Liz Truss le ceapadh mar an 56ú Príomh-Aire ar an mBreatain

D’éirigh leis an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha an ceann is fearr a fháil ar Rishi Sunak, iarsheansailéir an státchiste, 81, 326 vóta in aghaidh 60,399

Liz Truss le ceapadh mar an 56ú Príomh-Aire ar an mBreatain

Liz Truss atá le ceapadh mar an 56ú Príomh-Aire ar an mBreatain.

Is í an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha an tríú bean chun an post a fháil.

Fógraíodh in Westminster tráthnóna go raibh bua bog ag Truss ar Rishi Sunak i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe. 81, 326 vóta a fuair Truss agus 60,399 vóta a fuair Sunak.

“Déanfaimid an beart, déanfaimid an beart, déanfaimid an beart,” a dúirt Truss nuair a fógraíodh an toradh.

Dúirt sí go dtabharfadh sí ciorruithe cánach isteach chun an geilleagar a fhás agus go rachadh sí i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh.

Dúirt sí go gcreideann muintir na Breataine sna rudaí céanna go gcreideann na Tóraithe iontu, an tsaoirse agus smacht a bheith ag daoine ar a saol féin agus cánacha ísle.

Ghabh Truss buíochas lena “cara” Boris Johnson as seasamh in aghaidh Vladimir Putin, an Bhreatimeacht a chur i gcrích, an tsnáthaid in aghaidh Covid-19 a dháileadh agus “Jeremy Corbyn a threascairt”.

“Tá meas ort ó Kyiv go Carlisle,” a dúirt sí.  Bhí tost ann sular tugadh bualadh bos patuar go maith do Johnson.

Bhí sé á thuar le fada go mbeadh an lá le Truss agus gurbh í a thiocfadh i gcomharbacht ar Johnson mar cheannaire na dTóraithe agus mar Phríomh-Aire na Breataine. Ní bhfuair sí oiread vótaí is a bhí á thuar i gcuid de na pobalbhreitheanna, áfach.

57% den vóta a fuair sí, níos lú ná mar a fuair Boris Johnson (66.4%) agus David Cameron roimhe (67.6%).

Rachaidh Truss agus Johnson go dtí Baile Mhorail in Albain amárach, áit a gcuirfidh Johnson in iúl go hoifigiúil do Bhanríon Shasana go bhfuil sé ag éirí as.

In Albain seachas i bPálás Buckingham i Londain a tharlóidh ceapachán Truss amárach mar gheall ar na deacrachtaí siúil atá ag an mBanríon Eilís, deacrachtaí a fhágann nach mbíonn sí ag taisteal chomh minic is a bhíodh.

D’fhéadfadh go bhfágfadh ceapachán Truss lorg an-mhór ar Éirinn mar gheall gurb í a bhrúigh chun cinn an reachtaíocht chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal an Tuaiscirt.

Chuirfeadh an reachtaíocht sin deireadh go haontaobhach le go leor den phrótacal, an comhaontú a rinne an tAontas Eorpach le Rialtas na Breataine chun teorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, ar maidin gur duine “cumasach lán fuinnimh” í Truss ach go raibh go leor teannais agus amhrais cothaithe aici mar gheall ar a tacaíocht do bhille an phrótacail.

“Beidh sí ar an gcéad Phríomh-Aire eile agus oibreoimid léi agus lena foireann, ach tá súil agam go n-éireoidh linn dul ar mhalairt chúrsa i dtaca le caidreamh na Breataine-na hÉireann agus leis an méid atá feicthe againn le cúpla bliain anuas, caidreamh arb iad an teannas agus an tsáinn na comharthaí sóirt a bhí air fad is bhain sé le ceisteanna an-tábhachtach, faoi Thuaisceart Éireann don chuid is mó,” arsa Coveney.

Tá caint ann go dtabharfaidh Truss ciorruithe cánach isteach agus tuairiscítear chomh maith go bhfuil rún aici billí fuinnimh a choinneáil mar atá agus gan aon ardú eile a cheadú ar phraghsanna.

Cé go raibh Truss in aghaidh an Bhreatimeachta, d’athraigh sí a hintinn agus tá sí anois ar an eite dheis den pháirtí agus í ag brath ar thacaíocht leithéidí Jacob Rees-Mogg.

Fág freagra ar 'Liz Truss le ceapadh mar an 56ú Príomh-Aire ar an mBreatain'

  • Seán Mag Leannáin

    Ag dul ó mhaoil go mullach!