LITRÍOCHT BHÉIL: Dhá Lá Dhéag na Nollag

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: Dhá Lá Dhéag na Nollag

Gníomhaíocht 1 – Gníomhaíocht Réamhléitheoireachta:

  • ‘Dhá Lá Dhéag na Nollag’ an teideal atá ar an gcuntas seo. Ag obair le do pháirtí déan iarracht a thuar cad a bheidh sa chuntas.
  • Mar chabhair, seo cúpla focal/frása a bheidh sa téacs: féasta, glanadh, coinneal, cuileann, stoca
  • Má tá teacht ag an rang ar ríomhairí/gléasanna digiteacha bheidh an múinteoir in ann www.padlet.com a úsáid leis na cuntais ar fad a roinnt.

Gníomhaíocht 2 – Fuaim:

Éist leis an taifeadadh seo den scéal.

 

Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

 

  • Seo an leagan tras-scríofa don scéal.
  • Léigh an chéad leath den scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht.

Dá Lá Déag na Nollag

Bíonn féasta na Nollag ar siúl ar feadh dhá lá dhéag ó Oíche Nollag ar an 24 de mhí na Nollag go dtí Lá Nollag Beag ar an 6 Eanáir.  Seo iad na laethanta ina mbíonn féasta mór ann, Oíche Nollag ar an 24 de mhí na Nollag agus Lá Nollag, an lá ina dhiaidh sin. Lá Fhéile Stiofáin, an lá ina dhiaidh sin arís.  Oíche Chinn Bhliana, an oíche dheiridh den bhliain agus lá na bliana nua an chéad lá de mhí Eanáir, Lá Nollag Beag an 6 lá d’Eanáir. Bíonn áthas ar na daoine nuair a bhíonn an Nollaig ag teacht.

Bíonn siad ag glanadh, ag scuabadh agus ag cóiriú na tithe. Cuirtear cuileann agus eidhneán thart timpeall na bpictiúr. Nuair a bhíonn an teach go deas le haghaidh na Nollag, téann mo mháthair go dtí an Baile Mór leis ‘an Nollaig’ a cheannach.  Ceannaíonn sí tae, siúcra, bollóg aráin, cuiríní, rísíní, subh, cáca milis agus coinneal dhearg le haghaidh Oíche Nollag agus rudaí deasa eile. Ansin bíonn gach rud réidh le haghaidh na Nollag. Ní bhíonn aon rud á dhéanamh ach pé gnó is riachtanach ar fud na dtithe.

Nuair a bhíonn sé ina oíche, cúpla uair déanann mo mháthair tae agus bíonn gach aon rud ar an mbord le haghaidh na Nollag. Bíonn coinneal mhór na Nollag ar lasadh ar an bhfuinneog Oíche Nollag agus fágtar ann go maidin í chun solas a thabhairt don Mhaighdean Mhuire a bhíonn ag dul thart an oíche sin. Bíonn ár sáith le n-ithe againn Oíche Nollag. Seo nós atá acu in áiteanna.  Is é an duine is óige sa teach a lasann an coinneal. Bíonn trí Aifreann againn lá Nollag. Oíche Nollag is ceart do gach duine a bheith ina dteach féin, agus is ceart a sáith uisce a bheith in sna tithe roimh ré mar bíonn fíon in san tobar roimh mheán oíche. Oíche Nollag crochaim mo stoca ar an mballa in aice leis an tine le súil go dtiocfadh San Nioclás. Nuair a éirím maidin lae Nollag bíonn go leor rudaí deasa in san stoca.   Bhí stocaí Nollag, uaireadóir agus bábóg i mo stoca maidin Nollag anuraidh.

  • Nasc chuig an leagan bunaidh

Gníomhaíocht 4 – Deis Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén dáta a thosaíonn agus a chríochnaíonn an Nollaig?
  2. Cén t-ainm atá ar an lá a thiteann ar an 31 Nollaig?
  3. Conas a d’ullmhaigh na daoine seo don Nollaig?
  4. Meas tú céard a cheannaigh siad sa Bhaile Mór?
  5. Cén fáth a mbíodh coinneal ar lasadh san fhuinneog?
  6. Cé a lasadh an choinneal?
  7. Céard a bhí i stoca an duine seo anuraidh?
  8. An bhfuil mórán difríochtaí idir an Nollaig a bhí ag an duine sa scéal seo agus an Nollaig a bhí agat féin anuraidh?
  9. Cén chanúint atá sa chuntas seo. Tabhair sampla den chanúint sin agus scríobh an focal/frása sin i gcanúint eile.

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal a mhair i dtír éigin eile agus faigh cuntas uathu faoin Nollaig a bhíodh agus iad thar lear.

Spreagcheisteanna:

Cad iad na nósanna atá acu ann?
Céard iad na príomhdhifríochtaí idir an Nollaig thar lear agus an ceann in Éirinn?
An raibh ullmhúchán faoi leith ag teastáil?
An raibh bia faoi leith luaite leis an Nollaig sa tír eile sin?

Gníomhaíocht 7 – Taighde sa Phobal Teanga 2

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal maidir leis na nósanna a bhain leis an Nollaig san am a chuaigh thart.

Spreagcheisteanna:

Cén bia a bhíodh agaibh?
Cad iad na nósanna a bhain leis na laethanta éagsúla?
Ar thaitin an nós sin leat? Cén fáth?
An bhfuil mórán athruithe tagtha ar na nósanna seo i gcaitheamh na mblianta?

Gníomhaíocht 8 –Taighde ar Líne:

  • Téigh chuid dúchas.ie agus déan iarracht teacht ar scéalta/cuntais faoin Nollaig i do cheantar.
  • Is féidir cur i láthair powerpoint/keynote a chur le chéile leis an eolas a chur os comhair an ranga.

Gníomhaíocht 9 –Téigh i mBun Pinn – Punann:

  • Is blagadóir thú. Scríobh blag faoin Nollaig i do theach agus do cheantar féin.

Spreagcheisteanna:

Céard iad na nósanna a bhíonn agaibh féin agus an pobal áitiúil?
An ndéanann sibh aon rud difriúil?
Céard a tharlaíonn Oíche Chinn Bhliana?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna/focail sa téacs a úsáid.
  • Féach ar chuntais dhaoine eile agus cuir ceisteanna orthu fúthu.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

Gníomhaíocht 10 – Naisc ábhartha eile:

  • Seo nasc chuig alt ar tuairisc.ie faoi na bronntanais is fearr don Nollaig. Déan é a léamh agus fág trácht. Déan tráchtanna daoine eile a léamh agus tabhair freagraí.
  • Alt faoin Nollaig ar an iris Meon Eile
  • Déan comparáid idir ábhar an n-alt seo agus an t-alt ar dúchas.ie. Céard iad na príomhdhifríochtaí idir an Nollaig atá ann anois agus an Nollaig san am a caitheadh?
  • Seo alt faoi chúrsa Gaeilge is féidir le duine a dhéanamh mar dhea-rún na bliana nua. Scríobh comhrá a bheadh agat le cara leat faoi na dea-rúin a bhí agat féin anuraidh agus conas a d’éirigh leat.

Gníomhaíocht 11 –Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh ar https://create.kahoot.it/login

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Dhá Lá Dhéag na Nollag'