LITRÍOCHT BHÉIL: An Mhaighdean Mhara

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: An Mhaighdean Mhara

Gníomhaíocht 1: Athscríobh:

  • Téigh chuig an leathanach seo ar dúchas.ie. 
  • Ag obair le do pháirtí déan an scéal atá ansin a athscríobh i nGaeilge an lae inniu.

Gníomhaíocht 2 – Éisteacht:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.

Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

  • Seo an leagan tras-scríofa don scéal.
  • Léigh an chéad leath den scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht.

An Mhaighdean Mhara

Scéal é seo a scríobh leanbh scoile. Chuala sé ag a athair, Muiris Ó Conchubhair é. Tá Clochar in iarthar Chontae Chiarraí. Deirtear gur fíor an scéal é agus creideann daoine fós go bhfuil an mhaighdean mhara seo ag tabhairt cuaird ar an dtráigh. Cónaíonn Muiris Ó Conchubhair ins an Oileán Tiar agus tá sé timpeall cúig mbliana is trí fichid d’aois.

Sa tseanaimsir bhí fear ina chónaí i gClochar i dtigh beag cois imeall na trá. Lá amháin chuaigh sé síos ar an dtráigh. Do chonaic sé bean álainn ina suí ar charraig agus í ag cíoradh a cuid gruaige. Do bhí drom na mná leis an bhfear agus taobh thiar dá drom bhí brat álainn de shíoda buailte ar chloch.
D’éalaigh an fear síos agus do ghoid sé an brat agus siúd abhaile é. Do lean an bhean é agus dúirt leis “tabhair dom mo bhrat go raghad abhaile”. Ach ní thabharfadh an fear an brat di. Chuaigh sí go tigh an fhir agus chuir seisean an brat i bhfolach. Ní raibh aon dul ar imeacht aici gan an brat. Phós an fear í agus mhaireadar go sásta ar feadh tamaill. Bhí ceathrar clainne acu.

Lá amháin bhí an fear ag obair sa ghort. Dhearmad sé rud éigin a bhí sa chomhra ina raibh an brat fé ghlas aige. Chuaigh sé abhaile ar a lorg agus níor dhein sé puinn moille. Leis an bhfothragadh a bhí air d’fhág sé an brat ar an dtalamh. Chomh luath is a chonaic an bhean an brat siúd léi faoina déin agus sciob sí léi é. Phóg sí a ceathrar leanbh agus dúirt lena fear aire mhaith a thabhairt dóibh mar go raibh sí féin ag dul go dtína muintir. Bhí an fear ag impí uirthi fanacht, ach níorbh aon mhaith dhó a bheith léi. Síos chun na trá léi go scléipeach agus d’imigh ó amharc i measc na dtonnta gorma. Chaith an fear dul abhaile go briseadh-chroidheach agus aire a thabhairt dá cheathrar leanbh. Níor fhill an bhean in aon chor chuige, cé go raibh a shúil in airde léi gach lá.

Gníomhaíocht 4 – Deis Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén bhaint atá ag Muiris Ó Conchubhair leis an scéal?
  2. Cad a cheapann daoine den scéal seo?
  3. Tabhair cuntas gairid ar an méid a tharla an chéad lá ar an trá?
  4. Cén fáth a ndeachaigh an fear ar ais chuig an teach?
  5. Cé mhéad clainne a bhí acu?
  6. Cén chanúint atá sa téacs seo? Tabhair samplaí.
  7. Cén fáth, dar leat, ar imigh an mhaighdean mhara léi ag deireadh an scéil?

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh cuntas uathu faoi scéal béaloidis/seanchas a bhaineann leis an bhfarraige/an uisce.

Spreagcheisteanna:

Cad iad sonraí an scéil?
An bhfuil teachtaireacht/ceacht éigin le fáil sa chuntas?
Ar chreid daoine an scéal/cuntas seo?
An bhfuil an scéal/cuntas seo ar eolas go forleathan sa cheantar inniu?

  • Is féidir an t-ábhar atá bailithe agat a chur os comhair an ranga le cur i láthair powerpoint/keynote.

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig logainm.ie agus faigh a thuilleadh eolais faoi logainm atá luaite sa scéal. An bhfuil aon logainm cosúil leis i do cheantar féin?
  • Téigh chuid dúchas.ie agus déan iarracht teacht ar scéalta/cuntais eile faoi mhaighdeana mara nó murúcha.

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn

  • I ngrúpaí ceathrair, déanaigí iarracht script a scríobh do sceitse/dráma gearr (5 nóiméad) a bheidh bunaithe ar an scéal seo.
  • Is féidir an leagan seo den scéal a úsáid nó leagan eile a fuair sibh ar dúchas.ie.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna/focail sa téacs a úsáid.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Cuimhnigh ar na nithe seo a leanas:

na carachtair éagsúla (cinn nua a chumadh, fiú)
an bhfuil gá le tráchtaire?
cuimhnigh ar na suíomhanna agus na radharcanna éagsúla
cuimhnigh ar phrapaí simplí (ón scoil nó ón mbaile) a d’fhéadfaí a úsáid
bris an scéal ina thrí chuid (tús, lár, deireadh) agus cuir comhrá/focail leis na heachtraí – cuimhnigh nach gá go mbeadh sé an-fhada

  • Bíodh ról ag gach duine (scríbhneoir, stiúrthóir, aisteoir srl.)
  • Déan an sceitse a chleachtadh cúpla uair.
  • Beidh sibh in ann an saothar a léiriú os comhair an ranga.

Gníomhaíocht 9 – Naisc ábhartha eile:

  • Seo scéal eile faoi mhaighdean mhara.
  • Léigh an dán ‘Piseoga’ atá ar fáil ar leathanach 292 den téacsleabhar Dúchas atá ar fáil ag an nasc seo.

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: An Mhaighdean Mhara'