LITIR ÓN RÓIMH: Bernini, an ‘buttonhole’ agus an dá Chairdinéal

Thug ár gcolúnaí turas timpeall ar an nGailearaí Borghese, ceann de na dánlanna is mó cáil sa Róimh

LITIR ÓN RÓIMH: Bernini, an ‘buttonhole’ agus an dá Chairdinéal

‘Féach ar an bpoll cnaipe sin! Tá sé ar fheabhas!’

Bhí cnaipe amháin beagnach scaoilte agus an poll cnaipe féin leathdhúnta. Bhí clóca beag le cnaipí timpeall ar a ghuaillí ag an gCairdinéal agus é mar a bheadh sé beo beathach os ár gcomhair amach.

Bhí an Cairdinéal áirithe seo múnlaithe as marmar ag an sárealaíontóir Gian Lorenzo Bernini.

Agus céard é seo –  lena thaobh, mar a bheadh samhail i scáthán – an dara dealbh den Chairdinéal céanna? Nárbh é a bhí lán de féin?

Ar saoire cúpla lá sa Róimh a bhíos in éineacht le scata deirfiúracha. Ba mhúinteoir eacnamaíocht bhaile, tráth den saol duine acu. Sin an fáth gur aithin sise an poll cnaipe cumasach, bíodh sé déanta as marmar nó ná bíodh.

Bhíomar ag déanamh turas timpeall ar an nGailearaí Borghese, ceann de na dánlanna is mó cáil sa Róimh. Ba bheag nár chlis ar an iarracht an mhaidin chéanna nuair a d’fhógair an Roinn Ealaíon san Iodáil go mbeadh seachtain chultúir ann. Agus ar an bpointe – gan aon choinne, ghearradar siar ar an líon ticéad a tugadh amach do thurasóirí.

Cé gur chuir mé in áirithe iad i mí Eanáir seo caite, ní raibh aon mhaith ann. Cuireadh ar ceal iad. Bhí lánúin as an Astráil ann, a chuir in áirithe i mí an Mheithimh 2018 iad agus bhíodar sa riocht céanna.

Le scéal fada a dhéanamh gearr, tar éis go leor cur is cúitimh, thángthas ar thrí thicéad don chéad seisiún eile (caithfidh tú tréimhse ama ar leith – dhá uair an chloig – a roghnú le dul isteach).

Agus tar éis lóin sa ngailearaí, isteach linn.

Bailiúchán ealaíne ar leith atá sa ngailearaí seo. Deirtear gurb é an bailiúchán is fearr in aon áit amháin é d’ealaíon na hAthbheochana, an ‘Baroque’ agus na sean-Róimhe féin. Nuair a thugann tú cuairt ar an mBorghese, tugtar léargas duit ar shaol daoine ar leith ón 17ú haois – daoine amhail an dealbhadóir, ealaíontóir agus ailtire Gian Lorenzo Bernini, an t-ealaíontóir Caravaggio (sé phictiúr leis in aon seomra amháin) agus an Cairdinéal féin – Scipione Borghese.

Cladhaire ceart a bhí ann, de réir dealraimh. Bhí sé saibhir, bhí sé mór leis na daoine cearta (nia leis an bPápa Pól a Cúig a bhí ann) agus ní raibh scáth ná faitíos air saothair ealaíne a ghoid nó a fháil ar bhealaí nach raibh iomlán dleathach.

Ach féach, seo an 17ú haois agus mura raibh Pápa nó dhó sa chlann agat, níorbh fhiú tráithnín tú.

Chomh maith le bheith ina nia ag an bPápa, bhí an Cairdinéal ina aire airgeadais aige freisin. Éinne nár íoc a gcuid cánacha – scuabadh a gcuid saothar ealaíne isteach i mbailiúchán cáiliúil an chairdinéil.

Is ann atá cuid de na dealbha is mó cáil a rinne Bernini. Tá sé rídheacair a dhéanamh amach cén chaoi an raibh sé in ann na míorúiltí marmair a chruthaigh sé, a thabhairt ar an saol. Deirtear gur thug sé ‘mothúcháin, gluaiseacht agus drámaíocht’ isteach sa dealbhadóireacht. Má fhéachann tú ar an dealbh ‘Éigniú Proserpina’ agus an chaoi a bhfuil na méaracha ag brú ar cheathrú na mná – thabharfá an leabhar gur cois dhaonna atá os do chomhair amach.

Mhair Bernini ó 1598 go dtí 1680 agus deirtear go raibh sé i mbun oibre ar feadh 70 bliain. D’fhéadfaí é sin a chreidiúint toisc go bhfuil saothar leis sa mBorghese a rinne sé agus gan é ach sna luathfhichidí.

Tá toradh a chuid oibre agus a chuid samhlaíochta le feiceáil thart timpeall na Róimhe, in Basilica Naomh Peadar, i séipéil éagsúla eile, amuigh ar an tsráid agus taobh istigh. Taobh amuigh de Shéipéal Naomh Agnes, ar an Piazza Navona, tá a shaothar ‘Fuarán na gCeithre Abhainn’ le feiceáil. Is minic turasóirí ag glacadh féiníní os a chomhair amach.

Toisc go raibh suim aige sa gcomhthéacs ina dtaispeánfaí a chuid oibre, chuir sé suim freisin san ailtireacht.

Idir 1658 agus 1670 tógadh an séipéal beag ‘Sant’Andrea al Quirinale’. Sárphíosa ailtireachta le Bernini atá ann – shiúlfá thairis mura mbeadh a fhios agat céard atá taobh istigh. Tá cuma ubhchruthach air toisc go raibh spás gann ar an suíomh cúng. Ón altóir dhrámatúil go dtí an cruinneachán ard maorga, tá gach rud maisithe lena dhealbhóireacht. Tá saothar agus lámh Bhernini le sonrú ar gach taobh.

D’oibrigh sé le linn réimeas ochtar Pápaí éagsúla. Ach ba é an cleasaí, an Cairdinéal Scipione Borghese a thug an saothar is fearr dá chuid le chéile in aon áit amháin.

Agus an dá dhealbh sin den chairdinéal céanna agus é feistithe ina chlóca leis na cnaipí, atá ar taispeáint in aice a chéile? Sin cineál cluiche- ‘Aimsigh an difríocht!’

Is cosúil go raibh an dealbh críochnaithe ag Bernini agus bhí na allustratori ag cur snas air nuair a thug siad faoi deara go raibh scoilt ag teacht chun cinn sa mharmar ina éadan.

Ní dhéanfadh sé seo cúis. Cuireadh fios ar an dealbhadóir cáiliúil agus rinne sé dealbh eile ar an bpointe. Deirtear nár thóg sé ach trí lá air lena chur i gcrích. Is deacair é sin a chreidiúint ach d’fhéadfadh finscéal ar bith faoin bhfear céanna a bheith fíor.

Níor tugadh an ceann lochtach don chairdinéal go ceann tamaill ina dhiaidh sin ach thaitin sé chomh mór sin leis gur chuir sé ar taispeáint é freisin, le taobh an chinn nua. Níl an poll cnaipe chomh suntasach sa gcéad cheann. B’fhéidir go raibh oiread sin fuadair faoi nach raibh an t-am aige na cnaipí a dhúnadh i gceart ar an dara dealbh.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN RÓIMH: Bernini, an ‘buttonhole’ agus an dá Chairdinéal'

  • Joe Ó Ceallaigh

    Alt iontach taitneamhach. Go raibh míle maith agat!