LITIR ÓN SPÁINN: B’iad na Géanna Fiáine teifigh a linne…

Is iontach an rud é go bhfáiltítear fós roimh theifigh sa Spáinn, ‘The most welcoming country in Europe for migrants’

Bhí mé ag breathnú amach ó chósta na Spáinne, gar do Cadiz. Ní raibh mórán le feiceáil. Corrbhád iascaigh agus longa móra lasta anois is arís. Ní raibh aon fhianaise ann go dtagann na mílte teifeach isteach ar an gcósta anseo chuile bhliain.

Dhírigh mé mo shúile ar bhun na spéire ach bhí cósta thuaidh na hAfraice –Maracó – rófhada uaim lena dhéanamh amach. Smaoinigh mé ar na báid bheaga aeir a úsáideann na teifigh ar a n-aistear contúirteach. Ní ghabhfainn amach ar thuras spraoi iontu ar an bpíosa seo farraige.

Ach is ar an Spáinn atá go leor acu ag triall anois, agus tíortha eile na hEorpa ag dúnadh na ngeataí orthu.

‘The most welcoming country in Europe for migrants,’ a thug an Washington Post ar an Spáinn i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Ach fós féin, tá an turas farraige sin thar a bheith contúirteach. Faoi Dheireadh Fómhair bhí os cionn 600 básaithe agus i mí na Samhna, bádh 24 duine amach ó chathair Cadiz. Leaid óg amháin a sábháladh as bád beag aeir a d’fhág Tangier i Maracó. Ag an bpointe is gaire idir an dá thír, níl ach 14 ciliméadar farraige idir mór-roinn na hEorpa agus an Afraic.

Ní chloistear an oiread sin faoin Spáinn agus teifigh. Go dtí le gairid ar aon nós, bhí pobal na Spáinne an-tuisceanach faoin gceist. De réir suirbhé amháin a deineadh, bhí 86% den phobal i bhfabhar daoine a ligean isteach – má bhíodar ag teitheadh ó chogaíocht nó ó fhoréigean.

Agus mé ag siúl thart ar chathair ársa Cadiz, thosaigh mé ag smaoineamh ar dhream eile teifeach a tháinig an treo seo agus ar cuireadh na mílte fáilte rompu. Feiceann tú corr-ainm Éireannach anseo is ansiúd ar shráideanna agus in áiteacha poiblí na Spáinne – Calle O’Donnell i Maidrid, mar shampla.

Ach ba ar O’Donnell eile a dhírigh mé m’aird i músaem chathair Cadiz. Chuaigh muintir Pedro Alonso de O’Crowley O’Donnell ar imirce san 18ú haois. Cuireadh oideachas ar Pedro sa bhFrainc. Ina dhiaidh sin bhain sé cáil amach mar thaistealaí agus mar bhailitheoir ealaíne agus seaniarsmaí – go háirithe sa domhan nua, Cailifornia agus Meicsiceo.

Ba léir nach raibh a mhuintir ar an ngannchuid nuair a d’fhágadar Éire – dream ar leith iad an lucht gnó, aicme an rachmais, a d’fhág Éire nuair ba léir nach mbeadh rath ar a gcuid oibre anseo.

Dream eile ar fad ab ea na saighdiúirí agus sliocht na saighdiúirí a throid ar son an Rí Séamus a Dó. Portráid eile sa Mhúsaem a thug an ‘teitheadh’ sin chun cuimhne. Ba léir go raibh an-ómós ag muintir Cadiz don Condé Alejandro O’Reilly, fear a bhí ina ghobharnóir ar Cadiz tráth agus a rialaigh ceantar na hAndalúise féin chomh maith.

Ach ba mar oifigeach airm a bhain Alejandro O’Reilly cáil amach agus a fuair buíochas saoil ó Rí na Spáinne.

 

Sa mBaile Trasna i gcontae na Mí a rugadh é i 1735. Bhí cúrsaí míleata sa bhfuil aige. Throid a sheanathair in airm an Rí Séamus a Dó agus níorbh aon iontas é nuair a liostáil Alejandro mar ‘dhalta’ in arm na Spáinne agus gan é ach 11 bliain. Throid sé san Iodáil i gcoinne na hOstaire. Throid sé sa Phortaingéil agus chaith sé sealanna i gCúba, in Louisiana agus i bPórtó Ríce.

Bhí an-scil aige maidir le conas cúrsaí míleata a fheabhsú, go háirithe cúrsaí smachta san arm. Agus bhí suim ar leith aige i gcúrsaí cosanta cathrach- rud a chuir sé i bhfeidhm go láidir ar Havana nuair a chaith sé tamall i gCúba.

Fuair sé an leasainm ‘O’Reilly Fuilteach’ de barr chomh crua is a bhí sé ar cheannairí an Éirí Amach a chuir sé faoi chois in Louisiana.

Bhí sé bacach de bharr a ghonta agus é ina shaighdiúir óg ag troid i gcoinne na hOstaire, san Iodáil. Bhí sé ina luí ar feadh na hoíche i measc na gcorpán ar pháirc an áir. Nuair a tugadh faoi deara go raibh sé fós beo, agus iad ar tí é a mharú, chuir sé ina luí orthu gur chóir é a thabhairt os comhair oifigeach níos airde. Agus cé a bheadh roimhe ansin ach Éireannach eile, Browne, fear a bhain cáil amach dó féin in arm na hOstaire.

Chuir sé cóir leighis ar O’Reilly agus chuir ar ais chuig na Spáinnigh é ach bhí sé bacach ina dhiaidh sin.

Nuair a chuaigh rudaí ina choinne, chuir na Spáinnigh an locht ar a chos bhacach – bhí mí-ádh ag baint léi, dar leosan.

Theip air ag ócáid mhór cháiliúil amháin – ionsaí ar chathair Algiers. Maraíodh na mílte Spáinneach a bhí faoina cheannas agus bhain sé míchlú amach de bharr na heachtra. Ach bhí an Rí fós buíoch de, de bharr an méid a bhí bainte amach aige thar lear. Cuireadh i gceannas ar chathair Cadiz é agus chuir sé go leor feabhsúchán ar siúl sa chathair sin.

Ag siúl thart ar an gcathair sa lá atá inniu ann, tuigtear duit cé chomh daingean is atá na ballaí cosanta fós agus cé chomh slachtmhar is atá na sráideanna. A bhuíochas sin cuid mhaith d’fhear Bhaile Trasna.

Agus mé ag féachaint amach ó na ballaí láidre cloiche, smaoiním arís ar na teifigh a bhíonn ag iarraidh imeacht ó bheith á mbrú faoi chois sa mbaile – mar a bhí ár sinsir sa 17ú agus 18ú haois agus ina dhiaidh. Agus nach iontach an rud é go bhfáiltítear fós rompu sa chuid seo den Eoraip?

Fág freagra ar 'LITIR ÓN SPÁINN: B’iad na Géanna Fiáine teifigh a linne…'

  • Brenda Ní Chatháin

    Mairéad, a dhuine uasal,
    Ba mhaith liom scríobh as Gaeilge ach ní féidir liom. Tá mé i mo chónaí ins an Spáinn caoga bhliain agus tá dearmad déanta agam. Tá mé an-brónach…
    Con permiso, I’ll continue ‘as Béarla’.
    I think that I understood most of your interesting article. I was a fluent speaker as a child, having been educated through Irish. Unfortunately, I have forgotten most of my native language.

    I knew of the Irish connections you mentioned and, indeed, there are many more. Hundreds, if not thousands, of Irish men and women emigrated to Spain, for one reason or another, and, generally speaking, were treated with respect.

    There have been many important historical links between our two countries, not the least being the young men who came to Salamanca, Sevilla or Santiago to prepare for the priesthood, when this was impossible under the English crown.

    Go raibh maith agat don Litir ón Spáinn. Tá sé go h-íontach.

    Beannachtaí ó chósta thoir na Spáinne.