Litreacha, leabhair agus cáipéisí eile de chuid Dhubhghlais de hÍde le cur ar ceant i mBaile Átha Cliath

I measc na míreanna a chuirfidh an comhlacht Fonsie Mealy ar ceant ag deireadh na míosa tá litir ó de hÍde go Colm Ó Gaora, leabhair shínithe dá chuid, agus pictiúr de chéad Uachtarán na hÉireann agus pearóid ar a ghualainn

Litreacha, leabhair agus cáipéisí eile de chuid Dhubhghlais de hÍde le cur ar ceant i mBaile Átha Cliath

Tá litir ó Dhubhghlas de hÍde chuig Colm Ó Gaora as Conamara maidir le leabhar Gaeilge a bhí idir lámha ag an iarÓglach le cur ar ceant i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa. Scríobhadh an litir áirithe seo i 1928 — naoi mbliana sular foilsíodh Obair is Luadhainn, saoghal na Gaeltachta leis an nGaorach.

Tá go leor cáipéisí, leabhair agus ábhar eile, i mBéarla agus i nGaeilge, a bhaineann le Dubghlas de hÍde le cur ar ceant i mBaile Átha Cliath ar an 30 Bealtaine.

Cuirfidh na ceantálaithe Fonsie Mealy, atá lonnaithe i gCill Chainnigh, 25 mír a bhaineann le bunaitheoir Chonradh na Gaeilge agus chéad Uachtarán Éireann, Dubhghlas de hÍde, ar ceant in Óstán Thúr Teamhrach i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa.

I measc na míreanna a bheidh á ndíol beidh bailiúcháin a chuir an Craoibhín Aoibhinn i dtoll a chéile, leithéidí Amhráin Chúige Chonnacht, Amhráin atá Leagtha ar an Reachtaire, Beside the Fire — a Collection of Gaelic Folk Stories, agus The Three Sorrows of Story-telling agus Ballads of St Columkille.

Cuirfear cóip shínithe den leabhrán The Children of Lir ar chuir de hÍde a ainm leis agus é ina Uachtarán ar Éirinn i 1942. Scríofa taobh istigh den chóip seo tá “Ó Dhubhghlas de h-Íde, President of Ireland, Nodlaig 1942”.

Tá cóip den leabhar Ubhla [Úlla] den Chraoibh atá tiomnaithe do Neilí Ní Bhriain ag ‘An Craoibhín’ i measc na míreanna freisin. Tá nótaí agus ceartúcháin a rinne de hÍde féin le feiceáil ar leathanaigh an leabhair seo.

Táthar ag súil le suas le €500 ar litir a chuir an file mór le rá WB Yeats ag ‘My dear Hyde’ nuair a bhí sé ag fanacht in Óstán Nassau s sa bhliain 1904. Baineann an litir leis an bpaitinn ar an amharclann nua a bhí le hoscailt — Amharclann na Mainistreach.

“If the other theatres got wind of it they would spend any amount of money to thwart us,” a scríobh Yeats.

Tá ábhar eile nár scríobh an Craoibhín Aoibhinn féin ach a chnuasaigh sé mar chuid dá bhailiúchán pearsanta féin, ina measc lámhscríbhinní ó cheantair éagsúla timpeall na hÉireann a bhaineann le seanfhocail Ghaeilge agus a cuireadh isteach chuig comórtas de chuid Oireachtas na Gaeilge. Meastar go raibh de hÍde ina mholtóir don chomórtas áirithe sin.

Tá albam grianghraf le cur ar ceant freisin in Óstán Thúr Teamhrach freisin, ina bhfuil íomhánna de Dhubhghlas de hÍde, a bhean Lucy Kurtz agus a n-iníon ar muin chapaill i gCill Airne in 1914. Tá pictiúr eile sa bhailiúchán de de hÍde agus é gléasta go slachtmhar agus pearóid ar a ghualainn aige.

Tá litreacha eile fós ann ó láimh an tSeabhaic (Pádraig Ó Siochfhradha) a bhaineann le gradam poiblí a bhí le bronnadh ar an gCraoibhín, agus ó Thomás Ó Máille i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (OÉ Gaillimh sa lá atá inniu ann) a bhaineann le háit na Gaeilge sa státseirbhís.

Táthar ag súil le idir €150 agus €800 an ceann ar na míreanna éagsúla a bheidh ar ceant.

Fág freagra ar 'Litreacha, leabhair agus cáipéisí eile de chuid Dhubhghlais de hÍde le cur ar ceant i mBaile Átha Cliath'