Gaeltachta a thaispeáint chun infheistíocht a tharraingt. Bíonn an béim ar fhógraíocht na laethanta seo.
    Deirfinn go bhfuil an obair seo déanta ag an gcomhlacht céanna a bhí ag obair ar an lógó nua atá ag gach roinn rialtais, an cinéal nua ‘uaine agus ór’ atá le feiceáil ag gach údarás agus roinn stáit anois.

  • Deireadh leis an Údarás

    Bhfuil seo i ndáiríre? Tone-deaf.

  • Athbhreithniú ar Údarás na Gaeltachta

    “leochaileacht tráchtála”? Tá súil agam nach nglacfar leis an bhfreagra bréagach seo. Tá sé in am déan scrúdú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta agus na socruithe príobháideacha atá á ndéanamh acu le airgead Stát.

  • Seáinín faoi Sceach

    Aithrist ar siombail Google Maps. Níl tada Gaelach faoi

  • Amy

    Tá an lógó go maith. Is obair dian é an abhar seo agus níl meas ag daoine. Tá gach ceart ag Údarás lógó nua agus dearcadh nua a bheith acu. Ni cheart coinneail le sean rud I gconaí. Tá daoine nua san Údarás anois agus soal nua