Loch nEathach – an loch lofa atá ina phríomhfhoinse uisce do Bhéal Feirste

Mura gcuirfear tús leis an obair gan a thuilleadh moille ní bheidh tarrtháil i ndán don loch is mó in Éirinn

Loch nEathach – an loch lofa atá ina phríomhfhoinse uisce do Bhéal Feirste

Tá siad ar ais arís. Don dara bliain as a chéile tá Loch nEathach á phlúchadh ag algaí gormghlasa. Tubaiste thimpeallachta é, an loch a bhfuil na mílte ag brath air ag fáil bháis os comhair ár gcuid súl.

Mura gcuirfear tús leis an obair gan a thuilleadh moille ní bheidh tarrtháil i ndán don loch is mó in Éirinn. Le déanaí ghlac an Feidhmeannas in Stormont le plean an Aire Comhshaoil agus Talmhaíochta, Andrew Muir ach d’admhaigh an tAire go dtógfaidh sé blianta fada chun na fadhbanna a fhuascailt.

N’fheadar an bhfuil an oiread sin ama le spáráil. Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoi thábhacht an locha i saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an Tuaiscirt. Mar sin féin is ar éigean a bhí sé ar chlár oibre aon pháirtí polaitíochta go dtí anuraidh nuair ba léir an bhail uafásach a bhí air, na halgaí gormghlasa ina gcomhartha sóirt ar an truailliú marfach ann.

Ag an am sin mhaígh na páirtithe eile ar fad go mbeadh tarrtháil an locha mar thosaíocht acu in Stormont dá gcuirfeadh an DUP deireadh lena mbaghcat. Thóg sé ceithre mhí orthu plean a fhaomhadh. Más mall is mithid.

Is é Loch nEathach príomhfhoinse uisce Bhéal Feirste, deirtear go bhfuil an t-uisce sábháilte ach tá imní ar dhaoine. Tionscal an-tábhachtach is ea iascach eascann an locha, earra speisialta a easpórtálann comharchumann i nDroichead Thuama chuig margaí na hEorpa. Ionad turasóireachta mór é freisin chomh maith le láithreacha fóillíochta do mhuintir Aontroma, Thír Eoghain, dheisceart Dhoire agus thuaisceart Ard Mhacha. Le déanaí tugadh foláireamh do dhaoine gan a dhul ag snámh sa loch.

Tá lucht feachtais a bhí ag éileamh gnímh le blianta chun an loch a shábháil buíoch gur ghlac an Feidhmeannas le plean ar deireadh, cé go bhfuil roinnt sceipteach gur leor é nó go gcuirfear an maoiniú riachtanach ar fáil. Plean 37 bpointe is ea é bunaithe ar oideachas, infheistíocht, nuálaíocht, forfheidhmiú, rialacháin agus eolaíocht.

Sé gnó Stormont féachaint chuige go ndéanfar an obair. Tugadh le fios go raibh an DUP ag tarraingt na gcos maidir le plean gnímh ar feadh tamaill ach d’aontaigh gach aire sa bhFeidhmeannas an scéim an mhí seo. Bhí an Tionól scortha don samhradh faoin am sin agus dá réir níor cluineadh díospóireacht ná cíoradh go hoscailte ar an 37 pointe. Bhí go leor cainte faoi úinéireacht an locha – is le hIarla Shaftesbury grinneall agus bruacha an locha ach ní leis an t-uisce is cosúil. Ní raibh sé sásta a shealús a thabhairt uaidh anuraidh ach le gairid dúirt sé go dtabharfadh sé é –nó cuid dhe – d’eagraíocht dheonach nó d’iontaobhas. Chífimid. Bhí cruinniú tairbheach aige leis an Aire Andrew Muir. Ar ndóigh ba cheart an loch a bheith i seilbh an phobail – an é sin Stormont? Ach tá uisce folláin níos tábhachtaí anois.

Go bunúsach caithfear díriú ar dhianfheilméaracht agus sceitheadh truailleán, ar eisilteacht sciodair agus sceitheadh ó dhabhcha séarachais. Tá géarghá le hathchóiriú ar an gcóras séarachais, tá tithe agus gnólachtaí nua líonmhar in abhantrach an locha. Údar imní é nach bhfuil tada i bplean an aire faoi infheistíocht sa gcóras séarachais.

Údar imní eile is ea rialacha dochta a bheith ar bhonn reachtúil agus an dlí a chur i bhfeidhm. Faoi láthair is minic uafás agus alltacht ar na húdaráis nuair a mharaítear na céadta iasc de bharr sceitheadh nimhe in aibhneacha. Ach an ngearrtar pionós cuí orthu sin a bhíonn freagrach, gnólachtaí nó daoine aonair? Go dtí go ndéanfar deimhin de go n-íocfaidh an truaillitheoir níl i scéimeanna tarrthála ach caint san aer.

Fág freagra ar 'Loch nEathach – an loch lofa atá ina phríomhfhoinse uisce do Bhéal Feirste'

  • JP

    Agus deirtear gurb é an franncach salach brocach an t-aon ainmhí a shalaíonn a nead féin.
    Agus ní i Loch nEathach amháin atá an dísciú ar siúl, mise fé dhuit.
    Nach ‘Roundup’ is mó go mór a úsáideann feirmeoirí agus Comhairlí Contae is Cathrach i gcónaí ar fuaid na tíre?
    Imprimatur ag an mbranda sin fós ón Aontas Eorpach acu!!
    Agus nach é a bhíonn in úsáid ag Cumainn Ghailf etc etc?
    Ag féachaint amach an fhuinneog anois dom feicim iad ag spréáil go dólámhach, ag marú ‘fiailí’ is feithidí rompu is ina ndiaidh agus loch in aice linn.
    Cnuaisciúin a dhuine!
    Sé an duine an t-ainmhí is dainséaraí agus is salaí amuigh.