LITIR ÓN SPÁINN: Leigheas ar an éadóchas ag cuairt ar an dochtúir in Andalusia

Bhí cloigeann ár gcolúnaí fós lán le drochscéalta ón mbaile agus ní mórán dóchais a bhí aici go bhfaigheadh sú ceart ó sheirbhís leighis na Spáinne…

LITIR ÓN SPÁINN: Leigheas ar an éadóchas ag cuairt ar an dochtúir in Andalusia

Nach mé a bhí ‘happy’ beag agus mé ar mo bhealach chun na Spáinne don Nollaig. Ar thóir na gréine agus ag fágáil drochscéalta faoin bhfliú, faoi scuainí fada sna hospidéil agus faoi sheomraí feithimh plódaithe, in mo dhiaidh ag baile.

Ach thaistil na frídíní in éineacht liom. Insíonn na grianghraif an scéal. Amuigh faoin ngrian an chéad dhá lá, ag snámh sa bhfarraige Lá Nollag, ag ithe béilí taobh amuigh, ag siúl faoi na soilse áille i lár Malaga.

Ach stopann na pictiúir go tobann. Níl aon fhianaise ina dhiaidh sin go raibh aon leas á bhaint as an tsaoire.

Ar deireadh, agus gan ach seans beag fágtha freastal ar dhochtúir nó ar sheirbhís leighis de chineál ar bith, sula ndúnfaí na doirse d’Oíche Chinn Bliana agus Lá Caille, ghéill mé do na fíricí.

Bhí mo chloigeann fós lán le drochscéalta ón mbaile agus ní mórán dóchais a bhí agam go bhfaigheadh mé ceart ó sheirbhís leighis ar bith. Chuaigh mé i mbun staidéir ghrinn ar an idirlíon.

Chuir sé ionadh mór orm nuair a d’aimsigh mé ‘clinic sláinte’ i bhfoisceacht cúpla céad méadar dom. Ach, cinnte ní bheadh sé oscailte, ní ligfidís isteach mé, bhí sé ró-dheireanach….taistealaíonn meon an éadóchais leat ón mbaile freisin.

Agus mo chárta beag EHIC in mo ghlac agam, shiúil mé síos ag an gclinic. Shíl mé cinnte, fiú dá mbeadh sé ar oscailt, agus gan coinne agam, go gcuirfí ó dhoras mé – ‘Ní as an Spáinn thú? Gread leat!’

Ach an t-aon bhotún a rinne mé ná gan mo phas Éireannach a thabhairt liom. Chuir mé mo leathbhádóir ar ais chuig an árasán lena bhailiú. An chuid eile den phróiseas? D’oibrigh sé thar cionn.

Cúpla foirm le líonadh leis an bhfear taobh thiar den chuntar ag an doras tosaigh, an pas a fháil ón óstán agus a thabhairt dó le cóipeáil – agus tugadh píosa páipéir dom le tabhairt don dochtúir.

Bhí mé i scuaine de bheirt.

Agus bhí sé saor in aisce.

Anois, chabhródh sé go mór dá mbeadh roinnt Spáinnise agam – ní raibh agam ach an leathanach a fuair mé ón gcúrsa Spáinnise sa leabharlann sa mbaile:

– ‘tá casacht orm’ , ‘níl fiabhras orm ‘etc – rudaí a bhí úsáideach go maith, ach bhí siad teoranta.

Ní hé amháin go bhfuair mé coinne le dochtúir ach nuair a chuaigh mé chuig an bpoitigéir tamall ina dhiaidh sin, ní raibh le n-íoc agam ach suim shuarach cúig euro – cineál táille bheag chun nach mbeadh tú ag fáil gach rud saor in aisce.

Chroch mé bileoigín liom as an gclinic a d’inis níos mó dom faoin gcóras. Is cuid de chóras sláinte na Spáinne iad na clinicí agus reáchtáiltear na cinn in Andalusia faoi smacht an rialtais áitiúil ansin. B’fhéidir go bhfuil difríochtaí sa mbealach a n-oibríonn siad ag brath ar an gceantar ina bhfuil duine. Ach tríd is tríd, tá córas poiblí sláinte éifeachtach acu a mbaineann an pobal agus lucht an Chomhphobail Eorpaigh ar fad leas as. Agus íocann an cáiníocóir as. Ní thógann ach thart ar 20% den phobal árachas príobháideach sláinte amach.

Bhí suas le 24 dochtúir agus comhairleoir ag feidhmiú i seomraí comhairleacha éagsúla sa gclinic. Freastalaíonn siad ar phobal 35,000 duine sa gceantar máguaird.

B’fhacthas dom nach raibh aon duine ag fanacht rófhada nó go bhfeicfeadh dochtúir iad. An fhad is a bhí mise ag fanacht ar mo phas, a bhí ag teacht ón óstán, ghlan an scuaine ag an deasc fáiltithe cúpla babhta.

Bhí mé sásta liom féin go ndearna mé athnuachan ar an gcárta EHIC sular thaistil mé.

Nach iomaí sin buntáiste atá le baint as a bheith i do bhall den Chomhphobal?

An oíche sin chasamar le beirt as an Ríocht Aontaithe a bhí ag fanacht san áit chéanna linn féin.

Ba é seo an chéad uair nár ghlacadar ‘pacáiste saoire’ agus chuadar i muinín an idirlín agus fuaireadar an t-árasán iad féin. Ach bhrath siad go raibh an baile beag ina rabhamar ródhifriúil leis na háiteacha go raibh taithí acu orthu. Ró-Spáinneach, b’fhéidir?

An iomarca éisc, gan mórán le déanamh ach siúl, gan aon amharc ar shiopa kebab, ná siopa burgar…

Rinneamar beagán comhrá lena chéile.  Bhí cuma sórt ‘caillte’ orthu.

Lánúin as Halifax, in Yorkshire Shasana a bhí iontu agus ba é seo an chéad uair le 12 bliain go bhfuair sise an Nollaig saor ón obair.

Cócaire i dTeach Altranais a bhí inti. Bhí dúil mhór aici sna kebabs, a dúirt sí. Ach chinn sé uirthi aon cheann a aimsiú sna sráideanna mórthimpeall. Níor chuir sin aon iontas orainne – ní fhaca mé turcaí in aon ollmhargadh ach an oiread. Siopaí éisc den chuid is mó atá sna bólaí seo.

Bhí trua agam don bheirt acu. An chéad saoire Nollag thar lear agus ba i dtír mhór ‘strainséartha’ na Spáinne a leaindeáil siad.

‘Agus cé a bhuaigh an suíochán parlaiminte in bhur gceantar vótála in Yorkshore?’ a d’fhiafraigh muid díobh (ag ceapadh, b’fhéidir gur athraigh siad a gcuid dílseachta ón Lucht Oibre go dtí na Coimeádaigh).

‘Ó níor vótáil muide,’ dúirt an bheirt acu, le chéile. Bhíodar tuirseach den tsíor-argóint agus an síorphlé, agus níor bhac siad leis an olltoghchán.

‘Ní insíonn polaiteoirí ach bréaga,’ an focal deireanach uathu.

Bhí mé ag smaoineamh orthu agus mé ag fáil mo chúram sláinte saor in aisce, agus mé ag brostú tríd an scuaine do ‘Pas EU’, san aerfort.

Agus bhí mé ag meabhrú dom féin nach é an kebab an t-aon rud a bheadh in easnamh ar mo chairde ó Halifax má thaistealaíonn siad go dtí an Eoraip an Nollaig seo chugainn.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN SPÁINN: Leigheas ar an éadóchas ag cuairt ar an dochtúir in Andalusia'

  • Liam Mac Lochlainn

    ‘Bhí mé i scuaine de bheirt …Ní raibh le híoc agam ach suim shuarach cúig euro…Ní thógann ach 20% den phobal árachas príomhaideach sláinte amach.’ Idir an dá linn ar ais in Éirinn…