Litir ó John Allen – A Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, a chara…

Níl aon fhás ag teacht ar an iománaíocht agus ní thiocfaidh aon fhás uirthi cheal athrú córais...

Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaíl. INPHO/Donall Farmer
Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaíl. INPHO/Donall Farmer

Tá súil agam go bhfuil tú ag baint taitnimh as do thréimhse mar cheannaire ar ár gcumann ársa Gaelach. Is mór an onóir a bheith mar cheannaire ar eagraíocht atá ag fás bliain i ndiaidh bliana. Nó b’fhéidir gur cheart dom a rá, cumann a bhfuil cuid de ag fás bliain i ndiaidh bliana. Faraor, ní dóigh liom go bhfuil aon fhás ag teacht ar an iománaíocht.

Cinnte, tá sí thar a bheith láidir i ndornán contaetha, na contaetha láidre, agus tá sí láidir a dóthain i sé chontae eile. Ach tá sí lag sna contaetha eile agus í beagnach marbh ar fad i gcuid acu.

Léas ag tosach na seachtaine go bhfuil tú sásta leis an gcóras sraithe atá againn agus go bhfuil tú den tuairim go mbainfeadh fadhbanna le haon chóras eile. Deir tú ansin nach raibh an iománaíocht riamh chomh hiomaíoch agus atá sí anois.

Sin do thuairim agus, dar ndóigh, is duine tábhachtach tú san eagraíocht agus glacaim leis gurb í sin an fhírinne mar a fheictear duitse í.

Faraor, nílim ar aon fhocal leat. Níl formhór na mbainisteoirí i roinn 1 A agus B na sraithe ar aon fhocal leat, ná ní dóigh liom go n-aontódh tromlach na n-imreoirí leat.

Cad é an sprioc is tábhachtaí a bhaineann leis na cluichí sraithe? An ann dóibh chun bearna níos mó a chur idir an dream i 1A agus gach contae eile sa chomórtas? Más ea, tá ag éirí go geal leo.

An bhfuil aon fhoireann nua i ndiaidh céim in airde go roinn 1A a thógáil ó cuireadh tús leis an gcóras seo?

An bhfuil aon fhoireann nua i ndiaidh corn na sraithe a bhuachan ó tháinig Allianz isteach mar urraitheoirí in 1985? Tá. Foireann amháin –Baile Átha Cliath.

An bhfuil forbairt fhiúntach déanta ag aon chontae in aon chor ó thosach na mílaoise, na nóchaidí, na n-ochtóidí?.

Ní dóigh liom go bhfuil.

Tá scéal na mbuaiteoirí mar a chéile le scéal na mbuaiteoirí sa chraobhchomórtas – na trí chontae is láidre sa tír (Tiobraid Árann, Cill Chainnigh agus Corcaigh) agus an lámh in uachtar acu i gcónaí.

Scríobhas an tseachtain seo caite go bhfuil mórán atá lochtach ag baint leis an tsraith iománaíochta mar a ritear í faoi láthair. Aontaím leat go mbeadh a lochtanna féin ag baint le haon chóras eile mar go bhfuil bearnaí an-mhór idir na foirne is fearr agus na foirne ‘eile’.

I mo thuairim, tá an córas atá faoi láthair ann lochtach mar go bhfuil sé go hiomlán ar leas na bhfoirne is láidre in 1A. Tá corn Mhic Cárthaigh ann do na foirne is láidre. I gcoitinne, is cuma leis na himreoirí a imríonn i 1A faoi na cluichí sraithe. (Tá a fhios agam nach bhfuil an ráiteas sin 100% fíor ach roghnódh gach imreoir iomána bonn sinsir Uile Éireann thar aon ghradam eile.)

Faoi láthair, tá sé thar a bheith deacair ag na foirne taobh amuigh de 1A aon chéim in airde a thógáil. Tá sé thar a bheith deacair d’aon chontae nua dul chun cinn a dhéanamh mura bhfuil cluichí fiúntacha acu agus seans réasúnta acu ardú céime a bhaint amach.

Tá sibh ag iarraidh scéal ár gcluiche iontach a scaipeadh ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar chóras teilifíse Sky. Is maith san, ach b’fhearr liomsa go scaipfeadh sibh an scéal ag baile agus airgead a chaitheamh i gceart ar an iomáint agus, chomh maith leis sin, éisteacht leis na bainisteoirí agus na himreoirí agus fáil réidh leis an tSraith mar atá.

‘Súil agam go bhfaighidh tú an t-am é seo a léamh. Tá sé tábhachtach go mbeimis ag caint faoi na cúrsaí seo agus go dtriailfí córas eile.

 

Le mórmheas,

                      John Allen

Fág freagra ar 'Litir ó John Allen – A Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, a chara…'