Liverpool v Chelsea: Conspóid, diabhalaíocht agus naimhdeas

Le Liverpool agus Chelsea agus casadh ar a chéile anocht, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar an méid a thosaigh an t-achrann idir na foirne seo deich mbliana ó shin

Luis Garcia celebrates scoring 3/5/2005

Ar na cluichí uile atá imeartha ag Liverpool agus Chelsea i gcoinne a chéile, is dóigh nach é an chéad babhta de chluiche leathcheannais Chorn na Sraithe, atá ann anocht, an ceann is tabhachtaí obh. Ach ar a shon sin, is sa Chorn céanna deich mbliain ó shin a thosaigh an choimhlint idir an dá fhoireann.

fréamhacha na coimhlinte seo ag fás leo ó 2003, nuair a scóráil Jesper Gronkjaer i gcoinne Liverpool ar an lá deireanach den séasúr chun an bua agus an ceathrú háit sa tsraith a bhaint amach do Chelsea. An samhradh sin agus áit bainte amach acu i Sraith na gCuradh, príomhchomórtas na hEorpa, rinne Roman Abramovich an cinneadh Chelsea a cheannacht, cinneadh a d’athraigh an spórt ó bhonn. 

Ina ainneoin sin, níor thosaigh an naimhdeas ag fás i gceart go dtí gur tháinig beirt bhainisteoirí nua, Rafael Benitez agus Jose Mourinho, ar an bhfód i 2004.

Ar an 27 Feabhra 2005, chas Chelsea agus Liverpool ar a chéile i gcluiche ceannais Chorn na sraithe agus an bheirt bhainisteoirí ag lorg a gcéad Chorn i Sasana.

Chuir ag Liverpool tús maith leis an gcluiche, iad chun cinn taobh istigh den chéad noiméad, a bhuíochas sin le cúl ón Ioruach, John Arne Riise. Ansin, ceathrú huaire roimh an deireadh, bhuail cosantóir Chelsea, Paolo Ferreira, cic saor isteach i mbosca Liverpool. Ba é Steven Gerrard, ar cheap daoine go raibh sé ar a bhealach chuig Chelsea an samhradh roimhe sin, is airde a léim as measc na n-imreoirí ar fad.

Mo léan, nach raibh sé in ann ach an liathróid a sheoladh isteach ina eangach féin lena chloigeann

Bhí Chelsea cothrom. Is ag an nóiméad sin a thug an rógaire Mourinho faoin gníomh beag a spréach tús na hachrainne idir na foirne.

Agus é ag ceilúradh an chúil, shiúil Mourinho suas an taobhlíne, chuir sé pus air féin agus chuir sé a mhéar lena bheola chun ‘Sssshh’ a rá le lucht leanúna Liverpool a bhí timpeall air. Gníomh neamhurchóideach a cheapfá ach dóibh siúd a bhí ag caitheamh geansaithe dearga, ba léiriú é ar gach a bhí mícheart le Chelsea faoi stiúir Mourinho; foireann shotalach, shuarach ab ea iad a raibh coirn buaite acu toisc an saibhreas a bhí acu.

Maidir le lucht tacaíochta Chelsea, bhí Mourinho ina laoch acu; fear muiníneach, ábalta ab ea é nach raibh aon aird aige ar ‘thraidisiún’ sacair Shasana.

Is iad Mourinho agus Chelsea a chroch leo Corn na Sraithe tar éis am breise sa chluiche sin ach ní raibh ar Liverpool fanacht i bhfad chun deis a fháil ar dhíoltas a bhaint amach. Chas na foirne ar a chéile i gcluichí leathcheannais Shraith na gCuradh agus, tar éis don chéad chluiche críochnú gan aon scór, thaistil Chelsea go Anfield ar an 3 Bealtaine agus áit sa chluiche ceannais mar dhuais ag an dream a bhuafadh.

Arís, ar nós chluiche ceannais Chorn na Sraithe, chuir Liverpool tús iontach leis an gcluiche. Sa triú nóiméad, thug Milan Baros na cosa leis isteach ar aghaidh an chúil.

Sheol sé an liathróid os cionn Petr Cech ach leag cúl báire Chelsea é. Rinne Luis Garcia iarracht an liathróid a fháil agus cé go ndearna cosantóir Chelsea William Gallas a ndícheall chun an liathróid a ghlanadh ón gcúl-líne, cheadaigh an maor líne, Roman Slysco, an cúl.

Is í an iarracht chonspóideach sin a scar na foirne ar deireadh agus bhí Mourinho ar buile.

“Chaill an fhoireann ab fhearr. Cheap an maor líne gur aimsigh siad cúl agus níor scóráil muide; mar ghealll air sin, chaill muid,” a dúirt sé tar éis an chluiche.

Maidir leis an ‘cúl’, tá cúis ghearáin ag Mourinho. Fiú amháin ar an dara, triú, ceathrú agus caogadú athfhéachaint, tá deacair a dhéanamh amach an dtrasnaíonn an liathróid an líne. Ach bhí soiléir do Jose go ndearnadh éagóir ar Chelsea agus bíonn sé ag caint ar an ‘ghost-goal’ go dtí an lá inniu féin.

Rud amháin, faraor, a dteipeann air tagairt dó go ndúirt an réiteoir tar éis an chluiche go mbeadh cic píonóis bronnta ar Liverpool aige mura mbeadh an cúl aimsithe ag Garcia. Bheadh an cúl báire Cech curtha den pháirc chomh maith aige mar gheall ar an bhfeall ar Baros.

Ach dár ndóigh, ní thagann na fíricí sin le scéal uafáis Mourinho agus, ar nós gach bainisteora, bíonn sé dall ar an gcuid den fhírinne nach dtaithníonn leis.

Anois agus Mourinho ar ais le Chelsea, tá an naimhdeas idir na foirne díreach chomh laidir céanna agus a bhí deich mbliana ó shin. Nuair a chas na foirne ar a chéile ag deireadh an tséasúir seo caite, agus Liverpool ar thóir Chorn na Príomhroinne, is le Chelsea a bhí an lá agus tá a lucht leanúna siadsan fós ag canadh faoin uair a shleamhnaigh Steven Gerrard.

Cibé cén rud a tharlós anocht, is cinnte nach dtiocfaidh deireadh leis an achrann idir Liverpool agus Chelsea nó idir Mourinho agus an Kop.